Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna
- Cén t-ainmniúchán atá faighte ag Paul Mescal?
- Cá raibh sé aréir?
- Cad dúirt sé faoina chuid Gaeilge?
- Cad as dó ó dhúchas?
- Cén bhaint atá ag an scannán Aftersun leis an scéal?
- Cé hé Colm Bairéad?
- Déan an abairt thíos a chur san ord ceart.
Nuair ar mhaith aon amhras air é féin ní raibh ach go mbeadh. a cuireadh ceist ar Phaul Mescal leis aisteoireacht i scannán Gaeilge
Gníomhaíocht 2 – Deachtóireacht
- Éist leis an gcéad trí abairt arís agus déan iarracht na príomhfhocail a scríobh síos.
- Cuir an méid atá scríofa i gcomparáid leis an méid atá scríofa ag do pháirtí. I mbeirteanna déan iarracht na trí abairt a scríobh.
- Éist leis na habairtí arís más gá.
- Beidh sibh in ann an méid atá scríofa agaibh a chur i gcomparáid leis an leagan bunaidh ar ball.
Gníomhaíocht 3 – Aimsigh agus Cuardaigh
- Éist leis an dá abairt dheireanacha arís.
- Aimsigh sampla de bhriathar san aimsir chaite agus ainmfhocal baininscneach.
- An bhfuil aon fhocal/frása a chuala tú nach dtuigeann tú? Déan iad a chuardach ar focloir.ie agus www.teanglann.ie.
Gníomhaíocht 4 – Cur in ord
- Seo an chéad phíosa eile den alt.
- Ag obair le do pháirtí déanaigí iarracht é a chur in ord.
- Tabhair réasúnaíocht cén fáth a bhfuil siad san ord sin.
- Beidh sibh in ann an freagra a sheiceáil ar ball.
- sna rannóga don scannán is fearr agus don stiúrthóir is fearr. An scannán cogaidh
- in 2021 ar Inis Mór agus Acaill. Bhuaigh All Quiet on the Western Front ar scannán McDonagh
- is fearr de chuid na Breataine chomh maith. Rinneadh The Banshees of Inisherin a scannánú
- ón nGearmáin a fuair an ceann is fearr ar An Cailín Ciúin
- chomh maith sa dá rannóg inar ainmníodh an saothar Gaeilge.
- Bhuaigh Kerry Condon agus Barry Keoghan gradaim aisteoireachta agus bhuaigh McDonagh
- féin an BAFTA don script is fearr. Bhuaigh an scannán an gradam don scannán
Gníomhaíocht 5 – An leagan bunaidh
- Seo an nasc chuig an leagan bunaidh.
- Féach siar ar a bhfuil déanta agaibh i nGníomhaíochtaí 2 agus 4.
Déan an t-alt a léamh tú féin. Ansin déanaigí é a léamh os ard ina mbeirteanna.
Fág freagra ar 'CLUASTUISCINT: ‘Ba Bhreá Liom a Bheith i Scannán Gaeilge’ – Paul Mescal'