Cinneadh faoi Oifigeach Gaeilge i gComhairle Chathair Bhéal Feirste anocht

Caithfidh comhairleoirí cathrach i mBéal Feirste vóta anocht faoi cé acu ar cheart Oifigeach Gaeilge nó Oifigeach Teangacha a cheapadh

Cinneadh faoi Oifigeach Gaeilge i gComhairle Chathair Bhéal Feirste anocht

Déanfar cinneadh anocht ag cruinniú de chuid Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste faoi cé ar cheart Oifigeach Gaeilge nó Oifigeach Teangacha a cheapadh sa Chomhairle.

Tá dhá mholadh faoi cheapachán an oifigigh nua ag dul tríd an gComhairle i láthair na huaire ach ní cheapfar ach duine amháin ag deireadh an phróisis. Is é is rogha le Sinn Féin, an SDLP, agus Alliance, go gceapfaí oifigeach a mbeadh cúraimí a bhaineann go sonrach leis an nGaeilge air, mar atá ceaptha i go leor comhairlí eile timpeall na tíre.

Tá an DUP, an UUP agus Aontachtaithe eile ag iarraidh Oifigeach Teangacha a cheapadh a mbeadh cúraimí air a bhainfeadh leis an Ultais agus na teangacha éagsúla a labhraítear go forleathan i mBéal Feirste — an Pholainnis, an Rómáinis, an Liotuáinis, agus teangacha eile nach iad.

D’éirigh leis an moladh d’Oifigeach Gaeilge ag leibhéal an choiste an mhí seo caite ach cuirfear an rún faoi bhráid na Comhairle ag cruinniú na hoíche anocht.

Thug an comhairleoir Michael Long, ceannaire an pháirtí Alliance i gComhairle Cathrach Bhéal Feirste, le fios go mbeadh leath de chostas an Oifigigh Gaeilge á íoc ag “cumann Gaeilge” nach raibh “aon bhaint aige leis an bpolaitíocht”.

Mhaígh sé, ar an láimh eile, go dtitfeadh costas iomlán an Oifigigh Teangacha ar Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste agus, dá bharr sin, ar íocóirí rátaí na cathrach. Chuir sé i leith an DUP agus an UUP, freisin, go raibh a seasamh ar an gceist “deighilteach”.

Dúirt duine de chomhairleoirí an UUP, áfach, nár cheart go dtiocfadh an Ghaeilge idir daoine ó chúlraí éagsúla polaitíochta.

“Tuigim dóibh siúd atá ag iarraidh an teanga a chur chun cinn. Ach an fhadhb atá agamsa lena dtarlóidh in Halla na Cathrach ná go dtiocfaidh Sinn Féin i dtír ar an nGaeilge mar uirlis pholaitíochta, agus tá Aontachtaithe, mé féin san áireamh, bréan de sin, agus ní ghlacfar leis,” a dúirt Chris McGimpsey, fear a bhfuil spéis léirithe cheana i gcúrsaí Gaeilge aige.

Tá ceist an Oifigigh a plé mar chuid den díospóireacht faoi pholasaí teanga don Chomhairle Contae atá á chur chun cinn i láthair na huaire.

I measc na rudaí eile atá molta sa pholasaí, a foilsíodh an mhí seo caite, tá tionscadal cultúir agus turasóireachta a bhainfeadh úsáid as an nGaeilge, chomh maith le polasaí dátheangach do shuíomh idirlín agus do ráitis na Comhairle. Tá pleananna eile sa pholasaí a bhaineann leis an Ultais, le teanga na lámh agus le mionteangacha eile Bhéal Feirste.

Chuir Conradh na Gaeilge fáilte roimh an scéala an mhí seo caite gur éirigh leis an bpolasaí dul tríd an gcoiste i gComhairle Cathrach Bhéal Feirste agus gur léiríodh “tacaíocht thraspháirtí” dó sa Chomhairle.

“Chuirfeadh polasaí Gaeilge go mór leis an obair iontach atá ar bun ag grúpaí pobail agus ag scoileanna, mar aon le cur chun cinn na Gaeilge ar fud na cathrach, mar a dhéanann polasaithe láidre Gaeilge i gcomhairlí eile cheana féin,” a dúirt an Dr Niall Comer, Uachtarán an Chonartha.

Fág freagra ar 'Cinneadh faoi Oifigeach Gaeilge i gComhairle Chathair Bhéal Feirste anocht'