Cérbh é an chéad amhrán le liricí Béarla a casadh ar Raidió na Gaeltachta?

Ceiliúradh á dhéanamh ag RTÉ RnaG an deireadh seachtaine seo ar bhunú 10 mbliana ó shin ANOCHT fm, an tseirbhís a bhfuil liricí Béarla ceadaithe uirthi

Cothrom an ama seo deich mbliana ó shin a cuireadh tús leis an tseirbhís ANOCHT fm ar RnaG agus deireadh le cosc an stáisiúin amhráin le liricí Béarla a chasadh.

Bhí cuid mhaith conspóide faoi athrú poirt an stáisiúin raidió agus daoine áirithe den tuairim go raibh ceann de bhunluachanna na seirbhíse á thréigint.

Ach cérbh é an chéad amhrán Béarla a casadh ar ANOCHT fm, an tseirbhís oíche nua a raibh mar aidhm aici tuilleadh éisteoirí óga a mhealladh?

Bhuel, n’fheadar ar thuig nó nár thuig lucht bainistíochta an raidió ag an am é, ach amhrán a meastar go coitianta faoi go mbaineann sé le fear ag tabhairt pléisiúir dó féin a bhí ann – ‘Blister in the Sun’ le Violent Femmes.

Banna ceoil altéarnach iad Violent Femmes ar tháinig ann dóibh i Milwaukee Wisconsin i 1988.

Ba é ‘Blister in the Sun’ an chéad amhrán ar a gcéad albam Violent Femmes, a tháinig amach i 1983.

Agus é idir mhagadh agus dáiríre, dúirt príomhamhránaí an bhanna Gordon Gano i 2013 nár bhain ‘Blister in the Sun’ leis an ábhar a shamhlaigh daoine leis.

“I had never thought of that…Not to me! But I can see where people could get that idea. I just hadn’t thought of that. I don’t think anybody likes that song because they think the lyrics are deep,” arsa Gano agus fé agallamh sa Village Voice.

Ba é an craoltóir Rónán Mac Aodh Bhuí a chas ‘Blister in the Sun’ ar a chlár Géill Slí a chuir tús le ANOCHT fm ar an 2 Bealtaine 2005. Ba iad an pobal a roghnaigh an t-amhrán as liosta amhrán a cuireadh ar fáil dóibh i gcomhar leis an nuachtán Feirsteach .

Ba amhrán le liricí Gaeilge ‘An Gadaí’ le Bréag, an chéad amhrán a casadh ar ANOCHT fm.

Leagan beo a bhí ann ó na Doirí Beaga mar a raibh ardán curtha in airde in ollphuball don ócáid. I measc na gceoltóirí eile a bhí ar stáitse an oíche sin don chlár beo speisialta, bhí Kíla, Nina Hynes, Úna O’Boyle ó Hyperborea, Liam Ó Maonlaí, Colm Mac Con Iomaire, agus Gearóid agus Ciarán Ó Maonaigh.

Bhí a chlár féin ag John Spillane ar ANOCHT fm chomh maith, Rogha John Spillane.

Beidh clár speisialta á chraoladh anocht ó stiúideonna Chasla, Bhaile na nGall agus na nDoirí Beaga. Beidh Áine Hensey, i gCasla, Rónán Mac Aodha Bhuí a bheidh i dTír Chonaill agus beidh Cian Ó Ciobháin  i gCorca Dhuibhne. Beidh aoicheoltóir sna stiúideonna éagsúla don chraoladh ceiliúrtha, ina measc Pinhole, Strange Attactor, In Their Thousands, Captain A and the Commercial Monsters agus Bríd Ní Icí.