Cliste ar Chill na Martra i gcluiche ceannais na hÉireann

Goillfidh na hiarrachtaí uile a chuir siad amú go mór ar fhir Chill na Martra agus an ceann is fearr faighte ag Naomh Pádraig, Coilleach Eanach orthu

Cliste ar Chill na Martra i gcluiche ceannais na hÉireann

Naomh Pádraig, Coilleach Eanach 1-8 Cill na Matra 0-7

Briseadh croí a bhí i ndán do Chill na Martra i gcluiche ceannais Chraobh Idirmheánach na hÉireann agus an ceann is fearr faighte ag Naomh Pádraig, Coilleach Eanach ó Ard Mhacha orthu i gcoimhlint a bhí loite ag easpa cruinnis.

Nuair a shocróidh rudaí síos faoi cheann roinnt seachtainí agus nuair a bheidh deis cheart ag imreoirí Chill na Martra breathnú siar ar fheachtas 2023-24 is le bród agus le mórtas a chuimhneofar ar na buanna a bhí acu i gcraobhacha Chorcaí agus na Mumhan, ach goillfidh a dteip ar an lá mór i bPáirc an Chrócaigh go mór orthu go ceann tamaill.

An rud is mó a chuirfidh isteach ar Chill na Martra ná go raibh deis iontach acu cluiche ceannais na hÉireann a bhuachan. Rinne siad an oiread sin ceart sa chluiche. Chuir siad srian ar imreoirí mór le rá Choilleach Eanach den chuid is mó agus bhíodar láidir agus cróga i lár na páirce ach nuair a bhí siad os comhair an chúil, thit an tóin as a gcuid iarrachtaí.

Ocht gceann is fiche d’iarrachtaí ar scóir a bhí ag imreoirí Chill na Martra ach ní raibh ach seacht bpointe ar chlár na scór acu sa deireadh. Chuir siad 15 de na hiarrachtaí amú agus thit sé cinn i mbéal an chúil nó stop imreoir de chuid Choilleach Eanach iad.

Bíonn mí-ádh scaití ar fhoirne i gcluichí ach ní féidir le Cill na Martra an milleán a chur ar an mí-ádh sa chás seo. Ba iadsan ba shiocair leis an gcliseadh.

Níor shocraigh tosaithe Chill na Martra isteach sa chluiche chor ar bith. Ní raibh ach cúig shoicind déag imeartha nuair a chuir Dan Ó Duinnín an chéad iarracht ar strae. Bhuail an liathróid an cuaille agus chuaigh sí amach ar thaobh na láimhe deise. D’aimsigh Antóin Ó Cuana scór maith théis dhá nóiméad agus cé go raibh cuma na maitheasa ar Chill na Martra ag an bpointe sin chuir siad trí cinn d’iarrachtaí eile amú sna ceithre nóiméad a lean scór Uí Chuana.

Dan Ó Duinnín ag iarraidh briseadh tríd. Pic: Seán Ó Mainnín/Tuairisc

Chuir scór ó Gary Mackin Coilleach Eanach ar comhscór théis seacht nóiméad agus cé gur aimsigh Dan Ó Duinnín scór maith go gairid ina dhiaidh sin, chuir fir Ard Mhacha bearna bheag idir na foirne le scóranna ó Pearse Casey agus an t-imreoir contae Aidan Nugent. Bhí na hUltaigh i bhfad níos stuama agus seilbh na liathróide acu sa chéad cheathrú uaire sin agus d’fhanadar i gcónaí go dtí go raibh an fear ceart san áit cheart sular thug siad faoi scór.

Tháinig scór cinniúnach agus beagán os cionn deich nóiméad fágtha sa chéad leath. Rinne Michael Murray dul chun cinn ar an gcliathán deas agus cé gur thit a iarracht i mbéal an chúil, d’éirigh le Neil McCreesh an liathróid  a bhuachan agus pas a thabhairt d’Aidan Nugent a bháigh i mbarr na heangaí í.

Fuair Ciarán Ó Duinnín scór tábhachtach le han-iarracht ó thaobh na láimhe clé théis 22 nóiméad ach chuir Cill na Martra trí hiarracht eile amú ina dhiaidh.

D’aimsigh Aidan Nugent dhá scór ó chiceanna saora roimh leath ama ach chinntigh scór maith ón gcosantóir Colm Mac Lochlainn idir an dá scór sin ó Nugent nach raibh Cill na Martra ach ceithre phointe chun deiridh ag leath ama, 1-5 in aghaidh 0-4, agus deis mhaith acu go fóill ach a bheith níos cruinne.

Níor tháinig aon fheabhas orthu os comhair an chúil, faraor, agus chuir Tadhg Ó Corcora agus Ciarán Ó Duinnín iarrachtaí amú sa chéad seacht nóiméad den dara leath. Ba léir gur galar tógálach a bhí san easpa cruinnis sin mar ní raibh Coilleach Eanach féin chomh cruinn os comhair na bpostaí sa dara 30 nóiméad is a bhí siad sa gcéad leath.

