An lá gur bhuaileas le Pelé, prionsa na peile

I 1979 bhíos mar chaptaen ar fhoireann sacair faoi 13 Dalkey Utd nuair a fuair mé an bronntanas is fearr a d’fhéadfadh aon imreoir óg a fháil

An lá gur bhuaileas le Pelé, prionsa na peile

Pelé. An t-imreoir sacair is fearr riamh, atá imithe anois ar shlí na fírinne. Ní bheidh a leithéid ann arís. Scóráil sé 1,283 cúl i 1,367 cluiche, bhain sé an Corn Domhanda trí huaire leis an mBrasaíl agus bhuaigh sé deich sraith sa Bhrasaíl le Santos. Agus é sna tríochaidí bhog sé go Meiriceá agus d’imir sé le New York Cosmos. Bhí sé féin, a chúil, a thallann, a mheangadh agus a phearsantacht mhealltach ina gcuid lárnach den iarracht a bhí ar bun coilíniú a dhéanamh ar na Stáit Aontaithe ó thaobh an tsacair de. Ba eisean an chéad réalta sa chluiche i Meiriceá.

I 1979 bhíos mar chaptaen ar fhoireann sacair faoi 13 Dalkey Utd a d’imigh ar thuras gearr chun na Gearmáine chuig baile darb ainm Wattenscheid, atá 80 ciliméadar ó thuaidh ó Köln. Eagraíodh cluiche amháin don fhoireann faoi 12 agus ceann eile don fhoireann shinsearach (bhí Paul McGrath i measc na n-imreoirí sinsearacha – ach sin scéal eile!)

Bleachtaire ó Dhún Laoghaire, a bhí an-ghníomhach sa chlub, a d’eagraigh an turas. Bhí an-spéis aige an club a chúpláil le foirne ón nGearmáin.

Mar go rabhamar ag taisteal le linn tréimhse scoile bhí orm cead a lorg ó ardmháistir na scoile. Chuir seo faitíos an domhain orm. Bhí seans ann go ndéarfadh sé nach raibh cead agam dul – bhí peil Liútair á himirt againn tar éis an tsaoil. D’éirigh liom.

Cead faighte, bagáiste pacáilte. Sceitimíneach, óir ní rabhas ar eitleán riamh cheana. Sa chríochfort bhuaileas leis an gcuid eile de na buachaillí sceitimíneacha. Agus muid ag breathnú amach ar na heitleáin agus na haerstráicí chonaiceamar grúpa daoine, an píolóta agus fear gorm ina measc, ag bordáil an eitleáin.

‘An é sin Pelé?’ arsa duine dínn.

Nah, ní hea,’ arsa duine eile. ‘Conas gurbh ea?’

‘Is ea.’

‘Ní hea.’

Ba ea!

Bhí Pelé tar éis a bheith in Éirinn ar feadh dhá lá ina ról mar ambasadóir do UNICEF. I measc na ndualgas a chomhlíon sé bhí cuairt chuig Ospidéal na bPáistí, Sráid an Teampaill. Freisin bhí mír craolta ar RTÉ agus é ag caint le foireann sacair na hÉireann, a bhí ag ullmhú do chluiche i bPáirc Lansdúin, i gcoinne na hAirgintíne (buaiteoirí Chorn an Domhain na bliana roimhe agus imreoir óg ina measc darb ainm Diego Maradona!)

Nuair a tháinig an t-am le bordáil ghluaiseamar go sceitimíneach i dtreo an eitleáin. Tháinig an scéal siar chugainne ar chúl na scuaine gurb é Pelé cinnte a bhí ann.

Ní dócha go rabhas chomh mór sin ar bís riamh. Bheimis ar an eitilt chéanna le Prionsa na Peile.

Shiúil gach duine againn suas agus síos an pasáiste le sracfhéachaint a fháil air. Bhí cuma thuirseach air ach bhí sé soiléir gur raibh sé ag baint taitneamh as an spéis a bhí againn ann. Tar éis don eitleán éirí in airde sheas sé suas agus dúirt rud éigin spreagúil, moltach linn. Ansin labhair duine dá ghníomhairí a mhínigh go raibh Pelé tuirseach, go raibh sé sásta síniú a thabhairt do gach aon duine dínn ach nach rabhamar le cur isteach air a thuilleadh.

Chloíomar leis an achainí agus bhreathnaigh ar Pelé ag líonadh leabhar nótaí lena shíniú – seasca síniú nó mar sin a roinneadh orainn nuair a thuirlingíomar.

Agus cé nár chuireamar isteach air a thuilleadh bhíomar go hiomlán faoi dhraíocht aige le linn an turais. Bhí Pelé inár measc agus labhair sé linn!

Bhí mo cheann lán le smaointe faoi Edson Arantes do Nascimento. Rith sé liom go bhfreastalódh sé ar ár gcluiche i  Wattenscheid, go ndéarfadh sé liom go raibh an-ghealladh fúm, agus go múinfeadh sé cleas nó dhó dom. Brionglóidí. Brionglóidí. Brionglóidí.

Dar ndóigh níor tháinig sé chuig an gcluiche, a bhuamar 3-0. D’imríomar go maith. Fuaireas féin cúl nár ceadaíodh agus tar éis an chluiche bronnadh tuáille ó Wattenscheid orm mar bhronntanas lá breithe óir ba ar mo lá breithe a d’fhágamar Baile Átha Cliath.

Ba chuma liom faoin tuáille i ndáiríre mar bhí an bronntanas is fearr riamh faighte agam cheana féin.

Fág freagra ar 'An lá gur bhuaileas le Pelé, prionsa na peile'

  • Tiarnan de Fréine

    Scéal iontach. Tuigim cén fáth go raibh tú amhrasach maidir le cead a iarradh ar ardmháistir na scoile taistil i gcomhair cluiche nach raibh Gaelach. (Bhí mé sa scoil céanna i rang do dheartháir is sine!)
    Is breá liom an dán seo ón fhile, Michael Davitt, nach maireann.
    Pele, peileadóir, péarla dubh,
    i spéartha gorma ár n-óige.
    Síota, preabach, lúbach, léimneach.
    tamall san aer ag eitilt de chraobh,
    tamall ar lár faoi bhróg mheata…