Cíor thuathail, rúscam raindí, ruaille buaille is rírá a leanann an cluiche Ba’

I Kirkwall, an baile is mó in Inse Orc amach ón ngob is faide ó thuaidh in Albain, a thugann na Uppies agus na Doonies aghaidh ar a chéile sa gcluiche Ba’

Cíor thuathail, rúscam raindí, ruaille buaille is rírá a leanann an cluiche Ba’

Tá iontas an domhain orm nach mbaineann tuilleadh gortuithe d’imreoirí le linn clibirtí ar pháirc an rugbaí.

112 Kg (17 ½ cloch) ar meán an meáchan a bhíonn tosaithe ar fhoirne móra an lae inniu – nuair a d’imir an Nua-Shéalainn in aghaidh na Seapáine roimh an Nollaig bhí na pacaí beagnach dhá thonna meáchain eatarthu.

Anois, céard faoi chlibirt mar sin a mbeadh 300 duine páirteach ann, nó 350 duine fiú? An gcreidfeá go bhfuil a leithéid ann.

Aimsir na Nollag a nochtadh sin dom, tráth nach foláir ach go bhfaca mé ar a laghad scór spórt de chineálacha éagsúla a bhí chomh fada óna chéile leis an gcaitheamh saighead agus an troid idir Fury agus Usyk.

I Kirkwall, an baile is mó in Inse Orc amach ón ngob is faide ó thuaidh in Albain, a dhéanann siad cleachtadh ar an gcluiche a bhfuil Ba’ mar ainm air. Faoi dhó sa mbliain a bhíonn sé ar bun, Lá Nollag agus arís Lá Caille. De bharr tábhacht an chluiche seo ní dhéanann tithe go leor ar an oileán cóiriú ar dhinnéar an lae sin go dtagann Lá’l Stiofáin.

Uppies agus Doonies na hainmneacha atá ar an dá fhoireann a bhíonn sa gcoimhlint. Más i gceantar an phoirt sa mbaile a shaolaítear duine is Doonie é. Is don chuid uachtarach de Kirkwall a sheasann na Uppies.

Liathróid mhór leathair den seandéanamh é an Ba’ féin, púdar coirc sactha isteach inti agus í fuaite de lámh.

Ag a haon a chlog Lá Nollag a chaitear isteach an pheil. An liathróid a chrochadh leo ar ais go dtína gceantar féin an sprioc – chomh fada leis an gcalafort agus í a chaitheamh i bhfarraige an sprioc a bhíonn ag an 150 Doonie.

An Ba’ a thabhairt leathmhíle an treo eile nó go sroichfidh sí agus siad an eaglais Chaitliceach a bhuafadh an choimhlint do na Uppies.

Ní gá a rá gur cíor thuathail, rúscam raindí, ruaille buaille agus rírá a leanann. Scaití tharlódh go mbeadh an imirt thart in imeacht 30 nóiméad. Bíonn tráthanna ann go maireann sí 7 n-uaire an chloig.

https://www.youtube.com/watch?v=TRq1X_ZFGhI&ab_channel=WeShowSports

Níl aon rialacha oifigiúla leagtha síos don Ba’, ach tá cód onóra ag baint leis an imirt. Tá cosc ag an gcód sin ar aon ghníomh suarach nó tútach. Má éiríonn cúrsaí spadhartha, ní fada a mhaireann siad go mbíonn na doirn íslithe arís.

Ar nós ócáidí go leor i spórtanna eile nuair a bhíonn an Ba’ thart, déanann daoine ar theach an óil áit a mbítear ag trácht ar imeachtaí an lae sin agus ar chluichí móra a facthas san am atá caite.

Ar cheann acu sin bhí an ceann a imríodh Lá Caille 1966. Ba chosúil sin a bheith buaite ag na Doonies nuair a chaith siad an liathróid thar bhalla na céibhe. Ach sular shroich sí an t-uisce rug Uppie a bhí i bhfolach i mbád uirthi agus ba é deireadh an scéil go mba iadsan a thaistil go ceann cúrsa léi.

Bhí geábh eile ann nuair a lig iomaitheoir air féin go raibh sé leonta agus ag éirí as an gcluiche. Shuigh sé síos ar an gcosán fad agus a d’imigh an chlibirt chun bealaigh ar a bealach féin. Nuair a bhí siad sách fada uaidh thóg an t-othar an liathróid amach as a sheaicéad agus as go brách leis síos na cúlsráideanna.

Ní bhíonn aon fháilte roimh chuairteoirí chun imeartha. Ar fhaitíos go ngortófaí iad, deirtear liom.

Tá sé ráite go bhfuiltear i mbun imeartha ar an Ba’ le 300 bliain. Tharlódh fiú é a bheith ag dul siar i bhfad níos faide ná sin, fiú chomh fada leis an am nuair a bhíodh Inse Orc faoi cheannas na hIorua.

Níor tháinig an t-oileán faoi dhlínse na Breataine go dtí 1472. Go dtáinig deireadh an 19ú céad bhí a dteanga féin ag an bpobal ann, nach taobh le hInse Orc agus Inse Shealtainn in aice láimhe a bhí sé le cloisteáil.

Norn nó Norroena a bhí ar an teanga sin agus ba de bhunús Gearmáinise agus Ioruaise í.

Tá a rian fós ar chanúint mhuintir Inse Orc agus iad ag Béarlóireacht nó ag labhairt Gàidhlig. Tá sé le feiceáil freisin go deimhin sna hainmneacha oifigiúla atá ar na foirne a imríonn a chéile sa Ba’ – Up-the-Gates agus Doon-the-Gates.

San Ioruais is ionann ‘Gata’ agus sráid. Barr na Sráide agus Bun na Sráide.

Chuirfeadh sé Lá an Dreoilín sa Daingean i gcuimhne do dhuine, ach é a bheith cuid mhaith níos contúirtí agus fanacht níos faide ar theach an óil.

Bíonn a gcluiche Ba’ féin ag buachaillí an oileáin (faoi bhun 16) a thosaíonn ag 10.30am Lá Nollag agus Lá Caille.

Faoi dhó a reáchtáladh comórtas do na mná sna 1940idí, ach ní raibh a leithéid ann ó shin.

Mapa an chúrsa don ba’

 

Idir shean agus óg

 

Sean-ba’s

 

Ag eagraíocht turasóireachta inse orc a bhí na pics

 

Fág freagra ar 'Cíor thuathail, rúscam raindí, ruaille buaille is rírá a leanann an cluiche Ba’'

  • Brenda Ni Shuilleabhain

    Bhíodh a leithéid i gCorca Dhuibhne, cluiche idir pharóistí. Tá eachtraí air i dúchas.ie.

  • Tash

    An spraoi ar fad!
    Bíonn mo chomhghlacaithe ó Inis Org ag súil go mór leis gach blian.
    Ba bhreá liom é a fheiscint lá éígin.

  • Carraig

    Is léir gur thaitin, agus go dtaitníonn fós, ócáidí den sórt sin go mór leo/linn.
    “Rúscam raindí!”
    “Ruaille buaille!”
    Fuilibiliú! nó Pililiú!
    Húrlamá giúrlamá! nó Húrlamáboc!
    Liútar léatar (-éatar)!
    Míle murdair (-murdail)!
    Tailí-hó is tarrac tríd!
    Nó: Mura mbuafam suafam!