Nuair a dhúisím den chéad uair in áit nó i dtír atá nua dom tagann sceitimíní orm. Na radhairc, na fuaimeanna, na daoine… bíonn mé ag tnúth leis an tréimhse atá romham, ag súil le blaiseadh a fháil den chultúr, den teanga agus de shaol na háite.
Sin an dóigh a mhothaigh mé ar an 29 Bealtaine seo a chuaigh thart agus mé ag fáil réidh le siúl isteach go lár chathair Lviv. Ba deacair dom a chreidmheáil go raibh mé san Úcráin. Ach bhí agus bheinn go ceann trí seachtaine.
Is beag eolas a bhí agam ar an Úcráin sular thosaigh an Rúis cogadh ina haghaidh. Ag marú, ag scriosadh a gcuid tithe, a mbailte agus a gcathracha, agus ag goid bhia na tíre. Chuir sé fearg orm. Níor chreid mé go bhféadfadh seo tarlú, ní raibh sé ceart ná cóir.
Thosaigh mé ag leanstan na nuachta faoin chogadh agus ag cuir suim sna daoine cróga, cliste agus cruthaitheacha a bhí ag seasamh an fhóid agus ag troid in aghaidh arm ollmhór cumhachtach an deachtóra Rúisigh.
Bhí agus tá trua agam do mhuintir na hÚcráine. Dóibh siúd atá ag déanamh iarracht treabhadh ar aghaidh leis an saol chomh maith agus is féidir leo sa tír féin agus dar ndóigh dóibh siúd arbh éigean dóibh éalú ón gcogadh. B’fhearr leo siúd i bhfad a bheith sa mbaile ach é a bheith sábháilte.
Chuir mé aithne ar chuid acu atá ag cur fúthu anseo i nGaoth Dobhair agus thosaigh mé ag tacú le grúpa deonach déanta dróin atá lonnaithe i mbaile beag gar do chathair Lviv in iarthar na hÚcráine. Is daoine cliste agus cumasach iad agus i mí Aibreáin na bliana seo shocraigh mé go dtabharfainn cuairt cúpla seachtain ar an tír, dá dtiocfadh liom sin a dhéanamh go réasúnta sábháilte. Leag mé amach trí sprioc dom féin:
An chéad sprioc, cúrsa Úcráinise a dhéanamh in Lviv. I ndiaidh roinnt taighde agus cúpla ríomhphost agus glaonna siar is aniar chuir mé 50 uair an chloig de ranganna in áirithe trí Ollamh Teangeolaíochta Ollscoil Náisiúnta Lviv.
An dara sprioc – abhainn an Dnipro a fheiceáil. An abhainn a shíneann ó lár thuaisceart na tíre, ar theorainn na Bealarúise, soir ó dheas go cathair Dnipro sula sreabhann sí ó dheas agus siar tríd an áit ina raibh stáisiún ginte hidrileictreachais Kakhovka agus damba, sular scrios na Rúisigh é an t-am seo anuraidh, ar aghaidh trí chathair Kherson agus isteach sa Mhuir Dhubh.
Agus ar deireadh, an tríú sprioc, bualadh le Andriy. Is é Andriy an fear atá i gceannas ar an ghrúpa deonach a dtugann mé tacaíocht dóibh, a thógann orthu féin dróin a dhéanamh agus a sholáthar do bhriogáid den arm atá ag troid ar an líne thosaigh i gcoinne na Rúiseach.
Bhuel anois bhí an plean agam. Choinnigh mé faoi rún é. Níorbh fhiú buairt nó imní a chur ar mo mhuintir.
Cé nach turas deacair atá ann tá sé fadálach, tuirsiúil. Níor chuidigh sé le rudaí nuair a tháinig ríomhphost cúpla uair an chloig sula raibh mé le heitilt as an Charraig Fhinn ag cur in iúl dom go raibh an eitilt go Baile Átha Cliath curtha ar ceal. Shroich mé an geata don eitilt go dtí an Pholainn deich mbomaite sula raibh an geata le druidim! Ach sin scéal le hinsint le pionta!
Thosaigh an turas mar is ceart leis an eitilt sin ó Bhaile Átha Cliath go Rzeszów na Polainne. An lá dár gcionn ar aghaidh liom ar thraein go Przemyśl, baile atá buailte leis an teorainn agus áit ar féidir dul ar thraein as sin isteach go dtí an Úcráin. I ndiaidh fáil fríd lucht custaim na Polainne lean mé an scuaine de thart fá 400 duine chomh fada le traein de chuid Ukrzaliznytsia. Ní bheadh sé i bhfad anois go mbeadh mé ann!
