Ceol le cloisteáil arís ó Thigh Hughes do Thraidphicnic an Spidéil

I measc bhuaicphointí na féile Traidphicnic i mbliana, tá sraith seisiún á taifeadadh Tigh Hughes a dhéanfaidh ceiliúradh ar oidhreacht cheoil an tábhairne aitheanta

Ceol le cloisteáil arís ó Thigh Hughes do Thraidphicnic an Spidéil

Tigh Hughes. Pic: Seán Ó Mainnín

Agus Traidphicnic na bliana seo faoi lán seoil déanfar sraith seisiún a chraoladh ar líne ag an deireadh seachtaine ó Tigh Hughes, an teach tábhairne aitheanta ar an Spidéal i nGaeltacht Chonamara a dhún in 2014.

I measc bhuaicphointí chlár na féile, atá á reáchtáil ar líne don dara bliain as a chéile, tá sraith seisiún á taifeadadh Tigh Hughes le ceiliúradh a dhéanamh ar oidhreacht cheoil an tábhairne aitheanta.

Ba ar an Spidéal, a tháinig leithéidí Alec Finn, Frankie Gavin, Johnny ‘Ringo’ McDonagh agus Charlie Piggott le chéile mar Dé Danann agus bhíodh seisiúin cheoil rialta acu sa teach ósta.

Anocht, Dé hAoine, ag 8pm, beidh an fidléir Erin McGeon, an boscadóir Seosamh Ó Neachtain, bean an chonsairtín Mairéad Hurley, an fliúiteadóir agus tionlacaí aitheanta John Blake agus Máire Ní Neachtain i mbun ceoil.

Beidh an fidléir Oisín Mac Diarmada agus an t-amhránaí Liam Ó Maonlaí ar bheirt de na ceoltóirí a bheas páirteach i seisiúin cheoil an lae amárach.

Tabharfar blaiseadh chomh maith sna físeáin a chraolfar ar leathanaigh shóisialta an Traidphicnic d’fhiontair éagsúla a bhí ar bun ag lucht na féile, mar shampla, an preabseisiún a reáchtáladh lasmuigh d’oifig an phoist i Ros Muc an mhí seo caite.

Dúirt stiúrthóir An Traidphicnic Bridget Barker le Tuairisc.ie go léiríonn clár na bliana seo gur féile í atá “fréamhaithe go mór sa phobal áitiúil”.

“Ceiliúradh ceoil agus cultúir cheantar Conamara atá san fhéile agus cé gur imeachtaí ar líne atá i gceist i mbliana arís, tá mé an-sásta gur féidir linn blaiseadh den saibhreas sin a thabhairt chuig lucht féachana ar fud an domhain,” a dúirt Bridget Barker.

Tá clár na féile ar fáil anseo.

 

Fág freagra ar 'Ceol le cloisteáil arís ó Thigh Hughes do Thraidphicnic an Spidéil'

  • Caitríona

    Álainn 💚