CLUASTUISCINT: An Lá gur Bhuaileas le Pelé, Prionsa na Peile

Éist leis an bpíosa seo as alt ó Tuairisc.ie agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna

  1. Cén fáth a luaitear an figiúr 1,283?
  2. Cén bhaint a bhí ag Santos le saol Pelé.
  3. Deirtear go rabhtas ag iarraidh “coilíniú a dhéanamh ar na Stáit Aontaithe ó thaobh an tsacair de.” Céard atá an t-údar ag iarraidh a chur in iúl.
  4. Cén bhliain a raibh an t-údar mar chaptaen ar fhoireann sacair?
  5. Cén fáth a luaitear Paul McGrath?
  6. Cén fáth a raibh ar an údar cead a lorg ón ardmháistir?
  7. Déan an abairt thíos a chur san ord ceart.
    Sa de na leis an buachaillí sceitimíneacha. gcuid eile chríochfort bhuaileas

Gníomhaíocht 2 – Deachtóireacht

  • Éist leis an gcéad trí abairt arís agus déan iarracht na príomhfhocail a scríobh síos.
  • Cuir an méid atá scríofa i gcomparáid leis an méid atá scríofa ag do pháirtí. I mbeirteanna déanaigí iarracht na trí abairt a scríobh.
  • Éist leis na habairtí arís más gá.
  • Beidh sibh in ann an méid atá scríofa agaibh a chur i gcomparáid leis an leagan bunaidh ar ball.

Gníomhaíocht 3 – Aimsigh agus Cuardaigh

  • Éist leis an dá abairt dheireanacha arís.
  • Aimsigh sampla d’aidiacht agus briathar san aimsir chaite.
  • An bhfuil aon fhocal/frása a chuala tú nach dtuigeann tú?  Déan iad a chuardach ar www.focloir.ie agus www.teanglann.ie.

Gníomhaíocht 4 – Cuir in ord

  • Seo píosa eile den alt.
  • Ag obair le do pháirtí déan iarracht é a chur in ord.
  • Tabhair réasúnaíocht cén fáth a bhfuil siad san ord sin.
  • Beidh sibh in ann an freagra a sheiceáil ar ball.
    1. measc darb ainm Diego Maradona!) Nuair a tháinig an t-am le bordáil ghluaiseamar go
    2. Bhí Pelé tar éis a bheith in Éirinn ar feadh dhá lá ina ról mar ambasadóir do UNICEF. I measc na ndualgas
    3. sceitimíneach i dtreo an eitleáin. Tháinig an scéal siar chugainne ar chúl na scuaine gurb é Pelé cinnte a bhí ann.
    4. a chomhlíon sé bhí cuairt chuig Ospidéal na bPáistí, Sráid an Teampaill. Freisin bhí mír craolta
    5. ar RTÉ agus é ag caint le foireann sacair na hÉireann, a bhí ag ullmhú do chluiche i bPáirc Lansdúin,
    6. i gcoinne na hAirgintíne (buaiteoirí Chorn an Domhain na bliana roimhe agus imreoir óg ina
    7. Ní dócha go rabhas chomh mór sin ar bís riamh. Bheimis ar an eitilt chéanna le Prionsa na Peile.
    8. Shiúil gach duine againn suas agus síos an pasáiste le sracfhéachaint a fháil air.

Gníomhaíocht 5 – An leagan bunaidh

  • Seo an nasc chuig an leagan bunaidh.
  • Féach siar ar a bhfuil déanta agaibh i nGníomhaíochtaí 2 agus 4.
  • Déan an t-alt a léamh tú féin. Ansin déanaigí é a léamh os ard ina mbeirteanna.

Fág freagra ar 'CLUASTUISCINT: An Lá gur Bhuaileas le Pelé, Prionsa na Peile'