Cinneadh faoi astaíochtaí carbóin curtha siar de bharr easaontais

Ceist a bhaineann leis an mbeatha atá i gceist na haeráide agus caithfidh Éire a cion féin a dhéanamh, a dúirt an Taoiseach

Cinneadh faoi astaíochtaí carbóin curtha siar de bharr easaontais

Níor cuireadh na laghduithe ar astaíochtaí carbóin na tíre ar chlár oibre chruinniú na rialtais ar maidin inniu mar gur chinn ar cheannairí an chomhrialtais teacht ar chomhaontú faoi na laghduithe sin aréir.

Is é cruinniú Rialtais an lae inniu an ceann deiridh roimh shaoire an tsamhraidh agus caithfear cruinniú neamhchorpartha a ghairm le glacadh le haon socrú a dhéanfar i rith na saoire, más féidir teacht as an tsáinn faoi earnáil na talmhaíochta.

Mhol an Chomhairle Chomhairleach um Athrú Aeráide laghduithe idir 22% agus 30% in earnáil na talmhaíochta. Is é an sprioc atá i bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide an Rialtais, na hastaíochtaí náisiúnta a laghdú 51% faoin mbliain 2030 agus iad a laghdú idir 22% agus 30% in earnáil na talmhaíochta.

Tá cuid mhaith Teachtaí Dála i bpáirtithe Fhianna Fáil agus Fhine Gael ag éileamh gurb é an laghdú is lú acu sin a shocrófaí ach tá Teachtaí an Chomhaontais Ghlais ag iarraidh gurb é an figiúr is airde, 30%, a chuirfí i bhfeidhm.

Dúirt Cathaoirleach an Chomhaontais Ghlais, an Seanadóir Pauline O’Reilly go gcaithfeadh an páirtí sin cruinniú ginearálta a thionól chun a rannpháirtíocht sa rialtas a phlé sa gcás nach dtiocfaí ar chinneadh an laghdú is mó (30%) a dhéanamh ar astaíochtaí talmhaíochta.

Dúirt an Cathaoirleach go raibh “gach rogha ar an mbord” agus nár dhóigh léi féin go bhféadfadh an Comhaontas Glas glacadh le laghdú chomh beag le 22%.

Agus í ag caint ar RTE dúirt O’Reilly go raibh tráth na cainte thart agus gurb é seo an t-am chun spriocann a shocrú agus “an gníomh atá riachtanach a dhéanamh”.

Ar deireadh thiar, a dúirt Cathaoirleach an Chomhaontais Ghlais, “chuamar i rialtas le Fianna Fáil agus Fine Gael agus ghlac siad le laghdú 51% faoin mbliain 2030, mar a rinne Sinn Féin agus na páirtithe eile. Anois caithfidh siad beart a chur lena mbriathar”.

Ceist a bhaineann leis an mbeatha atá i gceist seo na haeráide, a dúirt an Taoiseach Micheál Martin. Dúirt sé go gcaithfeadh Éire a cion féin a dhéanamh agus go mbeadh ar gach earnáil “luí amach orthu féin” ó thaobh astaíochtaí carbóin a laghdú. An dúshlán atá le sárú bia a sholáthar agus déileáil leis an athrú aeráide, a dúirt an Taoiseach.

“Ba mhaith linn socrú a dhéanamh ar an gceist seo. Tá dúshláin ag baint leis ach tá rún againn teacht ar réiteach,” arsa Micheál Martin.

Dúirt Eamon Ryan go raibh dóchas aige go dtiocfaí “ar réiteach ar an gceist chasta seo”. Dúirt Ryan go leanfadh an Comhaontas Glas lena seasamh go bhfuil práinn le gníomh gasta agus gníomh níos mó ar cheist an athraithe aeráide.

Mheas an Teachta Dála Barry Cowen gurbh fhearr ceist na talmhaíochta a fhágáil go fómhar agus go gcaithfeadh an Comhaontas Glas a thuiscint go “dteastaíonn uainn feirmeoirí agus an earnáil a mhealladh le spriocanna insroichte seachas iad a tharraingt in aghaidh a dtola”.

Fág freagra ar 'Cinneadh faoi astaíochtaí carbóin curtha siar de bharr easaontais'

  • JP

    Céard a bhí ar siúl ag Neró an fhaid a bhí an Róimh ina bladhm lasrach?