Ciarraí v Corcaigh, Gaillimh v Cill Chainnigh agus na cluichí móra eile a bheidh ar siúl an deireadh seachtaine seo

Beidh curaidh cúige againn den chéad uair i mbliana an Domhnach seo nuair a bheidh deireadh ráite idir Gaillimh agus Cill Chainnigh i gcraobh iomána Chúige Laighean. Roimhe sin tabharfaidh Corcaigh a ndúshlán do Chiarraí sa pheil

Munster GAA Football Senior Championship Final 6/7/2014 Cork vs Kerry Kerry's James O’Donoghue and Michael Shields of Cork Mandatory Credit ©INPHO/Cathal Noonan
James O’Donoghue agus Michael Shields. Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan

Tá an domhan de dhifríocht idir an tréimhse ullmhúcháin a bhí againn roimh chluiche ceannais peile na Mumhan i mbliana agus an tréimhse chéanna anuraidh, cé nach bhfuil na cúinsí ar fad chomh difriúil sin.

Anuraidh, chríochnaigh Corcaigh ar bharr an tábla sa tsraith tar éis dóibh dul i bhfeidhm ar mhórán. Chomh maith leis sin, rinne siad scrios iomlán ar Chiarraí san earrach agus is ar éigean a thug foireann Éamonn Fitzmaurice na cosa leo i Roinn 1. Maidir le tús an tséasúir, is é an t-aon difríocht idir torthaí na bliana seo agus torthaí na bliana seo caite ná gur le 11 phointe seachas le deich bpointe a bhuaigh Corcaigh nuair a chas na foirne le chéile i bPáirc Uí Rinn i mí an Mhárta.

Nuair a thaistil Ciarraí chuig Páirc Uí Chaoimh do chluiche ceannais an chúige anuraidh, bhí amhras ann fúthu. Gan Paul Galvin ná Colm Cooper, is ag streachailt a bhí siad in aghaidh an Chláir, ach chuir an greadadh a thug siad do Chorcaigh fuinneamh sa bhfoireann in athuair agus is ina seaimpíní ar Éirinn a chríochnaigh siad an bhliain.

Cé go raibh idir dheathaispeántais agus drochthaispeántais acu sa tsraith, is iad Ciarraí rogha na coitiantachta don chluiche ceannais seo, go háirithe mar go ndealraíonn sé go bhfuil foireann níos láidre acu fiú ná mar a bhí nuair a bhuaigh siad an chraobh an fómhar seo caite.

Dúirt Fitzmaurice i rith na seachtaine go dtiocfaidh an cluiche seo róluath do Galvin agus Tommy Walsh agus ba dhána an cinneadh aige Gooch a fhágáil ar an taobhlíne gan trácht ar Anthony Maher agus Paul Geaney. Mar sin féin, tá, ar a laghad, a rogha de dheichniúr tosaithe den scoth ag an mbainisteoir.

Níl mórán daoine ag súil go mbuafaidh Corcaigh ach fós tá brú ollmhór ar Brian Cuthbert. Seo é an dara bliain de théarma dhá bhliain aige agus ní leor a thuilleadh taispeántais mhaithe sa tsraith agus teip sa chraobh. Bí cinnte go bhfuil Cuthbert ag díriú ar an gcluiche seo ó thug Baile Átha Cliath stánáil dóibh i gcluiche ceannais na sraithe agus bheadh iontas ar dhuine mura mbeadh plean ar leith ullmhaithe aige don lá inniu.

Tar éis dóibh géilleadh i gcluiche ceannais na Mumhan, thug Cuthbert córas imeartha iomlán nua isteach do na cluichí cáilithe anuraidh ach b’éigean dó athruithe eile a dhéanamh ar a fhoireann le linn na sraithe. Má tá Corcaigh ag iarraidh dul chun cinn a dhéanamh, bheifeá ag ceapadh go mbeidís ag baint úsáide faoin tráth seo as stíl imeartha a bhfuil siad dulta i dtaithí uirthi, stíl a dhéanfadh leas Colm O’Neill agus Brian Hurley sa líne lántosach.

Mar mura dtugann an bheirt sin taispeántais mhóra uathu, is deacair tada eile seachas bua do Chiarraí a shamhlú.

Rogha Tuairisc.ie: Ciarraí

Jonjo Farrell agus Johnny Coen.  Pictiúr: ©INPHO/James Crombie
Jonjo Farrell agus Johnny Coen.
Pictiúr: ©INPHO/James Crombie

I bPáirc an Chrócaigh níos déanaí sa tráthnóna, beidh Gaillimh ag iarraidh aithris a dhéanamh ar an taispeántas a thug siad uaidh in aghaidh an fhreasúra chéanna i gcluiche ceannais 2012. Ba é sin an chéad bhliain ag Anthony Cunningham ina bhainisteoir ar Ghaillimh agus níor éirigh leo an leibhéal céanna imeartha a bhaint amach ó shin.

