Cén fáth gur dhúirt mé leo go raibh cead acu imeacht?

Baineadh geit as ár gcolúnaí ag paráid Fhéile Ealaíona na Gaillimhe agus ní na pléascáin ba chúis leis

Cén fáth gur dhúirt mé leo go raibh cead acu imeacht?

BÚM! ‘Céard é sin?’ a d’fhiafraigh an Cailín Mór Beag díom agus geit bainte aisti.

Chuala muid pléascán is chonaic beart confetti á scaoileadh san aer. D’fhan siad ag eitilt ar feadh meandair, ar nós na céadta féileacán dearg, sular thosaigh siad ag tuirlingt anuas go réidh. Shín chuile dhuine a lámha suas i dtreo na spéire ag iarraidh breith ar cheann acu.

Chomhair mé na cloigne arís, duine, beirt, triúr, ceathrar. Bhí gach duine fós agam, triúr agus cuairteoir beag in éineacht linn.

‘An pharáid atá tosaithe,’ a dúirt mé léi. ‘Breathnaigh, tá na sioráif ag teacht!’

Bhí muid thuas ar an gcrosbhóthar idir Sráid na Siopaí agus Sráid Eglinton do pharáid Fhéile Ealaíona na Gaillimhe, Les Girafes. Ba í an chéad pharáid le trí bliana í, is bhí na sluaite cruinnithe le chéile lena feiceáil.

Bhí dearmad déanta agam go dtí go raibh muid istigh ina lár gur dóigh nárbh é an smaoineamh ab fhearr a bhí riamh agam ceathrar páistí agus bugaí a thabhairt isteach i lár na gcéadta daoine. Faraor, faoin am gur chuimhnigh mé air sin, bhí sé rómhall agam tada a dhéanamh faoi.

Duine, beirt, triúr, ceathrar. Bhí sí fós liom.

‘Fanaigí in aice liom,’ a d’ordaigh mé do mo chomhluadar is mé ag iarraidh an bugaí a bhrú isteach le balla as an mbealach.

‘Níl mé in ann tada a fheiceáil!’ a deir mo chuairteoir beag liom agus é ag breathnú aníos orm as an mbugaí go brónach.

‘An mbeifeá in ann a ghabháil suas ar mo ghuaillí?’ a d’fhiafraigh mé dhe.

Léim sé amach as an mbugaí is suas leis ar mo dhroim go dtí gur dhreap sé chomh fada leis na guaillí.

‘Coinnigh greim mhaith ar mo chloigeann,’ a dúirt mé leis. Tharraing sé dhá dhual de mo chuid gruaige ar nós adhastair.

‘Ní hí mo chuid gruaige! Mo chloigeann! Greim mhaith ar mo chloigeann!’

‘Brón orm!’ a deir an marcach beag is chuir sé a dhá láimhín trasna na súile orm.

‘Níl muide in ann tada a fheiceáil ach an oiread!’ a deir an Bheainín agus díomá uirthi.

Ní raibh aon bhaol go bhféadfainn triúr marcach eile a iompar.

‘Má théann sibh anonn ansin, beidh mé in ann sibh a fheiceáil agus beidh radharc níos fearr agaibh,’ a dúirt mé ag pointeáil ar an spota, ‘ach ná téigí níos faide.’

D’imigh siad anonn.

Is nuair a bhreathnaigh mé arís, bhí siad imithe. Bhreathnaigh mé suas agus bhreathnaigh mé síos agus ní raibh aon radharc orthu. D’airigh mé fáisceadh i mo chliabhrach.

BÚM! D’imigh pléascán eile is lig an slua gáir as. Thosaigh amhránaí ceoldrámaíochta ag canadh go drámatúil.

Cá bhfuil siad? Cá bhfuil siad? Thosaigh m’anáil ag tréanú orm. ‘An bhfeiceann tú iad?’ a d’fhiafraigh mé den mharcach beag.

Níor chuala sé mé ag gleo na paráide. Thosaigh mé ag iarraidh mo bhealach a dhéanamh tríd an slua, an bugaí á tharraingt i mo dhiaidh le lámh amháin, is mé i ngreim sa marcach beag leis an lámh eile. Ní raibh dé orthu.

Cén fáth gur dhúirt mé leo go raibh cead acu imeacht? Cén scail a thug aníos mé? Ó a Thiarna na glóire cá bhfuil siad?

Is ansin a chonaic mé barr caipín gorm an Bheainín is an bheirt eile in éineacht léi is iad faoi dhraíocht ag breathnú ar an seó sráide.

Rug mé ar láimh uirthi. Buíochas mór le Dia. Duine, beirt, triúr, ceathrar. Bhí siad agam arís.

‘Fanaigí le mo thaobh, chuile dhuine!’ Orduithe nua. ‘Seo linn!’

Fág freagra ar 'Cén fáth gur dhúirt mé leo go raibh cead acu imeacht?'

  • Áine Durkin

    @‘Ní hí mo chuid gruaige! Mo chloigeann! Greim mhaith ar mo chloigeann!’

    Ha ha ha 👏

    Tuigim do chás!