Cinneadh ‘an Ghaeltacht’ a fhágáil ar lár i dteideal Roinne pléite ag Kyne leis an Taoiseach

Tá súil ag an iar-aire stáit Gaeltachta Seán Kyne go mbeidh athrú poirt ag an Taoiseach faoi chinneadh maidir le teideal na roinne a mbeidh cúram na Gaeltachta uirthi

Cinneadh ‘an Ghaeltacht’ a fhágáil ar lár i dteideal Roinne pléite ag Kyne leis an Taoiseach

Tá ceist ainm na Roinne a mbeidh cúram na Gaeltachta uirthi feasta pléite ag an Teachta Dála agus iar-aire stáit Gaeltachta Seán Kyne leis an Taoiseach Leo Varadkar.

Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo ar dtús, ní bheidh ‘an Ghaeltacht’ luaite i dteideal aon roinn rialtais den chéad uair ó bunaíodh Roinn na Gaeltachta i 1956.

Is faoi roinn nua, an Roinn Cultúir, a bheidh cúram na Gaeltachta feasta.

Ní bheidh ‘an Ghaeltacht’ luaite ach an oiread i dteideal an aire shinsearaigh, Heather Humphreys, an tAire nua Cultúir, a bheidh i gceannas ar an roinn a mbeidh cúram na Gaeltachta uirthi.

Dúirt an t-iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív le Tuairisc.ie aréir go raibh sé “scannalach” nach mbeidh an Ghaeltacht luaite i dteideal na Roinne nua agus gur léiriú é an cinneadh ar “drochmheas agus easpa tuisceana an Taoisigh nua ar an nGaeltacht agus ar phobal na Gaeltachta”.

Is cosúil, áfach, go bhfuil Seán Kyne i ndiaidh ceist theideal na Roinne a phlé leis an Taoiseach nua Leo Varadkar agus súil ag an Teachta Dála as Gaillimh Thiar nach rachfar ar aghaidh leis an gcinneadh.

Thug Kyne an méid sin le fios ar na meáin shóisialta tráthnóna agus súil aige go mbeidh athrú poirt ag an Taoiseach.

Dúirt Kyne leis an gclár Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Seán Kyne bhfuil “díomá” air nach raibh sé i measc na ndaoine a fuair post ón  Taoiseach nuair a d’fhógair sé a chomh-aireacht Dé Máirt, ach go raibh súil aige post a fháil Dé Máirt nuair a fhógrófar liosta iomlán na n-airí stáit.

Fág freagra ar 'Cinneadh ‘an Ghaeltacht’ a fhágáil ar lár i dteideal Roinne pléite ag Kyne leis an Taoiseach'

  • Mánus

    Nár ionraicí “Roinn na mbreacGhaeltachtaí agus na niarGhaeltachtaí” mar theideal.