Inné tugadh lán bus de dhaoine ar thuras staire, a raibh an Ghaeilge ina chuid bhunúsach de, trí chuid d’iarthar Chontae Shligigh.
‘Gaeilge Galore ar an Turas Mór’ a thug an bheirt a d’eagraigh é air. Sin iad Treasa McGuinness agus a hiníon Lorna.
Bhí beirt staraithe ar an mbus. Thug siadsan cuntas ar na háiteanna a raibh siad ag dúl tríothu agus tugadh cuairt faoi leith ar Thúr Ráth Lao, ar Chaisleán Inis Crabhann agus ar Chaisleán Iascaí.
As abhainn Iascaí a ainmníodh baile Iascaí. Abhainn í a raibh neart éisc inti uair amháin. Thart ar 1850 chuirtí dhá thonna bradán go Sasana aisti chuile sheachtain. Ar éigean atá breac ar bith anois inti.
Labhraíodh Gaeilge ar an turas seo. Tugadh míniú ar an mbrí a bhí le hainmneacha na mbailte sular Galldaíodh iad agus fuair chuile dhuine leabhrán ina raibh beagán de stair gach baile acu.
Míníodh gur i dTír Fhiachrach atá Iascaigh agus gurbh iad Clann Uí Dhubhda a bhí i gceannas sa taobh sin tíre tráth den saol.
Bhí bardscoil acu do chlann na ndaoine uaisle. Ansin a chuir an scoláire mór Dubhaltach Mac Fhirbhisígh ginealas na dtiarnaí Gaelacha le chéile.
Míníodh don dream a bhí ar an mbus gur i dteach tábhairne i Scrín nach bhfuil ach 17 km ó Iascaigh — a mharaigh boicín darbh ainm Crofton Mac Fhirbhísigh tráthnóna a raibh sé ar a bhealach go Baile Átha Cliath.
Nuair a bhí an turas staire thart bhí seisiún ceoil agus amhránaíochta eagraithe do na paisinéirí.
Feictear dom féin gur iontach an smaoineamh a bhí ann.
Is minic a d’fhiafraigh Béarlóir díom an raibh mé ag déanamh amach go mb’fhearr an tÉireannach mé ná an té nach raibh aon Ghaeilge aige. Deirinn i gcónaí nach rud é sin a bheinn a mhaíomh. Ní raibh aon Ghaeilge déarfainn ag Wolfe Tone ná ag Robert Emmet, gan ach beirt Éireannach dílis a lua.
Ach bhíodh an méid seo le rá agam freisin: gur mó an t-eolas atá agam ar an tír agus ar stair na tíre de bharr na Gaeilge. Mura mbeadh ann ach an litríocht bheadh sin amhlaidh. Mar a dúirt Máirtín Ó Cadhain ‘tá dhá mhíle bliain den chráin bhréan sin arb í Éire í, ag dul timpeall i mo chluasa, i mo bhéal, i mo shúile, i mo cheann, i mo bhrionglóidí’.
Ní shin le rá go bhfuil tuiscint scolártha agamsa ar an litríocht sin idir Sean-Ghaeilge, Meán-Ghaeilge agus Nua-Ghaeilge ach tá breaceolas agam ar chuid mhaith di agus bím ag foghlaim i gcónaí.
Ansin tá stair ár muintire ann. Cén chaoi a bhféadfadh duine ar bith stair na hÉireann a ríomh go barainneach gan eolas a bheith ag an staraí sin ar an nGaeilge? Taobh amháin den scéal a bhíonn sna doiciméid stáit. Más leat an taobh eile a fháil caithfidh tú a dhul ag tochailt trí fhilíocht, trí amhráin agus trí bhéaloideas na ndaoine.
Maidir leis na logainmneacha, bheadh mearbhall aisteach ar an té a bheadh d’uireasa Gaeilge agus é á gcloisteáil. Chuala mé trácht an lá cheana ar bhean a dúirt lena hiníon óg ‘we are going to Kilronan’. Thosaigh an cailín beag ag caoineadh go fuíoch: níor theastaigh uaithi go marófaí Rónán bocht.
Dá mbeadh brí ar bith ionainne lucht na Gaeilge d’eagróimis tuilleadh de na turais seo fud na tíre. Ach faraor níl sé de ghus ná de threallús ionainn.
