Cinneadh déanta ag iascairí na háite gan an pobal a thabhairt amach ar Oileán Mhic Dara lá na féile

Deir Coiste Fhéile Mhic Dara go raibh fadhb le brath le blianta toisc na sluaite a bhíodh ag freastal ar an bhféile roimh theacht na paindéime

Cinneadh déanta ag iascairí na háite gan an pobal a thabhairt amach ar Oileán Mhic Dara lá na féile

Tá cinneadh déanta ag iascairí agus bádóirí i gceantar Charna gan daoine a thabhairt amach chomh fada le hOileán Mhic Dara d’fhéile na bliana seo toisc an brú a bhí i gceist na sluaite a thabhairt amach.

Beidh Lá Fhéile Mhic Dara ann an Satharn beag seo, an 16 Iúil, agus cé go mbíodh na céadta daoine – idir thurasóirí agus mhuintir na háite – ag freastal uirthi, tá ráite ag coiste na féile go bhfuiltear ag seasamh le cinneadh na mbádóirí.

Bhí sé ina nós le tamall fada go dtabharfadh iascairí na háite daoine amach ar an oileán ina gcuid bád féin, as a stuaim féin, agus ‘gan pingin a iarraidh’, mar a deir Clíodhna Ní Chualáin ó Choiste Fhéile Mhic Dara.

“Tá muid chomh buíoch do na hiascairí agus do na bádóirí a rinne leis na blianta é, agus a muintir rompu,” ar sí.

Tháinig athrú air sin anuraidh, áfach, mar gheall ar bhaol Covid, agus an rud a tharla ná go ndeachaigh muintir na háite agus an cheantair máguaird amach ar an oileán ina gcuid báid phearsanta féin.

Deir Clíodhna Ní Chualáin go raibh thart ar 500 nó 600 duine ar an oileán anuraidh don Aifreann Lá Mhic Dara agus go raibh sé ‘álainn, nádúrthach’ an chaoi ar oibrigh an lá.

“Ní raibh an brú sin ar na hiascairí daoine a thabhairt amach ar an oileán, bhí siad féin in ann sult a bhaint as an lá. Cheap an pobal gurbh álainn an rud a bhí ann. Tá Lá Mhic Dara tar éis éirí chomh mór sin, bíonn na sluaite ag tarraingt ar an oileán agus bhí an fhadhb seo ag teacht le roinnt blianta,” ar sí. 

“Is dócha gur ceist í seo do na blianta atá romhainn – ar cheart go mbeadh bád farantóireachta ann le daoine a thabhairt amach ar an oileán? Cá stopfadh sé? Céard é an líon is mó daoine a d’fhéadfadh bheith ar an oileán? Is ceist í sin do phobal Charna le plé amach anseo,” a deir Ní Chualáin. 

“Tá Lá Mhic Dara níos mó ná an Nollaig do mhuintir Charna. Bhí sé soiléir tar éis 2019 go raibh athrú ag teastáil. Bhí iascaire amháin nach raibh in ann freastal ar an Aifreann ar an oileán é féin mar go raibh sé ag tabhairt daoine eile amach ar an oileán an lá ar fad. Bhí an lá imithe dó,” ar sí. “Seo iad na daoine is mó a thuigeann Lá Mhic Dara.”

Deir Ní Chualáin go raibh an fhéile faighte chomh mór sin nach bhfeadfaí leanacht ar aghaidh leis an sean-nós a bhíodh ann. 

“Caithfear an líne a tharraingt in áit éigin,” ar sí. “Chonaic muid anuraidh go bhfuil an lá in ann oibriú gan na hiascairí ag tabhairt daoine chun an oileáin. Tá sé sin cruthaithe anois.”

Deir Ní Chualáin go raibh an fhadhb seo ag teacht le blianta, go dtí 2019.

“Bhí sé le tuiscint againn ansin go raibh an lá ag fáil chomh mór, agus na sluaite ag méadú, go raibh fadhb le lóistín sa gceantar fiú,” ar sí.

Deir Ní Chualáin go bhfuil an Coiste tar éis an nuacht a fhógairt agus deir sí freisin go mbeidh go leor imeachtaí eile ag tarlú i gCarna an lá sin d’aon duine nach féidir leo dul amach ar an oileán. 

“Beidh báid seoil sa gCuan i gCarna, beidh rásaí curachaí ann, beidh tae agus cístí ann agus go leor rudaí eile ag tarlú ar an lá. Tá míle fáilte roimh dhaoine teacht,” ar sí.

Fág freagra ar 'Cinneadh déanta ag iascairí na háite gan an pobal a thabhairt amach ar Oileán Mhic Dara lá na féile'