Chonaic mé flaithis na trócaire agus na fáilte i gCois Fharraige aréir…

Nochtadh leacht cuimhneacháin ag Dumhach na Leanbh sa Teach Mór i gCois Fharraige aréir in ómós do na daoine a cuireadh ansin gan sochraid

Chonaic mé flaithis na trócaire agus na fáilte i gCois Fharraige aréir…

Pic: Seán Ó Mainnín

Tráthnóna aoibhinn earraigh, i mo sheasamh ag Dumhach na Leanbh ar bhruach an Atlantaigh, an ghrian ag dul faoi, ceol draíochta an chóir á thionlacan ag éin an aeir, dhá rón agus a smuit aníos acu as an bhfarraige ag tabhairt a n-ómós féin do na mairbh le linn an Aifrinn, chonaic mé flaithis na trócaire agus na fáilte. 

Bhí sean is óg an phobail ansin ag dearbhú go poiblí gurb iad na mairbh sa gcillín seo cois cladaigh ár muintir, cé gur i gcroíthe a ngaolta amháin atá a n-ainmneacha greanta. Sagart de chuid na hEaglaise Caitlicí as an bpobal céanna ag iarraidh maithiúnas ar ár son as an éagóir a rinneadh ar na créatúir seo ar eitíodh iad féin agus a muintir faoi phaidreacha agus leaba i reilig choisricthe.

Bhlais mé deora goirte faoi choim mháithreacha agus aithreacha an tsaoil nuair a thug máthair chróga suas ag an altóir mar ofráil cóitín agus bróigíní naíonáin nach bhfaca solas na beatha. Paidir shollúnta do naíonáin an tsaoil a bhásaigh go hanabaí agus dá máithreacha bochta nár ceadaíodh dóibh toradh a mbroinne a chaoineadh ach iad ruaigthe go liombó sa gclaí teorann, sa móta nó i mbéal na toinne cois trá. 

Níor cheadaigh an Eaglais Chaitliceach páistí gan bhaisteadh a chur i dtalamh coisricthe go dtí 1983.

Is mór an chaint atá ar naíonáin, páistí agus a máithreacha na laethanta seo agus an folach crochta de scannal eile atá ina iarmhairt againn ar an gcur i gcéill atá go dlúth inár nádúr daonna. 

Tráthnóna aréir chonaic mé arís gur cumhachtaí agus gur fiúntaí gníomh ná caint. 

Aifreann cuimhneacháin ag Dumhach na Leanbh. Pictiúr: Seán Ó Mainnín

Tháinig grúpa as an bpobal seo le chéile, bhailigh siad airgead, chroch siad leacht agus réitigh agus chóirigh siad go slachtmhar sollúnta an reilig neamhoifigiúil seo le hómós dár muintir. 

Aréir tháinig siad le chéile ag Aifreann do na mairbh os cionn a gcual cnámh agus chuir siad a mbeannachtaí féin agus a n-urraim le ceol na n-aingeal ina gcuimhne. 

In alt fíorspéisiúil sa mbileog eolais a chuir an coiste ar fáil, cuireann Ruaidhrí Ó Tuairisg síos ar an seanchas agus an stair a bhaineann leis an ionad adhlactha seo sa Teach Mór in Indreabhán. 

Léiríonn sé chomh maith an dearcadh fuarchúiseach a bhíodh ann faoi pháistí ó aimsir na Róimhe anall agus an líon mór páistí a d’fhaigheadh bás sula mbídís bliain d’aois.

Ní páistí gan bhaisteadh amháin atá curtha sa dumhach seo, tá fir, mná agus gasúir ann agus bhí daoine á gcur ann go dtí na 1940idí. 

Tráthnóna aréir bhí mé féin ag cuimhneamh ar na daoine bochta ar chloígh an t-éadóchas agus an ísle brí iad agus a cuireadh sa dumhach sin mar nach raibh maithiúnas an tsaoil seo le fáil acu as deireadh a chur lena mbeatha féin, agus ar ár ndaoine muinteartha ar fad a sciob an fharraige mhór uainn. 

Leaba faoi shuaimhneas agus faoi ghlóir acu ar fad.

Fág freagra ar 'Chonaic mé flaithis na trócaire agus na fáilte i gCois Fharraige aréir…'

  • Mártan Ó Ciardha

    Nár laga Dia do thaise, do pheann ná do daonnacht a Mháire. Nár laga sé ach oiread cineáltas na ndaoine as ar eascair an beartas a fhágfaidh na linbh i gceist i gcuimhne na ndaoine. Tá cuisle na hócáide le brath sa bpictiúir álainn do mo shean-chomrádaí Noel Ó Tuairisg agus dá mhaidín ribeach.