Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna
- Cén tír a luaitear sa mhír?
- Céard atá sainiúil faoi HMP Berwyn?
- Cén fáth a luaitear an figiúr 2,100?
- Cad iad na bagairtí atá á ndéanamh?
- Cén moladh a dhéantar?
- Déan iarracht ceannlíne eile a chumadh don mhír seo.
Gníomhaíocht 2 – Deachtóireacht
- Éist leis an gcéad trí abairt arís agus déan iarracht na príomhfhocail a scríobh síos.
- Cuir an méid atá scríofa i gcomparáid leis an méid atá scríofa ag do pháirtí. I mbeirteanna déan iarracht na trí abairt a scríobh.
- Éist leis na habairtí arís más gá.
- Beidh sibh in ann an méid atá scríofa agaibh a chur i gcomparáid leis an mbunleagan ar ball.
Gníomhaíocht 3 – Aimsigh agus Cuardaigh
- Éist le cúpla abairt sa mhír go randamach agus déan iarracht sampla d’ainmfhocal firinscneach agus ainmfhocal baininscneach a aimsiú.
- Déan iarracht teacht ar thrí fhocal/fhrása nach dtuigeann tú. Déan iad a chuardach ar www.focloir.ie agus www.teanglann.ie.
Gníomhaíocht 4 – Cur in ord
- Seo thíos an chuid eile den alt.
- Ag obair le do pháirtí déan iarracht iad a chur in ord.
- Mínigh cén fáth a bhfuil siad san ord sin.
- Beidh sibh in ann an freagra a sheiceáil ar ball.
- Dúirt sé nach raibh siad in ann monatóireacht a dhéanamh ar na comhráite gutháin i mBreatnais. Dúirt sé gur fhág an ganntanas aistritheoirí go raibh riaráiste le glanadh acu a chuaigh siar breis is dhá mhí.
- Fágann sin nach bhfuil aon mhuinín ag na príosúnaigh go bhfuil foireann an phríosúin neamhchlaonta.
- Shéan urlabhraí de chuid an phríosúin na líomhaintí agus dúirt go raibh oiliúint foirne ar bun acu chun úsáid na Breatnaise sa phríosún a spreagadh.
- Dúirt na príosúnaigh i HMP Berwyn chomh maith nach gcuirtear ateangairí a bhfuil Breatnais acu ar fáil dóibh agus iad á dtabhairt os comhair coistí smachta.
- Ní hé seo an chéad uair ag an mBreatnais fadhbanna a chruthú sa phríosún, a osclaíodh in 2017.
- Dúirt príomhchigire an phríosúin, Peter Clarke, roimhe seo gurbh údar imní dó féin an easpa oifigeach príosúin a raibh an Bhreatnais acu.
Gníomhaíocht 5 – An leagan bunaidh
- Seo an nasc chuig an leagan bunaidh.
- Féach siar ar a bhfuil déanta agaibh i nGníomhaíochtaí 2 agus 4.
- Déan an t-alt a léamh tú féin. Ansin déan é a léamh os ard ina mbeirteanna.
Fág freagra ar 'CLUASTUISCINT: An Bhreatnais sa Phríosún'