Cill Chainnigh ar ais i gcluiche ceannais na hÉireann a bhuí le hobair na gCat

Imreoidh foireann Derek Lyng in aghaidh churaidh na hÉireann Luimneach a bheidh ag iarraidh an chraobh a bhuachan don cheathrú bliain as a chéile

Cill Chainnigh ar ais i gcluiche ceannais na hÉireann a bhuí le hobair na gCat

Cill Chainnigh 1-25 An Clár 1-22

Cill Chainnigh a bheidh á fhéachaint le Luimneach i gcluiche ceannais na hÉireann.

Tá ré Diarmuid Lyng i gCill Chainnigh faoi lán seoil agus na Cait stiúrtha aige chuig cluiche ceannais na hÉireann ina chéad bhliain aige mar bhainisteoir. Cé go bhfuil Brian Cody bailithe leis, seantréithe Chill Chainnigh ba chúis lena mbua trí phointe ar an gClár sa chluiche leathcheannais seo.

Is cinnte nach bhfuil foireann seo na gCat chomh láidir agus a bhí sí le linn ré órga Cody ach ní fhéadfaí a rá nach bhfáisceann siad gach ar féidir as an gcumas atá iontu. Ba iad na bunscileanna cosanta – húcáil, blocáil agus díograis – bunchloch bhuanna Chill Chainnigh riamh agus tugadh sampla eile de sin inniu.

Ba é an cúl a scóráil Eoin Cody agus ceathrú uaire fágtha scór cinniúnach an chluiche agus ba é díocas Chill Chainnigh a chruthaigh é. Bhí tús iontach curtha ag an gClár leis an dara leath, iad imithe 0-19 in aghaidh 0-17 chun tosaigh tar éis dóibh a bheith cúig phointe chun deiridh ag leath ama ach cuireadh an obair ó mhaith i bpreabadh na súl. Scóráil Paddy Deegan pointe tábhachtach chun CIll Chainnigh a shocrú. Ón bpoc amach, bhí Rory Hayes an Chláir ag moilleadóireacht agus é ag teacht amach leis an sliotar agus d’éirigh le Billy Ryan teacht aniar aduaidh air chun é a bhaint de. Phioc TJ Reid suas é, thug sé d’Eoin Cody é agus bháigh an tosach iarracht san eangach.

Ní raibh deireadh uile leis an gClár, áfach. Bhí siad ar ais ar comhscór théis 62 nóiméad nuair a bhuail Shane O’Donnell raspar thar Eoin Murphy sa chúl ach bhí an chosúlacht ann mar sin féin go raibh cuid den ghaoth bainte as seolta an Chláir agus teipthe orthu brú a chur ar Chill Chainnigh nuair a bhí an deis acu.

Tom Phelan, Cill Chainnigh chun tosaigh. Pictiúr Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Chríochnaigh TJ Reid le 0-12 agus é anois ar an duine a bhfuil an líon is mó scóranna aimsithe aige i stair na craoibhe, agus d’fhág dhá bhuille saor uaidh agus pointe eile ó Eoin Cody, a d’aimsigh 1-5, go raibh Cill Chainnigh trí phointe chun cinn agus am cúitimh ag teannadh linn. Léiríodh díograis na gCat arís sna nóiméid dheireanacha nuair a rinne Paddy Deegan agus Huw Lawlor blocanna ar iarrachtaí ó David Reidy agus Peter Duggan agus bheadh an Clár ar ais ar comhscór murach sábháil dhochreidte a rinne Eoin Murphy ó Duggan sa 73ú nóiméad. Scinn an sliotar de chamán Murphy agus ansin bhuail sé an trasnán sular éirigh le Diarmuid Ryan é a chur thairis do chúilín. D’aimsigh Pádraig Walsh, a tháinig isteach mar ionadaí, an pointe deireanach chun bearna trí phointe a fhágáil eatarthu ar deireadh.

B’fhéidir go mbeadh scéal eile ann dá mbeadh an Clár chomh maith sa chéad leath is a d’imir siad ag tús an dara leath sin. Bearna 0-15 in aghaidh 0-10 i bhfabhar Chill Chainnigh a bhí ann ag an mbriseadh agus d’fhéadfadh sé a bheith níos mó. Mar a rinne anuraidh, bhí Mikey Butler ag marcáil Tony Kelly agus arís choinnigh an Buitléarach laoch an Chláir ciúin go maith, gan ach aon phointe amháin faighte ag Kelly.