Colm Mac Lochlainn an t-aon fhear ag Cill na Martra a choinnigh guaim air féin agus é os comhair na bpostaí agus d’aimsigh sé a dhara scór théis 38 nóiméad chun trí phointe a fhágáil idir na foirne, 1-5 in aghaidh 0-5.

Maidhcí Ó Duinnín agus Seán Connell. Pic: Seán Ó Mainnín/Tuairisc

Arís, chaith Cill na Martra uathu aon mhóiminteam a bhí acu le hiarrachtaí uafásacha. Idir an scór a d’aimsigh Mac Lochlainn chun cúl a fhágáil idir na foirne agus an chéad phointe eile a d’aimsigh Cill na Martra, scór eile ó bhróg Mhic Lochlainn, chuir fir Mhúscraí deich gcinn d’iarrachtaí ar strae. Bhí mí-ádh orthu uaireanta, mar shampla nuair a shábháil James Carragher Choilleach Eanach iarracht ó dhorn Dan Uí Dhuinnín ar an líne chúil. Ach nuair a chuir Ó Duinnín iarracht eile ó chic saor 21m amú, bhí an chuma ar Chill na Martra nach bhfaigheadh siad scór dá mbeidís ansin go maidin.

Bhí Coilleach Eanach beagnach chomh dona céanna sa dara leath ach níor gearradh aon phionós orthu agus ba leor na pointí fánacha a d’éirigh leo a fháil anois agus arís – ceann deas an duine ó Gavan Duffy agus Shea Hoey chun a gceart a thabhairt dóibh – leis an mbearna a mhéadú de réir a chéile.

D’fhág an tríú pointe ag Colm Mac Lochlainn nach raibh ach ceithre phointe idir na foirne agus cúig nóiméad fágtha ach ní raibh aon slánú i ndán do Chill na Martra. D’aimsigh Jason Duffy cúilín do Choilleach Eanach in am cúitimh agus chuir Cill na Martra tuilleadh deiseanna amú. Blocáladh iarracht ar chúl ag Dan Ó Duinnín agus stopadh ar an líne iarracht ó Thadhg Ó Corcora lena dhorn sa nóiméad deireanach. Fuair Ciarán Ó Duinnín an scór deireanach ach ba bheag a b’fhiú é.

Ba mhór an trua an toradh do leithéidí Ó Corcora, Colm Mac Lochlainn, Antóin Ó Cuana, Seán Ó Forréidh agus Gearóid Ó Goillidhe a rinne chuile iarracht do Chill na Martra ach a d’fhág Páirc an Chrócaigh folamh.

Seán agus Ciarán Ó Forréidh théis an chluiche. Pic: Seán Ó Mainnín/Tuairisc

Cill na Martra: P Ó Críodáin; T Ó Corcora, A Ó Mocháin, F Ó Faoláin; C Mac Lochlainn (0-3), S Ó Fórréidh, C Ó Forréidh; A Ó Cuana (0-1), G Ó Goillidhe; F Ó hÉalaithe, C Ó Duinnín (0-2), D Ó hUrdail; M Ó Duinnín, M Ó Deasúna, D Ó Duinnín (0-1). Fir Ionaid: D Ó Conaill in áit Uí Chuana (28-29 nóim, fuil), D Ó Conaill in áit Uí Dheasúna (leath ama), S Ó Duinnín in áit Uí Urdail (42 nóim), E Ó Conaill in áit M Uí Dhuinnín (54 nóim), D Mac Lochlainn in áit Uí Éalaithe (56 nóim).

Naomh Pádraig, Coilleach Eanach: J Carragher; S Óg Irwin, S Connell, G Duffy (0-1); N McCreesh, M Murray, G Mackin (0-1); P Casey (0-1), J Duffy (0-1); C Reavey, S Hoey (0-1), R McQuillan; K. Cooey, T Donnelly, A Nugent (1-3, 0-2 ó chiceanna saora). Fir Ionaid: B McConville in áit McCreesh (57 nóim), P Savage in áit Reavey (63 nóim).

Réiteoir: Liam Devenney (Maigh Eo).

Fág freagra ar 'Cliste ar Chill na Martra i gcluiche ceannais na hÉireann'

  • Concubhar

    Ní luíonn sé le ciall d’aon tsort bheith ag rangú tuairisc ar chluiche Chill na Martra inné sa rannóg nuachta. Is scéal spoirt é. Is minic go mbionn an praiseach ar fuaid na miasa mar seo ar phríomhleathnach Tuairisc. Cad is cúis le scéalta spoirt bheith sa chatargóir nuachta agus altanna tuairimíochta le cois? Cad is fiú bheith ag bacadh le catargóirí éagsúla ar chorr ar bith?