Líomhaintí déanta ag príosúnaigh sa Bhreatain Bheag go ndéantar bagairt orthu nuair a labhraíonn siad Breatnais

Shéan urlabhraí ón bpríosún na líomhaintí agus dúirt go raibh oiliúint foirne ar bun acu chun úsáid na Breatnaise sa phríosún a spreagadh

Líomhaintí déanta ag príosúnaigh sa Bhreatain Bheag go ndéantar bagairt orthu nuair a labhraíonn siad Breatnais

Deir príosúnaigh sa Bhreatain Bheag go ndéantar leatrom orthu nuair a labhraíonn siad lena chéile i mBreatnais.

Is é príosún HMP Berwyn an ceann is mó sa Bhreatain agus 2,100 duine i ngéibheann ansin ach tá fadhbanna maidir le húsáid na Breatnaise ann tagtha chun solas i dtuarascáil nua.

Deir na príosúnaigh nach dtuigeann na hoifigigh phríosúin an Bhreatnais agus go bhfuil bagairtí déanta acu go mbainfear a bpribhléidí díobh mura labhraíonn siad as Béarla.

Deirtear go measann na hoifigigh go mbíonn maslaí á gcaitheamh leo nó go bhfuil na príosúnaigh i mbun comhcheilge le chéile nuair a labhraíonn siad i mBreatnais.

Foilsíodh na líomhaintí i dtuarascáil a réitigh cigirí ón mBord Neamhspleách Monatóireachta a dhéanann monatóireacht ar leas na bpríosúnach sa Bhreatain.

Moladh an tuarascáil go gcuideodh sé leis na príosúnaigh dá mbeadh cainteoir Breatnaise ar fáil dóibh i gcónaí.

Dúirt na príosúnaigh i HMP Berwyn chomh maith nach gcuirtear ateangairí a bhfuil Breatnais acu ar fáil dóibh agus iad á dtabhairt os comhair coistí smachta.

Fágann sin nach bhfuil aon mhuinín ag na príosúnaigh go bhfuil foireann an phríosúin neamhchlaonta.

Shéan urlabhraí de chuid an phríosúin na líomhaintí agus dúirt go raibh oiliúint foirne ar bun acu chun úsáid na Breatnaise sa phríosún a spreagadh.

Ní hé seo an chéad uair ag an mBreatnais fadhbanna a chruthú sa phríosún, a osclaíodh in 2017.

Dúirt príomhchigire an phríosúin, Peter Clarke, roimhe seo gurbh údar imní dó féin an easpa oifigeach príosúin a raibh an Bhreatnais acu. Dúirt sé nach raibh siad in ann monatóireacht a dhéanamh ar na comhráite gutháin i mBreatnais.

Dúirt sé gur fhág an ganntanas aistritheoirí go raibh riaráiste le glanadh acu a chuaigh siar breis is dhá mhí.

Fág freagra ar 'Líomhaintí déanta ag príosúnaigh sa Bhreatain Bheag go ndéantar bagairt orthu nuair a labhraíonn siad Breatnais'