Ceist pholaitiúil í ceist na rothaíochta ach ná déanaimis cnámh spairne pholaitiúil di

Ní ar leas an rothaí é nuair a ghlacann dream polaitiúil amháin seilbh ar cheist na rothaíochta, bíodh an dream sin ar an eite chlé nó ar an eite dheis

Ceist pholaitiúil í ceist na rothaíochta ach ná déanaimis cnámh spairne pholaitiúil di

Pictiúr: RollingNews.ie

Tá an rothaíocht go mór i mbéal an phobail i láthair na huaire, i mBaile Átha Cliath agus i mórchathracha eile ar fud an domhain.

Is maith sin: réiteach simplí é an rothar ar fhadhbanna tráchta, timpeallachta agus sláinte. 

Ach mar is eol do dhuine ar bith a sheas ar throitheáin rothair riamh, bíonn dúshláin mhóra roimh an rothaí sa trácht. 

Caithfear aird na n-údarás a tharraingt ar na deacrachtaí infreastruchtúrtha agus go deimhin sóisialta is cúis leis na timpistí tromchúiseacha ar fad a bhaineann do lucht rothaíochta. Is iad na timpistí céanna is cúis leis an bhfaitíos a bhíonn ar dhaoine nach mbíonn ag rothaíocht léim ar rothar iad féin – agus dá bharr sin leanann na fadhbanna tráchta, timpeallachta agus sláinte ar aghaidh. 

Is ea, ceist pholaitiúil í ceist na rothaíochta.

Ach níor cheart cnámh spairne pholaitiúil a dhéanamh as an rothar (nó as an lána rothar). Chomh maith leis sin, ba cheart do lucht rothaíochta an sotal a bhíonn le brath ar a gcuid stocaireachta go minic a sheachaint.

Feicim an dá rud ag tarlú san fhíorshaol agus sa saol ar-líne.

Is minic a bhíonn Amstardam, ardchathair mo thíre dúchais féin, á lua mar shampla do chathracha eile ó thaobh na rothaíochta de. Is fíor go mbíonn i bhfad níos mó spáis don rothaí agus don choisí i dtrácht na hÍsiltíre, agus is fíor freisin nár tharla sin gan agóidíocht agus brú ar pholaiteoirí.

Ach murab ionann agus go leor tíortha eile, ní dhearnadh liathróid pholaitiúil as ceist na rothaíochta sa tsíoriomaíocht idir liobrálaigh agus coimeádaigh. 

Sampla den scoth í an tír ina bhfuil cónaí orm faoi láthair, an Bhrasaíl, den chaoi ar éirigh le dreamanna polaitiúla áirithe seilbh a ghlacadh ar cheist na rothaíochta.

I gcathair São Paulo, is leis an eite chlé an rothar. Cuireadh gréasán leathan lánaí rothar i bhfeidhm sa chathair sin idir 2013 agus 2016, nuair a bhí Fernando Haddad, fear a bhaineann le Páirtí na nOibrithe (PT), ina mhéara.

Cáineadh na lánaí rothar sin go géar ar na meáin shóisialta. Bhí fuath ag go leor daoine dóibh – gan aon chúis ar bith eile ach gur bhain siad leis an eite chlé. Le bliain anuas agus fear a bhaineann le páirtí i lár an speictrim pholaitiúil, João Doria, ina mhéara, tá deireadh le tógáil na lánaí rothar agus tá drochchaoi cheana féin ar chuid den ghréasán a tógadh.

Aisteach go leor, is í an eite dheis a ghlac seilbh ar cheist na rothaíochta sa chathair Bhrasaíleach mar a bhfuil cónaí orm féin, Salvador.

Tá go leor le déanamh fós, ach tá feabhas mór millteach tagtha ar infreastruchtúr rothaíochta na cathrach ó toghadh fear de chuid na heite deise, Antônio Carlos Magalhães Neto, ina mhéara cúig bliana ó shin. An fhadhb, áfach, ná gur ar úsáid an rothair mar chaitheamh aimsire – an úsáid a bhaineann an mheánaicme agus an uasaicme as – atá an infheistíocht ar fad dírithe.

Lánaí rothair go leor cois farraige agus sna ceantair shaibhre – ach gan infreastruchtúr ar bith sna háiteanna a mbeadh oibrí ag brath ar an rothar mar mhodh iompair.

Ní ar leas an rothaí é nuair a ghlacann dream polaitiúil amháin seilbh ar cheist na rothaíochta, bíodh an dream sin ar an eite chlé nó ar an eite dheis.

Ach ní ar leas an rothaí ach an oiread é nuair a bhíonn sotal le brath ar a chuid stocaireachta agus, go deimhin, ar a iompar féin ar an mbóthar. ‘Féach mise, tá an pláinéad á shábháil agam! Cling-cling-cling! Amach as mo bhealach go beo!’

An meon sin. 

Nuair a bhím ar mo rothar, tagann fonn orm féin freisin ó am go chéile racht mionnaí móra a chur díom nuair a chuireann carr nó coisí isteach orm – ach déanaim iarracht smacht a choinneáil orm féin.

Níl ceist na rothaíochta éagsúil le ceist na Gaeilge in Éirinn. Baineann an rothaíocht le cách. Ní féidir í a bhrú ar dhaoine. Ach is féidir le duine an dea-shampla a thabhairt.

<An rothaíocht agus an pholaitíocht.rtf>

Fág freagra ar 'Ceist pholaitiúil í ceist na rothaíochta ach ná déanaimis cnámh spairne pholaitiúil di'

  • Harriet P.

    Is é an sampla is fearr gur féidir le héinne é a thabhairt ná úsáid a bhaint as na cosa atá aici nó aige agus a bheith ag siúl. Ní mór do mhuintir na rothaíochta cuimhneamh ar sin, go háirithe iad siúd a cheapann go bhfuil siad níos fearr na muintir na siúlóide.

  • Páid Ó Donnchú

    Ní cheapaim féin go bhfuil mé níos fearr ná siuiloir, go deimhin is siuiloir chomh maith le rothaí mé. Ach, ar thromlach na mbóithre tá an rothar ceithre uaire níos éifeachtaí ó thaobh fuinneamh caite, agus ár ndóigh, i bhfad níos sciobtha.

  • Harriet P.

    Agus i bhfad níos daoire leis…