Chuirfeadh compás na Gaeilge soir an foghlaimeoir is díograisí féin!

Ní haon dóithín iad focail suíomh agus treo na Gaeilge, agus dá inmholta é dul siar ar an ngramadach, is fearr dul siar chun na Gaeltachta chun rialacha gramadaí a chloisteáil á mbriseadh, a deir ár gcolúnaí

Chuirfeadh compás na Gaeilge soir an foghlaimeoir is díograisí féin!

Dearmad a dhéanainnse ó am go ham agus mé fós ag teacht isteach ar threoracha na Gaeilge ná leithéid ‘Beidh mé thíos i gceann nóiméid’ a rá. ‘Beidh mé síos i gceann nóiméid’ an leagan ceart.

Mar sin féin, thuigfeá don fhoghlaimeoir loighciúil a cheapfadh a mhalairt. Is é a deirtí linne ar scoil, ‘téitear síos, tagtar aníos agus bítear thíos’.

Cé go bhfuil an méid sin cruinn ó thaobh na gramadaí de, tá an scéal níos caolchúisí ná sin, rud a thuigfeadh duine ar bith a chaithfeadh roinnt ama sa Ghaeltacht.

Tá solúbthacht sa chaint bheo nach mbíonn i gcónaí ag baint le rialacha gramadaí, ach ní fhágann sin gur caint mhíchruinn atá ann. Chloisfeá, mar shampla, idir ‘tar anuas liom’ agus ‘tar síos liom’. Ar an gcaoi chéanna, chloisfeá ‘tháinig sé suas liom slat ón téad’ agus ‘tháinig sé aníos liom slat ón téad’. ‘Thagaidís sin siar a’ainne’, is é sin, ‘anoir chugainne’, caint eile a chuala mé.

Pé rud faoin tsolúbthacht a bhaineann leis an mbriathar ‘tar’, tuigeadh dúinne agus sinn ar scoil gur ‘suas’ agus ‘síos’ amháin a bhí le húsáid le ‘téigh’ agus ‘dul’/‘gabháil’, ach bhí dul amú orainn. A leithéid seo ag beirt istigh i séipéal i gConamara cúpla lá roimh bhainis:

‘A Dheaide, cá mbeidh Máirtín ina sheasamh agus muide ag gabháil síos an aisle?’ arsa an bhean a bhí le pósadh. ‘Ní ag gabháil síos a bheas muid ach ag gabháil aníos,’ a deir a hathair léi. I dtreo na haltóra a bhí i gceist aige. D’fhoghlaim an cúléisteoir seo ceacht.

Ó thaobh na Gaeilge beo de, ‘gabháil’ (“goil”) atá thiar agus siar ó thuaidh; tá idir ‘dul’ agus ‘gabháil’ (“gu-wáil[t]”) ar bhéala na ndaoine ó dheas, agus béim ar an dara siolla sa dara focal díobh sin, mar is dual do na Muimhnigh.

Ag dul isteach go hÁrainn a bheadh muintir Chonamara, na Gaillimhe, agus muintir Chontae an Chláir. Istigh in oileán a bhítear ansin, ar ndóigh, agus amuigh ar an míntír. A mhalairt a thaibhseofaí don ghnáthfhoghlaimeoir tosaigh. Déarfaí ó dheas gur ‘thánadar go léir amach as an mBlascaod Mór’ agus Dún Chaoin bainte amach ag scata a bhí istigh i naomhóg.

Ag fanacht sa dúiche chéanna, deir scoláire liom go ndéanadh Tomás a’ Phota Ó Cinnéide dealú idir dhá fhochanúint i gCorca Dhuibhne; ceann ‘laisteas de thráigh’ agus ceann ‘lastuaidh de thráigh’. Is í an trá í Tráigh an Fhíona. ‘Ar an mBuailtín’ a deirtear laisteas de thráigh an Fhíona, agus ‘ar an mBuailthín’ a deirtear lastuaidh de thráigh, nó mar sin a bhí an scéal tráth ach go háirithe.

Ait go leor, ‘síos [dh]on nDaingean’ a théití ach shamhlóinn gur ‘isteach go dtí an [n]Daingean’ a théann an t-aos óg anois, cé go bhféadfadh dul amú a bheith orm.

