CLUASTUISCINT: Cead Faighte ag Mná Tí na gColáistí Samhraidh Níos Mó Scoláirí a Choinneáil

Éist leis an bpíosa seo as alt ó Tuairisc.ie agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna

  1. Cé mhéad scoláire a bheidh cead ag fir is mná tí a choinneáil as seo amach?
  2. Cén tAire/Roinn a rinne an fógra?
  3. Cén bhaint atá ag 2014 leis an scéal?
  4. Cén fáth a bhfuil an beart nua seo cabhrach?
  5. Cén fáth a luaitear an tsuim airgid €3,168?
  6. Cén t-ardú a tháinig ar an deontas anuraidh?
  7. Déan an abairt thíos a chur san ord ceart:

a dúirt an tAire Stáit O’Donovan. “Is cúis áthais praiticiúil seo a cheadú ar leas na gcoláistí Gaeilge theaghlaigh na scéime agus chóras araon,” dom a bheith ábalta an beart

Gníomhaíocht 2 – Deachtóireacht

  • Éist leis an gcéad trí abairt arís agus déan iarracht na príomhfhocail a scríobh síos.
  • Cuir an méid atá scríofa i gcomparáid leis an méid atá scríofa ag do pháirtí. I mbeirteanna déanaigí iarracht na trí abairt a scríobh.
  • Éist leis na habairtí arís más gá.
  • Beidh sibh in ann an méid atá scríofa agaibh a chur i gcomparáid leis an leagan bunaidh ar ball.

Gníomhaíocht 3 – Aimsigh agus Cuardaigh

  • Éist leis an dá abairt dheireanacha arís.
  • Aimsigh sampla de bhriathar sa mhodh coinníollach agus d’aidiacht.
  • An bhfuil aon fhocal/frása a chuala tú nach dtuigeann tú? Déan iad a chuardach ar focloir.ie agus www.teanglann.ie.

Gníomhaíocht 4 – Cur in ord

  • Seo an chéad phíosa eile den alt.
  • Ag obair le do pháirtí déan iarracht é a chur in ord.
  • Tabhair réasúnaíocht cén fáth a bhfuil siad san ord sin.
  • Beidh sibh in ann an freagra a sheiceáil ar ball.
  1. breise ar fáil, ach cabhróidh sé chomh maith leis na coláistí iad féin.
  2. De thoradh seo beidh tithe agus coláistí araon in ann
  3. Is gá freisin báisín níochán lámh in aghaidh gach seisear a bheith sa teach agus
  4. leithreas agus cithfholcadán do gach deichniúr, muintir an tí san áireamh.
  5. “Ní hamháin go gcuirfidh an t-athrú seo ar chumas tithe cáilithe na scéime breis ioncaim a fháil as a bheith ag cur lóistín
  6. deiseanna breise a chur ar fáil d’aos óg na tíre chun freastal ar chúrsaí Gaeilge i bhfearann dúchais na teanga, an Ghaeltacht – rud a bheidh ar leas na Gaeilge agus na Gaeltachta, ar ndóigh.”
  7. De réir threoirlínte na Roinne, ní foláir do theaghlaigh a chinntiú go bhfuil 8.5 méadar ciúbach spáis urláir in aghaidh an scoláire
  8. ar fáil sna seomraí codlata agus ní féidir níos lú ná beirt ná níos mó ná seisear a bheith in aon seomra faoi leith.

Gníomhaíocht 5 – An leagan bunaidh

  • Seo an nasc chuig an leagan bunaidh.
  • Féachaigí siar ar a bhfuil déanta agaibh i nGníomhaíochtaí 2 agus 4.
  • Déan an t-alt a léamh tú féin. Ansin déanaigí é a léamh os ard i mbeirteanna.

Fág freagra ar 'CLUASTUISCINT: Cead Faighte ag Mná Tí na gColáistí Samhraidh Níos Mó Scoláirí a Choinneáil'