Shocraigh mé síos sa ‘купе’ (coupe), seomra do cheathrar paisinéirí, agus d’fhág an traein an stáisiún. Ní raibh mé i bhfad socraithe síos don turas gairid 95 ciliméadar go Lviv nuair a stop an traein ag stáisiún beag, Mostys’ka Druhi, roinnt ciliméadar laistigh de theorann na hÚcráine. Tháinig oifigeach custaim ar bord agus bhailigh sí pas achan phaisinéir.
Ní raibh ach pas beag amháin le dath burgúnach sa charn a bhí i lámha an oifigigh! Go béasach agus sách cairdiúil d’fhiafraigh sí díom ‘Cá bhfuil do thriail?’. ‘Lviv,’ arsa mise. Bhí sí sásta leis sin agus lean sí uirthi ag déanamh a cuid oibre síos fríd na carráistí eile.
Thart fá uair an chloig níos moille tugadh ar ais na pasanna agus lean an traein ar aghaidh i dtreo mo cheann scríbe. Bhí ceisteanna ag rith fríd mo cheann. Caidé mar a bheadh sé a bheith i gcathair i dtír ina bhfuil cogadh ar siúl? An mbeadh achan rud druidte, gruama? An mbeadh na daoine i bhfolach sna hionaid dídine, sa dorchadas? Caidé a shílfeadh siad faoin duine seo as Éirinn ag teacht ar cuairt?
Shroich mé Lviv agus m’óstán. Sí an fhírinne murach fios a bheith agat go raibh cogadh sa tír is ar éigean go dtabharfá aon rud faoi deara sa chathair seo. Ag an tús, cibé.
I ndiaidh socrú síos agus eagar a chur ar mhálaí chuaigh mé amach ag siúl sa teas. Bhí fonn orm mo chéad chéimeanna cearta a ghlacadh i Lviv. Bhí níos lú ná dhá chéad slat siúlta nuair a chuala mé na bonnáin den chéad uair. Fuaim nó fead a ardaíonn agus a íslíonn agus teachtaireacht réamhthaifeadta ag fógairt baol aer-ruathair.
Go teoiriciúil ba chóir dom dul go dtí an t-ionad dídine ba ghaire dom, an t-óstán sa chás seo, agus fanacht go mbuailfeadh an dara bonnán a thabharfadh le fios go raibh an baol thart nó an ruathar críochnaithe. Ach aisteach go leor níor músclaíodh aon imní ionam. D’fhéach mé ar na daoine eile, muintir na háite, a bhí thart orm. Níor thug siadsan aon aird air an mbonnán. B’fhéidir nach gcluineann siad é níos mó. Lean mé orm ag spaisteoireacht.
Caithfidh na húdaráis foláireamh a thabhairt faoi chontúirt ar bith a d’fhéadfadh a bheith ann. Coinnítear súil go leanúnach ar chúrsaí chun aon diúracán nó drón a chuireann na Rúisigh san aer a aithint agus rabhadh a thabhairt don pobal in am trátha. An deacracht atá ann ná go nglacann sé roinnt ama a oibriú amach cén targaid go díreach atá ag na diúracáin nó ag na dróin. Mar thoradh air sin is minic a bhuaileann na bonnáin ‘gan chúis’ i roinnt ceantar. Anuas ar na bonnáin thig le daoine foláireamh a fháil fríd aipeanna agus ar na meáin shóisialta.
Bhí mo chéad ‘борщ’ (borshch) agam an tráthnóna sin. Anraith traidisiúnta Úcránach déanta go príomha as biatais, a thugann dath dearg sainiúil dó. Bíonn comhábhair eile ar nós cabáiste, prátaí, cairéid, agus oinniúin ann chomh maith. Is féidir an rud céanna a fháil le feoil, de ghnáth mairteoil nó muiceoil, chomh maith. Ach i gcónaí cuirtear uachtar géar agus lus mín (dill) úr ar fáil le meascadh isteach leis. Iontach blasta.
Le bolg lán do chodail mé go sámh ar mo chéad oíche san Úcráin. Ach fuair mé amach nárbh amhlaidh a chodail daoine eile. Tá sé de nós ag na Rúisigh ionsaithe aeir a dhéanamh i lár na hoíche chomh maith le hionsaithe i rith an lae. Beart lofa eile chun an pobal a thuirsiú, anuas ar achan rud eile atá á fhulaingt acu. I ndiaidh mo bhricfeasta shiúl mé isteach i dtreo lár na cathrach.
