Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna
- Cén fáth ar scríobhadh an t-alt seo?
- Cén bhaint atá ag Conor Kenny leis an scéal?
- Cén fáth a bhfuil díomá air?
- Cén fáth ar díoladh an cnuasach le hOllscoil Princeton?
- Cén fáth a bhfuil an figiúr 500 luaite?
- Céard a bhí le rá ag an urlabhraí ó Ollscoil Princeton?
- Déan an abairt thíos a chur san ord ceart.
chartlann a thabhairt dóibh.Thug muid cuairt chun institiúidí eile blaiseadh den ar na hollscoileanna go léir agus ar
Gníomhaíocht 2 – Deachtóireacht
- Éist leis an gcéad trí abairt arís agus déan iarracht na príomhfhocail a scríobh síos.
- Cuir an méid atá scríofa i gcomparáid leis an méid atá scríofa ag do pháirtí. I mbeirteanna déanaigí iarracht na trí abairt a scríobh.
- Éist leis na habairtí arís más gá.
- Beidh sibh in ann an méid atá scríofa agaibh a chur i gcomparáid leis an leagan bunaidh ar ball.
Gníomhaíocht 3 – Aimsigh agus Cuardaigh
- Éist leis an dá abairt dheireanacha arís.
- Aimsigh sampla d’aidiacht bhriathartha agus d’ainmfhocal san uimhir iolra.
- An bhfuil aon fhocal/frása a chuala tú nach dtuigeann tú? Déan iad a chuardach ar focloir.ie agus www.teanglann.ie.
Gníomhaíocht 4 – Cur in ord
- Seo an chéad phíosa eile den alt.
- Ag obair le do pháirtí déanaigí iarracht é a chur in ord.
- Tabhair réasúnaíocht cén fáth a bhfuil siad san ord sin.
- Beidh sibh in ann an freagra a sheiceáil ar ball.
- luann Kenny ábhar le cuid d’fhilí aitheanta na hÉireann amhail Michael Longley, Medbh McGuckian agus Thomas McCarthy.
- díoladh le hinstitiúidí thar lear le roinnt blianta. Luaigh sé bailiúchán Brendan Behan agus cartlann Joseph O’Connor a díoladh
- “Tagann i bhfad níos mó tairiscintí ó na Stáit Aontaithe. Díolann muid méid áirithe le hinstitiúidí sa tír seo ach nuair a thagann sé chuig na bailiúcháin mhóra ní féidir leo iad a cheannach.
- Deir Conor Kenny go bhfuil bailiúchán Mháire Mhac an tSaoi ar cheann de “go leor bailiúchán luachmhar” a
- le hOllscoil Princeton roimhe seo agus bailiúchán d’ábhar le Nuala Ní Dhomhnaill, duine de mhórfhilí eile
- na Gaeilge, a díoladh le Boston College scór bliain ó shin. I measc na gcartlann tábhachtach eile a díoladh le hollscoileanna thar lear,
- Deir Kenny go mbíonn “suim i bhfad níos mó” ag institiúidí thar lear sna bailiúcháin seo a bhaineann le litríocht na hÉireann.
Gníomhaíocht 5 – An leagan bunaidh
- Seo an nasc chuig an leagan bunaidh.
- Féachaigí siar ar a bhfuil déanta agaibh i nGníomhaíochtaí 2 agus 4.
- Déan an t-alt a léamh tú féin. Ansin déanaigí é a léamh os ard i mbeirteanna.
Fág freagra ar 'CLUASTUISCINT: Cartlann Mháire Mhac an tSaoi Díolta le hOllscoil Princeton mar Nach Raibh aon Institiúid in Éirinn Sásta í a Cheannach'