Ciara Ní É ceaptha ina scríbhneoir cónaithe in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath

Tá an scríbhneoir, tionchaire aitheanta ar líne agus bunaitheoir REIC, Ciara Ní É, ceaptha ag DCU mar scríbhneoir cónaithe

Ciara Ní É ceaptha ina scríbhneoir cónaithe in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath

Tá Ciara Ní É, as Baile Átha Cliath, ceaptha ina scríbhneoir cónaithe in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.

Scríbhneoir agus tionchaire aitheanta ar líne í Ciara Ní É, agus is í a chuir tús leis na hoícheanta filíochta Gaeilge REIC.

Foilsíodh saothar le Ní É in irisí liteartha éagsúla, Icarus agus Comhar ina measc. Tá saothar dá cuid coimisiúnaithe ag RTÉ TV, BBC Radio, TG4, Áras Scríbhneoirí na hÉireann agus go leor eile.

Bhí Ní É, a bhfuil a céad chnuasach filíochta idir lámha aici, i measc na bhfilí a roghnaíodh don scéim ‘Introductions’ de chuid Éigse Éireann, scéim atá dírithe ar fhilí atá ag teacht chun cinn.

Tá sraith físdánta ar YouTube ag Ní É, a rinneadh i gcomhar le hÁras Scríbhneoirí na hÉireann agus tá sí le feiceáil i mbun aithrise ar a cuid saothair i bhfíseán mór-ráchairte, ‘Phenomenal Woman’, a chuir Cumann Pheil na mBan amach anuraidh.

An bhliain seo chugainn a chuirfidh Ní É tús lena tréimhse mar scríbhneoir cónaithe na hollscoile, mar a mbeidh ceardlanna filíochta agus scríbhneoireachta á reáchtáil aici do mhic léinn na hollscoile.

Tiocfaidh sí i gcomharbacht ar Réaltán Ní Leannáin.

Fág freagra ar 'Ciara Ní É ceaptha ina scríbhneoir cónaithe in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath'