Cén chaoi a litríonn tú, ‘A Dhaidí na Nollag, go raibh maith agat as na bronntanais anuraidh’?

Fógra go bhfuil Tuismitheoirí na Gaeltachta ag tabhairt cúnamh do Dhaidí na Nollag agus na heilfeanna arís i mbliana a thug ar ár gcolúnaí agus an Cailín Mór Beag tosú ag cumadóireacht

Cén chaoi a litríonn tú, ‘A Dhaidí na Nollag, go raibh maith agat as na bronntanais anuraidh’?

‘Cén chaoi a litríonn tú, A Dhaidí na Nollag, go raibh maith agat as na bronntanais a thug tú dom anuraidh,’ a d’fhiafraigh an Cailín Mór Beag díom agus muid suite ag bord na cistine ag tabhairt faoin togra scríbhneoireachta is tábhachtaí sa mbliain.

Shocraigh muid go raibh sé in am againn bualadh faoin gcomhfhreagras nuair a chonaic muid an fógra go bhfuil Tuismitheoirí na Gaeltachta ag tabhairt cúnamh do Dhaidí na Nollag agus na heilfeanna arís i mbliana. Beidh siad ag cur na  litreacha faoi bhráid Shantaí agus má chuireann tú do litir chuige faoina gcúram gheobhaidh tú litir ar ais ón bhfear mór é fhéin agus í scríofa i nGaeilge freisin.

Níl a fhios cén sásamh a baineadh sa teach s’againne as na litreacha a fuair muid ar ais ó Dhaidí na Nollag na blianta eile a raibh Tuismitheoirí na Gaeltachta ag cabhrú leis, agus tá siad uilig coinnithe go sábháilte in éineacht leis an mbosca maisiúcháin Nollag.

‘Scríobhfaidh mé amach dhuit é agus beidh tú in ann é a chóipeáil,’ a dúirt mé léi. Rug mé greim ar chrián agus thosaigh mé ag scríobh ar chúl bosca chalóga arbhair a bhí stróicthe amach ar an mbord.

Rinne sí staidéar ar an méid a bhí scríofa agam. ‘An bhfuil sé sin uilig litrithe ceart agat?’ a d’fhiafraigh sí díom agus amhras uirthi, ní raibh sí ag iarraidh dul sa seans go mbeadh aon bhotún sa gcomhfhreagras tábhachtach seo.

‘Gabh mo leithscéal! Tá sé uilig ceart,’ a dúirt mé agus chuaigh muid tríd na focail uilig. Nuair a chuimhním siar air, tá baol ann go raibh mé beagán postúil faoi, leis an fhírinne a rá.

‘OK,’ a dúirt sí agus thosaigh sí ag scríobh go cúramach.

Chuala muid freisin go mbíonn Daidí na Nollag ag iarraidh am a bheith aige fhéin, Mamaí na Nollag agus ag na heilfeanna na bronntanais a dhéanamh in am don Nollaig agus mura bhfaigheann siad an litir in am, níl fhéadfaidh tú a bheith cinnte go mbeidh na bronntanais a d’iarr tú ag fanacht leat ag bun na leapa maidin lá Nollag.

Go deimhin, fiú má fhaigheann sé an litir in am, caithfear a bheith tuisceanach le Daidí na Nollag is a chomhghleacaithe, is gan a bheith ag súil go mbeidh siad in ann chuile shórt beo a dhéanamh.

‘Cén chaoi a litríonn tú ‘cnámh-cheamara’,’ a d’fhiafraigh an Cailín Mór Beag díom agus an chéad abairt scríofa amach aici.

‘Cén rud?’ a dúirt mé agus imní ag teacht orm.

Labhair sí go mall, le teann tuisceana domsa, ‘Cnáááááámh Cheam-a-ra.’

‘Ó!’ a dúirt mé. ‘Cheap mé gurb in a bhí ráite agat, alright. Céard é fhéin?’

‘Bhuel, is ceamara atá ann,’ a dúirt sí, ‘agus is cnámh atá ann.’

‘Ó!’ a dúirt mé, is gan aon bharúil agam fós céard é. Bhí mé i dtrioblóid mhór.

‘Ní cheapaim go bhfuil na heilfeanna in ann iad sin a dhéanamh, faraor,’ a dúirt mé ag súil go raibh bealach éalaithe aimsithe amach as an tsáinn agam.

‘Tá siad,’ a dúirt sí go cinnte, ‘nach bhfuil na heilfeanna in ann chuile shórt a dhéanamh.’

Fág freagra ar 'Cén chaoi a litríonn tú, ‘A Dhaidí na Nollag, go raibh maith agat as na bronntanais anuraidh’?'

  • Bríd Rogha Bhríde

    “Santa Claus, éist mo chás, níl mé ‘g iarraidh mórán…” ♪♫♬ (Litir Chuig Santaí le Padraic an Tailliúra Ó Conghaile)