Cén Ghaeilge atá ar ‘hilarballs’? ‘Eipic’ tíriúil do ghlúin ‘Aifric’ ar TG4

LÉIRMHEAS TEILIFÍSE: Meascán mearaí de ghreann, ceol, agus drámaíocht atá againn in ‘Eipic’, táirge atá dírithe ar dhéagóirí críonna

Eipic

N’fheadar Dia ná duine cé mhéad clár faisnéise sollúnta faoi 1916 atá tagtha, agus a  thiocfaidh, os ár gcomhair i mbliana. Iad sin ar fad gan trácht ar Rebellion, mionsraith uaillmhianach RTÉ a d’imigh ar bhóiléagar agus ar tháinig críoch phatuar leis ar an Domhnach. Tá luach a leathphingine caite isteach ag TG4 in iomaire na faisnéise ach seo chugainn anois iad le Eipic (ar shuíomh TG4 agus ar an teilifís Déardaoin) sraith drámaíochta sé chlár.

Meascán mearaí de ghreann, ceol, agus drámaíocht atá againn anseo i dtáirge atá dírithe ar dhéagóirí críonna. Ní leasc leis a bheith tíriúil nuair is gá agus tagairt neamhbhalbh do lámhchartadh na céad focail a chloisimid. Seo an chéad uair riamh in Éirinn go bhfuil saothar do dhéagóirí á chraoladh tar éis a naoi a chlog. Gníomh ceannródaíoch, misniúil.

Díríonn an tsraith, a deineadh a thaifeadadh i mbaile beag codlatach na Gráige sa Ghaillimh, ar chúigear déagóirí a “éiríonn amach i gcoinne an duaircis”. Cuireann siad banna ceoil indie le chéile agus glacann siad seilbh ar an Oifig Poist áitiúil.

Díreoidh gach clár acu ar charachtar difriúil agus sa chéad ghála ‘sé Sully (Fionn Foley) atá i lár an aonaigh. Agus rudaí imithe chun leadráin air beartaíonn sé banna ceoil a thosnú. Scaoileann sé rosc catha uaidh ar na meáin shóisialta agus téann carachtair le Fionnuala Gygax, Róisín Ní Cheilleachair, Cian Ó Baoill, agus Daire Ó Muirí i mbun comghuaillíochta leis.

Le ceamradóireacht agus eagarthóireacht mhire a dhéantar eispéireas na n-éan corr seo a léiriú. Tá an ceol lárnach sa táirge agus i gcaitheamh na sraithe beidh leaganacha Gaeilge d’amhráin ó leithéidí Joy Division, The Jam agus The Smiths le cloisint. Baintear an-adhmad as na meáin shóisialta chomh maith agus tá cúpla radharc aislingeach ina bhfuil Sully ag caint le cara anaithnid ar líne agus go ndéantar é/í a chur os ár comhair ina steillbheatha ar ardán, i lár coille mar Mhicheál Ó Coileáin.

Taibhsíodh dom ar dtús go mb’fhéidir go raibh an ceangal agus na tagairtí do 1916 ró-shaothraithe ach chuaigh sé i bhfeidhm orm diaidh ar ndiaidh ar shlí ait éigin. Seo an dream óg ag teacht chun coinlíochta ag iarraidh an saol a mhúnlú chun a sástachta.

‘Sé Mike O’Leary (Misfits) a sholáthraigh an scríbhinn as Béarla agus aistríodh go Gaeilge é agus cé go raibh a rian san air ar uairibh tá guth faoi leith aimsithe ag carachtair na sraithe, dar liom.

‘Sí Louise Ní Fhiannachta atá ar an stiúir, ceardaí atá ag gnóthú go leor airde agus moladh le déanaí as ucht a cuid oibre ar Rúbaí agus Páidí Ó Sé: Rí an Pharóiste.

Tá cliar óg, anaithnid den chuid is mó, faoina cúram agus éiríonn léi taispeántais ábalta a mhealladh uathu, cé go gcuaigh an Ghaeilge sa bhfraoch ar chuid acu ar uairibh. Bhíos ana-thógtha le Róisín Ní Cheilleachair a thug taispeántas nádúrtha, caolchúiseach uaithi.

Físeán ceoil measctha le sobaldráma do dhéagóirí le níos mó tíriúlachta ná mar a bheifeá ag súil leis. Táirge do lucht leanta Aifric atá tagtha chun coinlíochta. Hilarballs.

Fág freagra ar 'Cén Ghaeilge atá ar ‘hilarballs’? ‘Eipic’ tíriúil do ghlúin ‘Aifric’ ar TG4'