Buillí saora ó TJ Reid, ocht gcinn acu sa chéad leath, a chruthaigh an bhearna do Chill Chainnigh sa chéad leath ach bhí Eoin Cody an-mhaith chomh maith agus trí phointe aige sa chéad 35 nóiméad. Bhí cosaint Chill Chainnigh thar barr freisin. Rinne Conor Fogarty blocáil iontach ó Mark Rodgers sa 23ú nóiméad chun cúl a stopadh ach rinne Richie Reid, faoi dhó, agus Adrian Mullen blocanna den scoth freisin chun an Clár a choinneáil amach.

Pé rud a dúirt Brian Lohan lena chuid imreoirí ag leath ama, áfach, d’oibrigh sé. Ní raibh ach 20 soicind imeartha sa dara leath nuair a fuair Rodgers a chéad scór ón imirt agus bhí an bhearna laghdaithe go dtí dhá phointe cúpla nóiméad ina dhiaidh sin a bhuíochas de scóranna ó David Fitzgerald agus Rodgers arís.

Bhí Rodgers, Fitzgerald, Ian Galvin agus Shane O’Donnell ag brú an Chláir chun cinn sa chéad tréimhse sin den dara leath agus d’fhág cúig phointe as a chéile, ceithre cinn ó Rodgers agus ceann ag David Reidy, go raibh an Clár chun tosaigh den chéad uair sa chluiche. Ní raibh siad amhlaidh ar feadh i bhfad, áfach. Údar mór díomá an chaoi gur chlis orthu in aghaidh Chill Chainnigh i gcluiche leathcheannais na bliana seo caite ach seans go ngoillfidh an ceann seo orthu níos faide agus deis caillte acu cluiche ceannais na hÉireann a bhaint amach den chéad uair le deich mbliana anuas.

Kyle Hayes, Luimneach, ar an ionsaí. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Bhain foireann Luimnigh áit amach sa chluiche ceannais den chúigiú huair le sé bliana anuas nuair a fuair siad an ceann is fearr ar Ghaillimh le naoi bpointe i bPáirc an Chrócaigh tráthnóna inné. Bhí an chuma ar an scéal théis 25 nóiméad den chluiche seo go raibh an-seans ag na Gaillimhigh seaimpíní na hÉireann le trí bliana anuas a chur de dhroim seoil ach, mar atá déanta ag Luimneach i gcaitheamh an tséasúir seo, léirigh siad a gcumas nuair ba ghá. Bhí Gaillimh sé phointe chun tosaigh agus deich nóiméad fágtha sa chéad leath, 1-12 in aghaidh 1-6, ach, idir sin agus deireadh an chluiche, scóráil Luimneach 1-18 agus gan ach sé phointe ó Ghaillimh. Greadadh ceart.

Diarmuid Byrnes agus Darragh O’Donovan a thug ar ais sa choimhlint iad ag deireadh an chéad leatha sin agus ní raibh ach pointe idir na foirne ag an mbriseadh, Gaillimh 1-13 in aghaidh 1-12 chun tosaigh. Scóráil Aaron Gillane a dhara cúl do Luimneach théis 46 nóiméad chun iad a chur 2-16 in aghaidh 1-15 chun cinn agus cé go raibh beagnach 30 nóiméad fágtha sa choimhlint, bhí rás na Gaillimhe rite.

Bhí Brian Concannon agus Cathal Mannion, a fuair an-chúl sa chéad leath, go láidir san imirt nuair a bhí Gaillimh ag dul go maith ach is ar éigean go raibh radharc ar bith orthu sa dara leath agus gach duine i ngeansaí marúin plúchta ag sárfhoireann Luimnigh.  Bhí Gillane, a chríochnaigh le 2-5, Gearóid Hegarty, Peter Casey, Tom Morrissey, Cathal O’Neill agus Graeme Mulcahy ina measc siúd a d’aimsigh scóranna sa 20 nóiméad deireanach agus súil chun cinn á caitheamh ag lucht leanúna Luimnigh ar an gcluiche ceannais i bhfad roimh dheireadh na himeartha.

Fág freagra ar 'Cill Chainnigh ar ais i gcluiche ceannais na hÉireann a bhuí le hobair na gCat'