Chuirfeadh sé na cait ag gáire. Éileamh go dtabharfadh Teachtaí Tionóil Stormont an t-eiteachas don ardú pá a mhol bord neamhspleách. Ag iarraidh na turcaithe a náiriú chun vótáil don Nollaig.
Tá an t-ardú mór go cinnte, 27%. Dá mbeadh Stormont ag cruthú go maith, saol an phobail feabhsaithe ag cinntí an Fheidhmeannais agus ‘difríocht déanta’ i dtaca le fadhbanna seanbhunaithe, bheadh roinnt fós ag gearán faoi ardú £14,000 sa mbliain. Ó tá easpa muiníne sa chóras reatha forleathan tá an t-aer beo le clamhsáin, ‘scannal, náire shaolta’ agus breithiúnais níos déine.
Is léir go bhfuil formhór na bpáirtithe míshuaimhneach faoi mhéid an ardaithe. Ach é is moite de Phobal Seachas Brabús agus an TUV a bhfuil Teachta Tionóil amháin acu araon tá na páirtithe eile ar fad ag rá nár mhian leo baint de neamhspleáchas an Bhoird a rinne an moladh.
Thuig siad míshásamh an phobail faoin gcinneadh tráth a bhfuil daoine buailte ag méadú mór ar an gcostas maireachtála, gan seans dá laghad acu ar ardú pá inchomparáide. Maítear freisin gur chinntigh na téarmaí tagartha a thug an Tionól don Bhord neamhspleách go bhfaighidís arduithe móra, mar gur i gcomhréir le tuarastail in Westminster, in Albain agus sa Bhreatain Bheag a scrúdófaí pá in Stormont.
Shocraigh na páirtithe, Sinn Féin, DUP, Alliance, UUP agus SDLP go bhfágfaí faoi athbhreithniú é an moladh a fhaomhadh nó a leasú. Comhairliúchán le Teachtaí Tionóil, páirtithe agus grúpaí pinsin an bunús leis an athbhreithniú. Beag seans go n-éireodh leis sin an chonspóid a chur ó dhoras, lucht cáinte deimhin de gur ar mhaithe leo féin a thairgfeadh ionadaithe aiseolas.
Sé an plean go mbeidh na rátaí pá nua i bhfeidhm an mhí seo chugainn, £67,000 sa bhliain don Teachta Tionóil, £105,000 do na hAirí agus don gCeann Comhairle agus £139,000 do na Chéad agus LeasChéad-Airí. Chuirfeadh sé sin iad i measc na ndaoine is airde pá abhus.
Ag míniú cinneadh an Bhoird, dúirt an Cathaoirleach, Alan Lowry go raibh ceartúchán i gceist. Ní dhearna an painéal a bhíodh i mbun na hoibre cinneadh faoi thuarastail ó 2016, ar sé. Dá bhrí sin ní bhfuair ionadaithe in Stormont ach 8% d’ardú sna deich mbliana sin i gcomparáid le 25% d’fheisirí in Westminster. B’fhacthas dó go mbeadh leasuithe ar phá as seo amach i bhfad níos lú.
Chun a gceart a thabhairt don mBord ní féiríní do na polaiteoirí gach moladh a rinne siad. Níor chuir siad fiacail ann go mbeadh praghas le n-íoc dá dtitfeadh Stormont arís. Bhíomar diongbháilte, a dúirt an Cathaoirleach, go bhfaigheadh na Teachtaí ardú pá ach gur ar choinníoll go ndéanfaidís a gcuid oibre ar fad a gheobhadh siad é.
Mura mbunófar Feidhmeannas i ndiaidh an toghcháin an bhliain seo chugainn moladh go laghdófaí pá 10% tar éis sé seachtaine. Laghdófar 10% eile é sé seachtaine níos deireanaí agus arís eile ag 18 seachtain. Ina dhiaidh sin bheadh Státrúnaí rialtas na Breataine i gceannas. Chinnteodh an beart sin go ngearrfaí pionós as pairilis níos luaithe ná mar a tharla nuair a thit Stormont cheana.
Ar léamh amháin is furasta míshásamh an phobail a thuiscint – agus fiú gearáin na ndaoine saibhre – faoi ardú pá do dhaoine in institiúid nach bhfuil thar mholadh beirte. Tá seirbhísí poiblí ag titim as a chéile, ualach oibre an-trom ar oibrithe sláinte agus oideachasóirí, cuir i gcás, ach fuarchaoineachán in Stormont faoi conas is féidir a theacht ar ardú 5% dóibhsean. Tá sé éasca a rá gur dearadh téarmaí tagartha an Bhoird Íocaíochtaí chun a bheith ‘neamhspleách ar son ardú pá’ ach ba é am a gceaptha an uair chun iad sin a cheistiú; níor druideadh an doras sin in am.
Cén duine againn a thabharfadh an t-eiteachas d’ardú pá? Ní post buan saoil é ceann an Teachta Tionóil fiú má chinntíonn nósanna vótála an phobail abhus saolré níos faide ag baill na mórpháirtithe ná mar is gnách. Tuige nach gcuirfeadh siad na múrtha fáilte roimh an amhantar seo?
Fág freagra ar 'Cén fáth a ndiúltódh polaiteoirí d’ardú pá?'