Tá ráiteas eile le Máirtín Ó Cadhain ag snámh trí m’intinn anois. ‘Lucht na Gaeilge, an dream is beagmhaitheasaí in Éirinn,’ a dúirt sé.
Seán Mac Bhriain
Is trua liom go gceaptar go bhfuil éirim eicínt le ráiteas díreach mar gheall gurb é an Cadhnach a dúirt. Dhá shampla mhaithe san alt seo.
Stilla
Seift an-bhreá an bus ach bíonn Ciorcal Comhrá i gcuid des na leabharlanna poiblí gach seachtain agus líon mór Gaeilgeoirí i láthair ag cleachtadh labhairt na Gaeilge go díograiseach. Iad ag cuidiú lena chéile. Gach seachtain. Ní ghéillfinn gur daoine “beagmhaitheasacha” iad. Cá bhfios nach bhfuil pobail úra ag borradh is ag fás inár measc i ngan fhios dúinn. Cá bhfios nach bhfuil an lá geal ag teacht.
Carraig
Féach “Aisling Ghéar” le Breandán Ó Buachalla, mar shampla. Ní bhfuair aon luachtaint ó na meáin Bhéarla agus gan ach corrthagairt di sna meáin Ghaeilge. Leabhar tábhachtach staire ag mórscoláire a raibh dul amach éachtach aige ar na foinsí. ‘Preampalláin” a thugadh Seathrún Céitinn ar staraithe gan Ghaeilge. An féidir staidéar főnta a dhéanamh ar aon tír dá bhfuil ann gan teanga na tíre sin a bheith agat? Ní hansa. Ach amháin staraithe na tíre seo agus bobailíní orthu. Más ea bhí an Cadhnach searbh stuacach ann féin nó cad a chiallaíonn ‘lucht na Gaeilge’? Ná tosaímis ag ithe a chéile nó ní bheidh éinne fágtha!
Cordelia Nic Fhearraigh
Is breá liom turais mar seo ach, ar an drochuair, bíonn duine/daoine sa chomhluadar i gcónaí agus gan ach ‘cúpla focal’ Gaeilg acu agus tiompaíonn an rud uilig go hiomlán ar an Bhéarla.
Tuigim nach raibh an turas seo sa Ghaeltacht agus ní turas Gaeilge a bhí ann ach bheadh sé deas dá mbeadh turais go hiomlán i nGaeilg againn fosta – rud nach bhfuil ar fáil – nó an bhfuil?
Tábhachtach go dtuigtear cá’s a dtagann na logainmneacha gránna Béarla atá sa tír. Cuid acu dochreidthe amach is amach!
Coinníoll Gaeilge don Ghaeltacht.
Carraig
Samplaí de na logainmneacha Béarla is uafásaí atá feicthe agat/agaibh? Nach mithid staicín áiféise a dhéanamh díobh! An gcuirfeadh cine ar bith eile rudaí chomh seafóideacha, gránna, ‘oifigiúla’ in airde in áit phoiblí? Féinmhagadh ach nach bhfuil fhios againn é.
Carraig
An ‘dá mhíle bliain’ sin a dtagraíonn an Cadhnach dó, is astu sin a fáisceadh formhór gach Éireannach. Ach na hÉireannaigh sin atá ar uireasa Gaeilge tá siad dall ar an gcultúr ársa saibhir sin agus is boichte iad de dheasca na sceanairte sin. Gaeilgeoirí nach bhfuil léamh na seanGhaeilge acu ba liosta le háireamh a bhfuil d’insintí sa nuaGhaeilge ar na seanscéalta. ‘Tromdhámh Guaire”, seoidín le Feargal Ó Béarra, gan ach ceann amháin a lua. Beidh an Béarlóir dall air sin freisin, mo léan. Bochtú in inead saibhriú is ea an turnamh cultúir seo in Éirinn agus rás go grinneal atá ann. N’fheadair daoine faic na fríde faoin stair/logainm/luibh/éan/crann srl atá i mbéal an dorais acu ach tá’s acu gach rud faoi na háilleagáin in ‘Hello’. Ní dalladh intinne go dtí é.