‘Ceisteanna móra’ le réiteach faoi sholáthar clár RTÉ do TG4 agus ‘prótacal’ nua á aontú

Tuilleadh eolais curtha ar fáil ag RTÉ agus TG4 faoin soláthar reachtúil clár don stáisiún Gaeilge

‘Ceisteanna móra’ le réiteach faoi sholáthar clár RTÉ do TG4 agus ‘prótacal’ nua á aontú

Tá ‘prótacál’ nua á aontú ag TG4 agus RTÉ maidir leis an 365 uair an chloig de chláir a bhfuil dualgas ar RTÉ a chur ar fáil don stáisiún Gaeilge gach bliain.

Tá ceisteanna go leor faoin soláthar 365 uair an chloig atá ag dul do TG4 ó RTÉ le roinnt blianta anuas agus brú á chur anois ag TG4 orthu feabhas a chur ar chaighdeán an tsoláthair sin.

Thug Ardstiúrthóir TG4 Alan Esslemont le fios do Tuairisc.ie go raibh “ceisteanna móra ag éirí maidir le soláthar RTÉ in 2018”.

Dúirt sé gurb iad “na tosaíochtaí” atá ag an stáisiún Gaeilge sna cainteanna atá ar bun acu le RTÉ ná a chinntiú “go gcuirfear 365 uair de chláracha d’ardchaighdeán” ar fáil in 2018 agus “go gcuirfidh RTÉ leis an infheistíocht atá siad ag déanamh in iriseoireacht na Gaeilge”.

De réir eolais a fuair Tuairisc.ie ó RTÉ faoin Acht Um Shaoráil Faisnéise, 278 uair an chloig de chláir a chuir RTÉ ar fáil do TG4 in 2016, ach ó shin i leith tá leithscéal gafa ag RTÉ le Tuairisc.ie as eolas míchruinn a chur ar fáil dúinn agus 73 uair an chloig de chláir eile ‘ceannaithe nó athghuthaithe’ curtha acu le liosta soláthair na bliana 2016. Botún cléireachais ba chúis leis an míchruinneas sin.

Níor chuir RTÉ ar fáil dúinn fós briseadh síos ar an 73 uair an chloig sin ná briseadh síos ar an soláthar iomlán ‘de réir cláir’, mar a lorgaíodh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise.

Tá RTÉ anois ag maíomh nach bhféadfaí a leithéid d’eolas a chur ar fáil ‘ar chúinsí tráchtála’.

“For commercial reasons, RTÉ is not in a position to give a breakdown of acquired/revoiced programmes,” a dúirt urlabhraí ó RTÉ.

Tá an méid sin á mhaíomh acu in ainneoin gur ghéill cheana do Tuairisc.ie gur liosta stairiúil clár a bhí á lorg againn agus nach raibh aon chosc dá bharr ar a leithéid a scaoileadh faoin reachtaíocht.

Maidir le 2017, thug RTÉ le fios do Tuairisc.ie nach raibh aon fhaisnéis acu i dtaobh líon na gclár a cuireadh ar fáil do TG4 don bhliain sin, cé go ndúirt urlabhraí dá gcuid gur éirigh leo a ndualgas a chomhlíonadh. ‘While the information exists, it is not available as one record and therefore has to be created,’ a dúirt an t-urlabhraí.

Cé go bhfuail dualgas ar RTÉ 365 uair an chloig de chláir a sholáthar do TG4 in aghaidh na bliana, dúirt Alan Esslemont le Tuairisc.ie nach gá go gcraolfaí an t-ábhar sin ar fad sa bhliain chéanna.

Ní rud neamhghnách é, a dúirt sé, “go n-iomprófaí chun cinn ábhar ó bhliain go bliain eile”.

Dúirt Esslemont go raibh “mórchuid an tsoláthair” do 2017, nó “95%”, curtha ar fáil ag RTÉ, ach go raibh “roinnt uaireanta a chloig cartlainne” fós “le haontú”. 

Thug urlabhraí ó RTÉ le fios “gur cheart” go mbeadh siad in ann briseadh síos a dhéanamh ar an soláthar a rinne siad do TG4 in 2017 “go luath”.

Fág freagra ar '‘Ceisteanna móra’ le réiteach faoi sholáthar clár RTÉ do TG4 agus ‘prótacal’ nua á aontú'