‘Taobh thuaidh’, ‘taobh ó thuaidh’ nó ‘ó thuaidh’ is mó a deirtear i gConamara, san áit a mbeadh ‘lastuaidh’ ag an Muimhneach, agus na litreacha –bh báite ina chuid cainte ag fear Iorras Aithneach sa bhfocal taobh. Ach oiread leis na focail ‘taobh amuigh’ agus ‘lasmuigh’, níl ceachtar de na leaganacha thuas – ó thuaidh agus lastuaidh – ‘níos caighdeánaí’ ná a chéile, cé go dtaibhsítear a mhalairt do roinnt daoine. Leaganacha coitianta iad ‘taobh thuas’ agus ‘taobh thíos’ in Iorras Aithneach freisin.

Ag filleadh ar Chorca Dhuibhne dúinn, más siar ón mBuailtín atá Dún Chaoin, is ag ‘gabháil[t] ó thuaidh’ a bhítear agus duine ag dul ‘ó Dhún Chaoin ar an mBuailt[h]ín’, i.e. go dtí an Buailtín aniar. Is nós le muintir Chorca Dhuibhne féin ‘go dtí an mBuailt[h]ín’ a rá, ach oiread le ‘go dtí an nGaeltacht’ agus ‘go dtí an oileán’. ‘Go dtí an t-oileán’ a deireadh muintir an Oileáin féin, i.e. na Blascaodaigh. Ach le filleadh ar an bhfocal ‘thuaidh’, ‘an taobh thuaidh’ is mó a deirtí i nDún Chaoin, dar le scoláirí canúna; ‘an taobh ó thuaidh’ is mó a chloistí ar an mBuailtín. Ní foláir go raibh a leithéid sa cheann ag Pádraig Ua Maoileoin agus é ag scríobh Na hAird Ó Thuaidh, ach shamhlóinn go bhfuil meascán mearaí de na córais seo anois ann ag cainteoirí as chaon taobh de Ghaeltacht Chiarraí.

Ar ndóigh, ní i dtaobh le treoracha amháin a bheifí agus na focail seo á n-úsáid. ‘Ó thuaidh’ a deirtear mar fhocal molta ar dhamhsóir nó ar rinceoir maith; déarfaí amhlaidh le ceoltóir maith, leis. Uaireanta, ‘baintear siar’ as duine nó tagann rud ‘aniar aduaidh air’. Níl ganntanas samplaí den chineál céanna ann.

‘Dá mbeadh Páidín siar leis an gcur bréige faoi Bhealtaine, dhéanfadh Seán comhar na gcomharsan dó’ a scríobh Máirtín Ó Cadhain sa ghearrscéal Idir Shúgradh agus Dáiríre. Sin le rá, dá mbeadh Páidín chun deiridh leis an gcur, nó mura mbeadh dóthain síolta curtha in am aige, chabhródh Seán leis tuilleadh a chur. Siar Tigh Dic a théadh Seán agus Bairtliméid le crúiscín a ól in éineacht, agus iad ag ‘goid an bhealaigh leo aniar’ ag filleadh abhaile dóibh. Tigh Cháitín áit eile a thaithídís, go raibh sé ‘siar go maith sa lá’. Ag spraoi lena chéile a bhí a ngasúir nó gur thosaigh siad ag troid; ‘soir agus siar ar fud an bhóithrín’ a scaipeadh na milseáin tar éis do Taimín barrthuisle a bhaint as Cóilín sa scéal céanna.

Tá neart samplaí eile ag Máirtín Ó Cadhain, idir threoracha agus mheafair, in Cré na Cille, agus plé déanta ar an méid sin ag Pól Ó Gaibhín, scoláire Gaeilge as Baile Átha Cliath, i dtráchtas dá chuid, atá i Leabharlann Choláiste Phádraig, Droim Conrach.

Chuirfeadh cuid de leaganacha sin amú thú, nó bhainfidís siar asat ach a dtuigfidh tú i gceart iad. Ach luath nó mall, tiocfaidh tú isteach orthu – ach oiread is a thiocfaidh tú isteach ar threoracha agus ar airde an chompáis agus tú ag foghlaim na Gaeilge, fiú mura bhfuil luí agat lena leithéid! 

Idir an dá linn, is é mo bhreith féin nach aon dóithín iad – go mórmhór ag an té nár tógadh le Gaeilge.

Go deimhin, táthar ann a déarfadh go gcuirfidís soir thú mura mbeadh d’intinn socair!

Fág freagra ar 'Chuirfeadh compás na Gaeilge soir an foghlaimeoir is díograisí féin!'

  • Carraig

    Dála gach aon teanga eile tá cainteoirí ann atá níosa shlachtmhaire ná a chéile agus ní mór iad sin a thaobhú. Nó raghaidh an bhrilléis lasnairde (!) duit (!).