Déanfaidh airí rialtais plé inniu ar na srianta Covid-19 deireanacha a scaoileadh faoi cheann sé seachtaine.
Pléifear ag cruinniú d’fhochoiste Covid-19 an rialtais an plean is déanaí d’athoscailt an stáit agus an chomhairle is déanaí ón bhFoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí.
Bhí cruinniú ag NPHET Dé Céadaoin chun a gcomhairle don Rialtas a phlé agus tuairiscítear gurb é atá a mholadh acu ná go mbeadh an tsnáthaid iomlán faighte ag idir 85-90% de dhaoine os cionn 16 bliain sula leanfaí le scaoileadh na srianta.
D’fhágfadh sin go bhféadfadh gur i mí Dheireadh Fómhair a thosófar ag scaoileadh formhór na srianta atá fós i bhfeidhm.
Meastar go socrófar ag cruinniú fhochoiste Covid-19 an Rialtais inniu na dátaí a scaoilfear na srianta éagsúla, na srianta atá i bhfeidhm ar earnáil na siamsaíochta ina measc. Beidh cruinniú iomlán Rialtais an tseachtain seo chugainn chun an plean deireadh a chur leis an srianta a aontú agus fógrófar é ina dhiaidh sin.
D’fhéadfadh go socrófar roinnt bheag srianta a scaoileadh roimh mhí Dheireadh Fómhair.
Tá NPHET den tuairim go mbeidh sé sábháilte na srianta a scaoileadh faoi cheann 4-6 seachtaine nuair a bheidh an tsnáthaid faighte ag formhór mór na ndaoine atá ina teideal.
Táthar ag súil go mbeidh buaic na maidhme againn faoin tráth sin agus go socróidh rudaí i dtaobh líon na gcásanna den víreas.
Tá líon na gcásanna atá faoi láthair ann a dhá oiread níos airde ná an meán san Aontas Eorpach, ach dhá thrian den mheánráta atá an ráta báis.
Táthar ag súil go dtabharfaidh an vacsaín slán sinn ó aon dúshlán eile a d’fhéadfadh teacht aníos, athoscailt na scoileanna san áireamh.
Dúirt an Príomhoifigeach Leighis, an Dr Tony Holohan, nach mbeadh sé “sábháilte” go ceann 4-6 seachtaine fáil réidh le srianta áirithe, amhail an pas vacsaíne.
Dúirt an tOllamh Philip Nolan ó NPHET an tseachtain seo gur galar anois é an Covid-19 atá á tholgadh den chuid is mó ag aosaigh óga nach bhfuil an tsnáthaid faighte acu.
Dúirt Nolan go raibh an mhaidhm seo éagsúil ó na cinn eile. “Maidhm mhór mhall atá againn anois,” ar sé.
Dúirt sé gur fhág líon ard na gcásanna i ngach contae go mbeadh dúshlán roimh an tseirbhís sláinte go ceann roinnt seachtainí ach gurb é “an dea-scéal” ná go raibh an-chosaint ag an bpobal de bharr na vacsaíní.
Fág freagra ar 'Cinneadh le déanamh faoi scaoileadh na srianta deireanacha faoi cheann sé seachtaine'