Ar a shon sin, tá comharthaí feicthe againn i mbliana go mb’fhéidir go mbeadh na Gaillimhigh in ann dul chun cinn a dhéanamh sa chraobh i mbliana. Tar éis dóibh críochnú ar comhscór le Baile Átha Cliath ag tús na míosa seo caite, thug siad greadadh dóibh san athimirt agus rinne siad scrios ar Laois freisin – foireann achrannach ag na Gaillimhigh le cúpla bliain anuas.

Scóráil Gaillimh 8-47 sa dá chluiche sin agus is sa líne lántosach atá an chuid is mó den damáiste á dhéanamh acu. Dar ndóigh, is é Joe Canning príomhscórálaí na foirne agus 3-24 faighte aige go dtí seo, ach déanann Cathal Mannion (3-7) agus Jason Flynn (0-11) a sciar féin den obair freisin. Údar misnigh dóibh freisin is ea na hathruithe atá tagtha ar fhoireann Chill Chainnigh le déanaí. Dá gcuirfeá an cheist ar mhuintir na Gaillimhe le cúpla bliain anuas cén t-imreoir de chuid Chill Chainnigh ba mhaith leo a fheiceáil i ngeansaí marúin, bheadh JJ Delaney agus Brian Hogan ar na freagraí is coitianta. Agus an bheirt sin éirithe as anois, beidh Gaillimh ag iarraidh brú a chur ar na himreoirí nua atá tagtha isteach, go háirithe Joey Holden sa líne lánchúil.

Ós ag caint ar imreoirí úra Chill Chainnigh é, is é Ger Aylward an duine is deireanaí atá tagtha isteach sa bhfoireann agus é ag iarraidh a dheis a thapú. Cuimhneoidh lucht leanúna na Gaillimhe go maith ar an uair a tugadh an deis chéanna do Walter Walsh in 2012 – chríochnaigh sé mar laoch na himeartha san athbhabhta den chluiche ceannais.

Go dtí gur thosaigh foireann Brian Cody ar a bhfeachtas craoibhe cúpla seachtain ó shin ní raibh mórán cainte ar na Cait, go háirithe agus an oiread sin le rá faoi Phort Láirge agus Luimneach ag tús an tsamhraidh. Anois agus Loch Garman buailte go héasca acu, tá aird an phobail arís orthu.

Sna cúig chluiche is deireanaí a d’imir Gaillimh agus Cill Chainnigh in aghaidh a chéile, bhí an lá ag Gaillimh uair amháin, chríochnaigh dhá chluiche ar comhscór agus bhuaigh Cill Chainnigh sa dá athimirt sin. Tá gach seans ann go mbeidh iomaíocht cehart i gcluiche an lae inniu freisin ach, agus trí chluiche craoibhe curtha díobh acu cheana féin, b’fhéidir gur ag na Gaillimhigh atá an lámh in uachtar.

Rogha Tuairisc.ie: Gaillimh


Dé Sathairn, 4 Iúil

Craobh Pheile na hÉireann – Cluichí Cáilithe 2A

Uíbh Fhailí v Cill Dara, Páirc Uí Chonchúir, 2 i.n.

An Clár v An Longfort, Páirc Uí Chíosóg (Inis), 5 i.n.

An Cabhán v Ros Comáin, Páirc Breffni, 5 i.n.

Craobh Iomána na hÉireann – Babhta 1A

An Clár v Uíbh Fhailí, Páirc Uí Chíosóg (Inis), 7 i.n.

Laois v Baile Átha Cliath, Páirc de Mórdha, 7 i.n.

Loch Garman v Corcaigh, Páirc Loch Garman, 7 i.n.

Dé Domhnaigh, 5 Iúil

Craobh Pheile na Mumhan – Cluiche Ceannais

Ciarraí v Corcaigh, Staid Mhic Gearailt, 2 i.n.

Craobh Pheile na hÉireann – Cluiche Cáilithe 2A

Fear Manach v Aontroim, Páirc Brewster, 3 i.n.

Craobh Iomána Laighean – Cluiche Ceannais

Cill Chainnigh v Gaillimh, Páirc an Chrócaigh, 4 i.n.

Craobh Iomána na hÉireann – Babhta 1

An Iarmhí v Luimneach, Páirc Uí Chíosóg (An Muileann gCearr), 2 i.n.

Fág freagra ar 'Ciarraí v Corcaigh, Gaillimh v Cill Chainnigh agus na cluichí móra eile a bheidh ar siúl an deireadh seachtaine seo'