Clóscríbhinn d’úrscéal An Béal Bocht agus deasc Myles na gCopaleen ar díol ar ceant

Táthar ag súil idir €6,000 agus €8,000 a fháil ar ‘Flann’s Archive’, bailiúchán de cháipéisí de chuid an scríbhneora Flann O’Brien a chuirfear ar ceant ag deireadh na míosa

Clóscríbhinn d’úrscéal An Béal Bocht agus deasc Myles na gCopaleen ar díol ar ceant

Tá clóscríbhinn den úrscéal An Béal Bocht i measc cáipéisí de chuid Flann O’Brien a chuirfear ar ceant i mBaile Átha Cliath ag deireadh na míosa.

Díolfar chomh maith ag an gceant céanna de chuid Fonsie Mealy Auctioneers deasc údar An Béal BochtAt Swim-Two-Birds agus The Third Policeman.

Beidh cúig chomhad ar fad lán clóscríbhinní agus cáipéisí eile de chuid an údair ar díol ag an gceant mar chuid de ‘Flann’s Archive’. 

Táthar ag súil idir €6,000 agus €8,000 a fháil ar an gcartlann.

I measc na gcáipéisí eile sa chartlann, tá cóip de chlóscríbhinn dar teideal The Detectional Fastidiosities of Sergeant Fottrell, a meastar gur moladh do shraith teilifíse atá ann, tragóid dhá radharc dar teideal The Handsome Carvers, dráma dar teideal The Dead Spit of Kelly agus dráma eile nach bhfuil aon teideal air.

Tá clóscribhinn 21 leathanach i nGaeilge mar chuid den chartlann agus uimhreacha 109-139 ar na leathanaigh. Deir an ceantálaí gur dócha gur cuid de An Béal Bocht atá anseo.

Tá go leor cóipeanna de litreacha ó pheann an údair sa chartlann chomh maith, cuid mhaith acu a phléann le díol a lámhscríbhinní sna blianta sular bhásaigh sé. I gceann de na litreacha sin, 23 Márta 1965, déanann an t-údar cur síos ar eachtra inar ghoid duine éigin a tháinig ar cuairt chuige cuid mhaith dá lámhscríbhinní. Bhí a chos briste ag an údar ag an am.

I litir eile, a bhfuil an 14 Deireadh Fómhair luaite leis, deir O’Brien go bhfuil sé ar tí dul go dtí an ospidéal ‘where I think the buggers there are going to cut the guts out of me’.

Deir an ceantálaí Fonsie Mealy gur ‘bailiúchán ar leith agus bailiúchán fíorthábhachtach’ an chartlann atá á cur ar ceant acu ag deireadh na míosa.

Tá leabhair eile le O’Brien/Myles na gCopaleen ar díol ag an gceant a bheidh ar siúl i mBaile Átha Cliath ar an 30 Bealtaine, ina measc ceann den 500 cóip den chéad eagrán de An Béal Bocht a d’fhoilsigh An Preas Náisiúnta i 1941.

Fág freagra ar 'Clóscríbhinn d’úrscéal An Béal Bocht agus deasc Myles na gCopaleen ar díol ar ceant'