Cén fhad a thóg sé orm suíocháin na ngasúr a thógáil as an gcarr? Trí nó ceithre lá, is dóigh…

I measc na n-iontas a d’aimsighár gcolúnaí faoi shuíocháin na ngasúr sa gcarr, leathbhróg, eochair bhreise an tí, meall Haribo Tangfastics agus cáca ríse agus dhá ghreim bainte as

Cén fhad a thóg sé orm suíocháin na ngasúr a thógáil as an gcarr? Trí nó ceithre lá, is dóigh…

Dúirt mé go dtabharfainn síob do chara leis an gCailín Mór Beag ar feadh roinnt seachtainí agus thug sé sórt spreagadh dom iarracht a dhéanamh an carr a choinneáil glan.

Bhí go maith leis an nglanadh nó go ndearna mé rud éicint nach molfainn d’éinne a dhéanamh agus iad ina n-aonar, nó sula mbeadh, ar a laghad, gloine amháin fíona ólta acu roimh ré ar mhaithe le cúrsaí misnigh.

Rinne mé iarracht suíocháin na bpáistí a thógáil amach as an gcarr sa gcaoi is go mbeinn in ann glanadh fúthu.

Bhí sé mar a bheinn sáite i gcath coraíochta le fathach clibeach beilteach is gan a fhios agam cé aige a mbeadh an lámh in uachtair sa deireadh thiar, mise nó na suíocháin.  Níl mé in ann cuimhneamh go díreach cén fhad a thóg sé orm iad a thógáil amach, trí nó ceithre lá, is dóigh.

Ach d’éirigh liom sa deireadh.

Nuair a bhí an cogadh buaite agus an namhaid cloíte, shuigh mé síos ar an gcosán chun mo mhisneach a tharraingt chugam arís agus na deora a ghlanadh ó choirnéil mo shúl sula dtabharfainn aghaidh ar an gcuid eile den jab a bhí amach romham.

Má chuimhníonn tú  go raibh na suíocháin fáiscthe síos mar a bheadh bairnigh ann, is mór an t-ionadh go raibh an oiread rudaí in ann a mbealach a dhéanamh isteach fúthu.

I measc na rudaí a d’aimsigh mé ar mo thóraíocht ghlantacháin, bhí: leathbhróg, eochair bhreise an tí (ní theastaíonn sí uaim níos mó mar go bhfuil cóip eile gearrtha ó shin), meall Haribo Tangfastics, cáca ríse agus dhá ghreim bainte as, bosca rísíní, agus bailiúcháin eile de rudaí mistéireacha nach bhféadfainn cur síos a dhéanamh orthu.

Chaithfeadh go bhfuil mé ag dul amú in áit éicint.

Tráth de mo shaol, bhíodh rialacha againn sa gcarr; níl cead ithe ná ól, ná an suíochán os do chomhair a chiceáil, ná béicíl, ná smugairle a chaitheamh. Agus thar aon ní eile, ní raibh cead aon rud a chruthaíonn smeadar aráin a thabhairt isteach sa gcarr.

De réir a chéile a thógtar na caisleáin, agus de réir a chéile a leagtar na caisleáin freisin. Tosaíonn sé amach le buidéal uisce, ansin b’fhéidir píosa beag cáise. Cén dochar ruainnín beag cáise?

Ach, ar ndóigh ní stopann sé ansin. Ní fada nó go dtagann na líreacáin reoite isteach sa gcarr lá te, nó an 99, (ní fhéadfainn iad a dhiúltú nuair nach dtagann ach trí lá breá sa mbliain ar fad).

Is théis scaitheamh, scaoileann tú na málaí criospaí isteach agus na cácaí ríse.

An chéad rud eile, beidh slua as na naíonáin bheaga suite i gcúl do chairr is iad in ardghiúmar ag casadh amhrán, ag sclamhadh brioscaí is ag caitheamh siar miwadi. Dáiríre, faoin am sin, tá do rás rite.

Fág freagra ar 'Cén fhad a thóg sé orm suíocháin na ngasúr a thógáil as an gcarr? Trí nó ceithre lá, is dóigh…'