Ceisteanna faoi phinsean agus comhrialtas ar intinn na bpolaiteoirí

An é nach bhfuil tuiscint ar bith ag polaiteoirí go gcaithfidh siad daoine atá amach sna blianta a choinneáil leo agus iad sa tóir ar vótaí uathu?

Ceisteanna faoi phinsean agus comhrialtas ar intinn na bpolaiteoirí

Fuair muid amach an tseachtain seo go mbeidh ciste pinsin ar fiú suas le €22 milliún é le roinnt idir na hiarTheachtaí Dála sin ar fad atá ag éirí as agus nach mbeidh san iomaíocht ar an 8 Feabhra.

Idir an dá linn bhí scéalta a gcloisteáil againn lá i ndiaidh lae faoi phinsean don chuid eile de phobal na tíre. Bítear ag caint chuile lá nár cheart go mbeadh iallach ar dhaoine éirí as a gcuid oibre ag aois a 65. Tá tuilleadh oibrithe ag teastáil sa státchóras agus sa tír fré chéile ó tharla muid a bheith ag maireachtáil níos faide agus an tsláinte a bheith níos fearr againn. Coinníodh muid daoine ag obair go mbeidh siad 67 nó 68 agus gheobhaidh siad pinsean an stáit ag an tráth sin an moladh is mó a chloistear.

Ach céard a dhéanfaidh muid leo siúd gur mian leo éirí as ag 65 agus nach mbeidh i dteideal pinsin go ceann bliain nó dhó ina dhiaidh sin? Cuirfidh muid ar an dól iad!

An é nach bhfuil tuiscint ar bith ag polaiteoirí go gcaithfidh siad daoine atá amach sna blianta a choinneáil leo agus iad sa tóir ar vótaí uathu?

Daoine a bhfuil sé de nós acu vóta a chaitheamh go féiltiúil, is cuma cén lá den tseachtain a mbíonn an toghchán ar siúl. Is léir gur thuig siad sin ar deireadh más aon chomhartha an bealach ar thosaigh polaiteoirí ag gabháil i mullach a chéile lena réiteach féin ar scéal na bpinsean a chur os comhair an phobail.

Deis a bhí sa díospóireacht ar Virgin TV lenár gcéad bhreithiúnas a thabhairt ar an mbeirt fhear a bhfuil deis acu greim a fháil ar Oifig an Taoisigh.

Shíl formhór na dtráchtairí gur ar comhscór a chríochnaigh an babhta sin. Más tada é, b’fhéidir gur éirigh beagán níos fearr leis an Taoiseach Varadkar ná mar a d’éirigh le Micheál Martin san argóint. Ba léir oiliúint a bheith curtha ar Leo é féin a chur in iúl ar bhealach níos daonna agus níos cineálta.

An ndeachaigh sé sin i gcion ar dhaoine? Is críonna an té a déarfadh go dtiocfaidh lá an chomhairimh.

Tá tábhacht mhór phearsanta leis an toghchán seo i gcás Mhichíl Martin agus práinn ag baint leis go bhfaigheadh sé toradh maith d’Fhianna Fáil. Thar ní ar bith eile ní theastaíonn uaidh go mbeadh sé le cur ina leith gurbh é an t-aon cheannaire amháin ar Fhianna Fáil é nár éirigh leis seal a chaitheamh ina Thaoiseach. An gciallaíonn sin go ndéanfaidh sé dearmad ar an gcaint faoi chomhrialtas le Sinn Féin má bhíonn na figiúirí oiriúnach tar éis an olltoghcháin?

Ceist nach mbeidh freagra uirthi go dtí an 9 Feabhra ach déarfainn gur ceist í atá i gcúl a chinn ag Micheál Martin gach lá den fheachtas.

Fág freagra ar 'Ceisteanna faoi phinsean agus comhrialtas ar intinn na bpolaiteoirí'