Cill Chartha i mbarr a réime i nDún na nGall arís agus mórscéalta eile spóirt na deireadh seachtaine

Cill Chartha i mbarr a réime i nDún na nGall arís; easpa smachta ag cur as do Chonnachta; leithscéalta Van Gaal ag eirí leadránach; agus scannal eile drugaí le teacht ón Spáinn?

Stephen McBrearty (ar dheis) ag imirt do Chill Chartha i gComórtas Peile na Gaeltachta. Pic le Seán Ó Mainnín
Stephen McBrearty (ar dheis) ag imirt do Chill Chartha i gComórtas Peile na Gaeltachta. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Cill Chartha i mbarr a réime i nDún na nGall arís

Cé go raibh moill cúpla seachtain ar an gcluiche ceannais, tháinig críoch le Craobh Peile Faoi-21 Dhún na nGall le linn na deireadh seachtaine agus ba iad Cill Chartha, a bhuaigh an comórtas i 2011 agus 2013, a bhí ag ceiliúradh. Ba iad Naomh Adhamhnáin a bhuaigh ar Chill Chartha sa chluiche ceannais anuraidh, ach ba é a mhalairt a tharla i mbliana agus buachaillí Leitir Ceanainn ag cailleadh, 0-13 in aghaidh 1-8 ar deireadh.

Rinne Naomh Adhamhnáin teacht aniar deireanach sa chluiche ceannais i 2014 chun an chraobh a sciobadh leo ó Chill Chartha agus bhreathnaigh sé go raibh siad chun amhlaidh a dhéanamh i mbliana. Cé go raibh Cill Chartha cúig phointe chun cinn, 0-11 in aghaidh 0-6, gan ach deich nóiméad fágtha, d’aimsigh Naomh Adhamhnáin 1-1 in imeachtt cúpla nóiméad chun Chill Chartha a chur i mbaol.

Bhí ceacht foghlamtha acu ó 2014, áfach, agus d’éirigh le Cill Chartha an bhearna a mhéadú an athuair a bhuíochas le pointí ó Matthew McClean agus Conor Doherty. Bua dhá-phointe a bhí acu ar deireadh.

Steffan Evans ag scóráil úd do Scarlets in aghaidh Chonnacht. INPHO/Craig Thomas
Steffan Evans ag scóráil úid do Scarlets in aghaidh Chonnacht. INPHO/Craig Thomas

Easpa smachta ag cur as do Chonnacht arís

Ag deireadh mhí na Samhna, bhí na Connachtaigh i mbarr a réime. Bhí siad ar bharr tábla an Pro12 agus bua stairiúil acu i bPáirc Thuamhan in aghaidh Cúige Mumhan. Ó shin áfach, is in olcas atá cúrsaí imithe. Tá na ceithre chluiche a d’imir siad sa tsraith ó shin caillte acu agus iad anois tite siar go dtí an ceathrú háit sa tábla, cúig phointe taobh thiar de Scarlets, an fhoireann a bhuaigh orthu an deireadh seachtaine seo.

Nochtadh arís sa chluiche sin sa Bhreatain Bheag ceann de na seanlaigí is mó atá ag na Connachtaigh le roinnt blianta anuas. Chaill fir an iarthair smacht ag deireadh an chluiche agus cuireadh ar ceal an obair mhaith a bhí déanta roimhe sin acu. I Parc y Scarlets, áit nach bhfuil cluiche buaite ag Connacht riamh, bhí siad 19-18 chun cinn gan ach 20 soicind fágtha nuair a ghéill Ronan Loughney cic éirice, cic a shlánaigh Steve Shingler chun an bua a thabhairt don fhoireann bhaile.

Bhí mí-ádh ar fhoireann Pat Lam ó thaobh gortaithe de le roinnt seachtainí anuas ach tá na himreoirí a bhí in easnamh ag filleadh de réir a chéile agus caithfidh na Connachtaigh feabhsú go luath má tá tairbhe le baint as an dea-imirt ar fad a rinne siad ag tús an tséasúir.

INPHO/Lorraine O'Sullivan
INPHO/Lorraine O’Sullivan

Leithscéalta Van Gaal ag eirí leadránach

“Cé mhéad deiseanna a chruthaigh Sheffield United? Níl aon duine ag caint faoi sin.” B’shin a bhí le rá ag bainisteoir Manchester United Louis Van Gaal tar éis chluiche United i gCorn an FA. Agus é bréan de na ceisteanna uile faoin stíl leadránach a bhí ag a fhoireann féin, bhí fear na hÍsiltíre ag súil go dtabharfaí moladh dó as ucht foireann ón tríú sraith a choimeád ó dhoras.

Faraor do Van Gaal, ní leor sin chun lucht tacaíochta United a shásamh, go háirithe nuair atá breis agus £250 milliún caite aige ar imreoirí le dhá bhliain anuas. Ní chuideoidh cáineadh Paul Scholes le cás Van Gaal ach an oiread. Ní fhéadfadh Scholes, a dúirt sé, an fhoireann a chosaint as seo amach.

I bhfianaise a bhfuil feicthe againn ó Van Gaal roimhe seo, tá sé rócheanndána leis an stíl aige a athrú, is cuma cén gearán a dhéanfar. Agus Pep Guardiola agus Jose Mourinho ar fáil an samhradh seo, seans gurb é an cheanndánacht sin a chuirfidh deireadh lena thréimhse bainistíochta Old Trafford.

INPHO/Morgan Treacy
INPHO/Morgan Treacy

Scannal eile drugaí le teacht ón Spáinn

I 2006, chuir na póilíní sa Spáinn tús le Operación Puerto, fiosrúchán maidir leis an dochtúir, Emiliano Fuentes, agus a bhaint le dópáil sa spórt. Ba ar an rothaíocht is mó a bhí a chuid oibre dírithe ach d’admhaigh Fuentes go raibh sé ag obair le lúthchleasaithe ó roinnt mhaith spórt eile, gan aon ainm a lua.

Cé go bhfuil beagnach deich mbliana caite ó cuireadh tús le Operación Puerta, beidh an scéal uile sa nuacht arís go luath mar gheall ar chinneadh cúirte atá le déanamh i Madrid. Faoi láthair, tá thart ar 200 mála fola a gabhadh san fhiosrúchán á stóráil i gclinic sa Spáinn, ach trí bliana ó shin, rialaigh breitheamh gur cheart na málaí fola uile a scriosadh gan scrúdú a dhéanamh orthu. Rinne roinnt eagraíochtaí frithdhópála achomharc i gcoinne an chinnidh sin agus tá toradh an achomhairc sin le fógairt am éigin an mhí seo.

Má rialaítear gur féidir scrúdú a dhéanamh ar na málaí fola seo, seans go mbeidh sé ar cheann de na scannail is mó atá feicthe againn sa spórt. Níor bhain scannal mór dópála den sacair fós, ach tá sé ráite ag Fuentes gur oibrigh sé le foireann a bhí ag glacadh páirte i Sraith na gCuradh. Dá n-eosfaí cén fhoireann a bhí ann, nó cérbh iad na himreoirí a raibh sé ag obair leo, ní hí an chaimiléireacht i FIFA an t-aon fadhb a bheidh ag lucht sacair.

Fág freagra ar 'Cill Chartha i mbarr a réime i nDún na nGall arís agus mórscéalta eile spóirt na deireadh seachtaine'