Ní bheidh searmanas bronnta ann do na daoine ar éirigh leo Séala an Aistritheora a bhaint amach i scrúdú a reáchtáladh os cionn dhá bhliain ó shin.
Dheimhnigh Foras na Gaeilge do Tuairisc gur beartaíodh sa deireadh gan searmanas bronnta a eagrú ionas nach gcuirfí “aon mhoill bhreise” ar sheachadadh na dteastas.
Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo i mí Eanáir, ní raibh a dteastas faighte ag an ngrúpa deireanach iarrthóirí i scrúdú an tSéala breis agus dhá bhliain tar éis dóibh an scrúdú aistriúcháin a phasáil. Reáchtáladh an scrúdú ar an 17 Nollaig 2022 agus ní bhfuair na daoine ar éirigh leo sa scrúdú a dteastas go dtí an tseachtain seo.
Thug Foras na Gaeilge le fios do Tuairisc i mí Eanáir go rabhthas “ag fiosrú na bhféidearthachtaí” maidir le hócáid bhronnta a reáchtáil ag “deireadh mhí Feabhra”. Dúradh gur “chuir impleachtaí a bhain le srianta Covid chomh maith le hathruithe/easpa foirne i bhForas na Gaeilge moill ar ócáid oifigiúil do bhronnadh na dteastas”. Sa deireadh, áfach, rinne an Foras an cinneadh nach raibh aon ghá le searmanas bronnta agus beartaíodh na teastais a sheoladh amach sa phost.
“Rinneadh cinneadh na teastais a sheoladh amach sa phost chuig daoine seachas aon mhoill bhreise a chur orthu. Bhí orainn na seoltaí poist a dheimhniú leis na haistritheoirí, rud atá déanta anois,” a dúradh i ráiteas a tugadh do Tuairisc.
Seoladh na teastais Dé hAoine seo caite agus tá Foras na Gaeilge ag súil go mbeidh siad ag na haistritheoirí faoi dheireadh na seachtaine seo.
Cháin duine de na haistritheoirí a rinne an scrúdú in 2022 an Foras go láidir faoin moill a bhí ann an teastas a fháil uathu agus dúirt go raibh an mhoill ina húdar frustrachais dó agus é ag cur isteach ar na deiseanna a bhí aige obair mar aistritheoir gairmiúil a fháil.
“De réir na dtreoracha a tugadh don chomórtas earcaíochta ar chuir mé isteach air, ní féidir aon cháilíocht nó taithí ghairmiúil a chur san áireamh san iarratas mura bhfuil teastas leis. Luaigh mé san iarratas nach bhfuil an teastas agam, gur éirigh liom sa scrúdú agus nach mbeinn in ann an Séala a lua go hoifigiúil leis an iarratas,” a dúirt Ciarán Ó Braonáin le Tuairisc i mí Eanáir.
Fág freagra ar 'Cinneadh déanta gan searmanas bronnta a reáchtáil d’aistritheoirí atá dhá bhliain ag fanacht lena dteastas'