Cine4 ag dul ó neart go neart ach ceist nó dhó le cur

Tá Cine4 faoi lán seoil agus ag éirí go seoigh leis, ach an bhfuiltear ag baint ó Mhánas le Murchadh a íoc

Cine4 ag dul ó neart go neart ach ceist nó dhó le cur

Nuair a fógraíodh na hainmniúcháin IFTA le déanaí bhí saothar breá suaithinseach Éireannach in ann é a fhéachaint le piardaí móra an Bhéarla ar an scáileán beag is mór. 

D’éirigh leis An Cailín Ciúin deich n-ainmniúchán a ghnóthú, rud a d’fhág é ar comhtharrac le saothar mór-ráchairte Kenneth Branagh, Belfast. Tá ainmniúchán faighte ag an stiúrthóir agus scríbhneoir Colm Bairéad agus ag na haisteoirí Catherine Clinch agus Carrie Crowley. 

Lena chois sin ar fad tá ainmniúcháin aisteoireachta faighte ag Dónall Ó Héalaí agus Cillian Ó Gairbhí dá dtaispeántais in Foscadh, scannán eile de chuid Cine4 agus saothar a seoladh ar aghaidh mar ainmniúchán na hÉireann do ghradam Oscar na dteangacha iasachta. Ag Féile Scannán Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath, bhuaigh An Cailín Ciúin an gradam don Scannán is Fearr as Éireann, gradam a fuair Arracht, scannán eile de chuid Cine4 anuraidh. Fuair fadscannán Gaeilge eile, Róise & Frank, gradam ag féile na bliana seo don ensemble aisteoireachta is fearr.

Cloch mhíle faoi leith d’earnáil drámaíochta físe na Gaeilge é seo go léir, gan aon agó.

Níl an gaisce seo tagtha aniar aduaidh orainn, áfach, óir go bhfuil Cine4 ag sluaisteáil chugainn ó seoladh an scéim in 2017. Agus tá liosta na ndea-scannán a d’eascair as an gcomhghuaillíocht idir TG4, an BAI agus Fís Éireann ag éirí níos faide. Roimh Foscadh agus An Cailín Ciúin, bhí Arracht agus Finky againn. Moladh faighte acu ó léirmheastóirí agus duaiseanna buaite ag féilte in Éirinn agus thar toinn.  

Tá saothar eile sa cheárta faoi láthair – Tarrac, stiúrtha ag Declan Recks. Lonnaithe i gCorca Dhuibhe díreoidh sé ar chailín óg (Kelly Gough) a fhilleann ar an bhfód dúchais le haire a thabhairt dá hathair a bhfuil an tsláinte ag teip air. Beidh sí ag tabhairt faoin rásaíocht naomhóg arís agus láidreoidh a nasc leis an gceantar agus lena muintir. 

Tá Róise & Frank lonnaithe i nGaeltacht na Rinne agus díreoidh sé ar an mbriseadh croí a bhaineann le bás páirtí. Tá Róise (Bríd Ni Neachtain) ag caoineadh bás a fir nuair a thagann gadhar strainséartha an doras chuici. Cuireann iompar an ghadhair a fear i gcuimhne di agus ní fada nó go gceapann sí go bhfuil sé athionchollaithe. 

Tá a thuilleadh éagsúlachta romhainn.

Is léir go bhfuil na comhlachtaí léiriúcháin, scríbhneoirí agus stiúrthóir meallta ag an scéim. Agus cad ina thaobh nach mbeadh? 

Gné shuimiúil di ná an próiseas céimnitheach; dorn iarratas ag fáil maoiniú forbartha sula roghnófar an ceann a dtabharfar timpeall €1.2m dó. 

Is iontach an scéim í ó thaobh na scannánaíochta agus é ráite ag TG4 gurb é is aidhm di gradam Oscar a bhuachan lá éigin.

Ach dá mhealltaí an bhrionglóid, is beag scannán Oscar a dhéantar ar €1.2 milliún agus bíodh is go bhfuil na léiritheoirí buíoch tá frustrachas agus srianta áirithe ag baint lena leithéid de bhuiséad d’fhadscannán atá in ainm is é a fhéachaint le plúr na scannán idirnáisiúnta.

Níos giorra don mbaile, tá ceist nó dhó le cur i gcónaí faoi theanga na mbunscríbhinní as a dtagann cuid de shaothair Cine4.

Breis is 25 bliain ó bunaíodh TG4, an Béarla, i gcásanna áirithe, bunteanga na cruthaitheachta.  

An t-aon bhreac eile sa bhainne ná go bhfuil pinginí drámaíochta uile an stáisiúin anois á slogadh ag Ros na Rún agus Cine4. Táthar ag baint ó Mhánas le Murchadh a íoc. Dá fheabhas iad saothair na scéime níl ach sé shaothar tagtha chugainn go dtí seo agus tú ag caint ar dhá cheann sa bhliain nó mar sin, dá réir. Is tearc iad na saothair dhrámaíochta. Cá dtiocfaidh na sraitheannna teilifíse amhail Corp & Anam agus Grace Harte feasta?

An raghfar i muinín mhúnla An Klondike agus leagan ciorraithe de shraith a sheoladh mar shaothar don scáileán mór? Cá mbeidh na gearrscannáin, seánra a bhí mar mháithreacha le soláthar drámaíochta an stáisiúin ar feadh i bhfad?

Ba iad na saothair sin a thug deis do scríbhneoirí, stiúrthóirí agus aisteoirí óga teacht in inmhe. Óir go bhfuil Murchadh ag déanamh go maith ba cheart do TG4 aon phingní breise drámaíochta a chur i dtreo Mhánais. 

Idir an dá linn, bainimis súp as sárobair Cine4.

Fág freagra ar 'Cine4 ag dul ó neart go neart ach ceist nó dhó le cur'