Ceolchoirm mhór na bPíobairí Uilleann ar fáil ar líne 

Tá deis ag daoine ceolchoirm bhliantúil ‘Na Píobairí Uilleann’, an cumann píobaireachta iomráiteach i mBaile Átha Cliath, a fheiceáil ar líne  i mbliana

Ceolchoirm mhór na bPíobairí Uilleann ar fáil ar líne 

Tá deis ag daoine ceolchoirm bhliantúil ‘Na Píobairí Uilleann’, an cumann píobaireachta iomráiteach i mBaile Átha Cliath, a fheiceáil ar líne  i mbliana

Toisc na srianta atá i bhfeidhm de bharr Covid-19, rinne Na Píobairí Uilleann an cinneadh an cheolchoirm bhliantúil ‘The Ace and Deuce of Piping’, ceolchoirm a mbíonn an-tóir uirthi, a chur ar fáil mar scannán i mbliana.

An t-amhránaí agus an cruitire as Conamara, Síle Denvir atá ina láithreoir dátheangach ar an gcoirm cheoil.

Tá scoth na gceoltóirí ó cheann ceann na tíre páirteach sa cheolchoirm uair go leith.

I measc na gceoltóirí sin tá na píobairí Colin Broderick agus Néilidh Mulligan, na fidléirí Séamus Quinn agus Doireann Glackin, bean na feadóige Mary Bergin agus fear na feadóige móire Brian Lennon.

Is é Colin Broderick, píobaire óg as Ceatharlach, a chuireann tús leis an cheol agus  píb an tsárphíobaire, Liam Ó Floinn, á seinm aige.

Bronnadh píb uilleann Liam Uí Fhloinn ar Na Píobairí Uilleann, an cumann píobaireachta i Sráid Henrietta, i mBaile Átha Cliath i ndiaidh a bháis dhá bhliain ó shin. An déantóir píob iomráiteach as Baile Átha Cliath, Leo Rowsome, a rinne an phíb i 1936.

Tá sé i gceist ag Na Píobairí Uilleann píb Uí Fhloinn a chur ar fáil do scothphíobairí  a bheidh ag teacht in inmhe.

Rinneadh taifeadadh ar na ceoltóirí mí Lúnasa seo caite. Is é an píobaire Maitiú Ó Casaide, a léirigh agus a stiúir an scannán, agus beidh fáil air ar shuíomh na Píobairí Uilleann go dtí an 17 Deireadh Fómhair.

Is féidir breathnú ar an cheolchoirm anseo.

Fág freagra ar 'Ceolchoirm mhór na bPíobairí Uilleann ar fáil ar líne '