Bhí mé ar mo bhealach go dtí Ollscoil Náisiúnta Lviv – Ivan Franko. Cheannaigh mé leabhar deas nótaí clóite san Úcráin i siopa beag agus rinne mé deifir le bualadh le mo mhúinteoir Úcráinise, Marta, in am ar na céimeanna ag príomhdhoras na hOllscoile.
Bhí cuma thuirseach uirthi. Is léir gur chodail mise fríd an trup a rinne na bonnáin ag thart fán trí a chlog ar maidin! Níor chodail sise, agus is dóigh go leor do mhuintir na cathrach, néal. Ach in ainneoin na tuirse bhí ár gcéad rang againn. Tús deas bog le frásaí bunúsach ar nós Як справи? (Як справи – Caidé mar atá tú?), Добре (Dobre – Go breá), Моє ім’я… (Moye im’ya … – Is mise/M’ainm…), agus Дякую (Dyakuyu – GRMA).
Bhain mé sult mór as an chéad rang a bhí againn. Beidh le feiceáil cén toradh a bheidh ar an 47 uair an chloig de ranganna atá fágtha!
Go fóill ní mhothaím go bhfuil atmaisféar nó comharthaí ‘cogaidh’ le brath. Ach go cinnte tiocfaidh athrú ar sin.
Mar chlabhsúr ar mo chéad lá san Úcráin beidh mé ag bualadh le Andriy. Níl fhios agam caidé atá beartaithe don oíche anocht ach tuigim go bhfuil pleananna aige do na laethanta amach romhainn a chuirfidh gliondar agus iontas orm le bialanna ar leith, comhluadar, seisiúin cheoil, turais agus dar ndóigh na dróin.
Sin deireadh leis an chéad iontráil de mo dhialann taistil do Tuairisc ‘Cuairt ar an Úcráin’.
Chífidh, cloisfidh agus foghlaimeoidh mé níos mó faoin tír iontach seo atá faoi scáth an chogaidh. An dóigh a bhíonn Lviv nuair a imíonn an leictreachas. Na radhairc bhrónacha de mhórshiúlta sochraide do shaighdiúirí i lár na cathrach agus d’fhir a bhfuil géag nó cos caillte acu sa chogadh seo.
Labhróidh mé le daoine suimiúla ar nós an tiománaí tacsaí a bhíonn go rialta in oirthear na tíre ag tabhairt carranna go dtí saighdiúirí ag an líne thosaigh, agus le saineolaí teanga atá lonnaithe i gcampa NATO le hocht mí dhéag anuas. Baileoidh mé beart ‘rúnda’ gan ainm ó charráiste ar leith ar thraein ó oirthear na tíre. Agus tabharfaidh mé aghaidh ar thuras 14 uair a chloig go Dnipro, cathair atá thart fá 100 ciliméadar ón líne thosaigh.
Ach beidh sé sin sa chéad eagrán eile. Idir seo agus sin ‘До побачення друзі’ (Do pobachennya druzi) – slán go fóill a chairde.
JP
Táim ag súil go mór leis na míreanna eile ón údar seo. Is iontach go deo an éirim atá air chun Úcráinis a fhoghlaim, nár laga Dia é.
Ráinig go rabhas féin ag caint le fear ó Zaporizhzhia inniu agus é amuigh ag siúl lena dhá ghadhar.
Ní bhíonn dada eile le déanamh aige de dheallraimh.
Rúisis ar fad a labhrann sé bíodh go bhfuil tuiscint aige ar an Úcráinis chomh maith.
“Is Rúiseach mé!” adúirt sé liom faoi dhó, le fuinneamh.
Tháinig scian ina shúil nuair a tharraingíos Zelensky anuas chuige.
D’fhágas mar sin é.
Ach níorbh é a dhearúd gan a rá liom freisin go seolann Putin diúracán anall chucu “uair umá seach” leis.
An rud is mó a thuigeas uaidh (seanfhear ar bheagán Béarla) go bhfuil a chroí briste, go bhfuil uaigneas, brón agus cráiteacht thar beart air agus ná feadair sé ciacu ag teacht nó ag imeacht atá sé sa tír seo in imigéin.
Dála an scéil is Rúisis a labhair sé lena dhá ghadhar…