Tá aip léarscáileanna aitheanta, Hiiker, curtha ar fáil i nGaeilge.
Tá dea-theist ar Hiiker i measc lucht siúl sléibhte na hÉireann mar gheall ar fheabhas a gcuid léarscáileanna digiteacha agus ar shnastacht na haipe féin
Dúirt Paul Finlay cruthaitheoir na haipe le Tuairisc gur féidir rud ar bith atáthar in ann a dhéanamh ar an aip i mBéarla a dhéanamh i nGaeilge.
“Tá muid tar éis na cnaipí agus creatlach na haipe ar fad a chur i nGaeilge de láimh, agus sa chás go bhfuil cur síos scríofa ag úsáideoir ar shlí nó léirmheas déanta acu ar chosán beidh sé sin ar fáil tríd an meaisín-aistriúchán.
“Seo í an dara teanga bhreise a chuir muid leis an aip. Cuireadh an Ghearmáinis leis ar dtús agus tá an Ghaeilge réidh anois. Is minic gurb í an Ghearmáinis an chéad teanga a n-aistrítear aipeanna chuici mar gheall ar a chasta is a bhíonn sé, go teicniúil, í a chur ar aip ach ba thosaíocht mhór í an Ghaeilge ón gcéad lá riamh,” a dúirt Finlay, a d’fhreastail ar scoil lán-Ghaeilge i gcontae na Mí, le Tuairisc.
Dúirt sé gur “ceist ómóis agus bróid” a bhí ann an aip, a bunaíodh in Éirinn agus atá in úsáid i mbreis agus 23 tír anois, a chur ar fáil i nGaeilge.
“Ba thosaíocht é an t-aistriúchán Gaeilge ón gcéad lá riamh, bhí sé thar a bheith tábhachtach dúinn go mbeadh Hiiker ar fáil i nGaeilge, mar gheall ar an áit as a dtagann muid. Is ceist ómóis agus bhróid atá ann.
“Chuir muid tús leis an bpróiseas aistrithe i gceart i mí na Samhna seo caite. Luigh muid isteach ar an obair ó shin i leith agus tá muid réidh anois leis an gcéad leagan di a eisiúint. Tá muid ag breathnú ar an leagan seo mar leagan tástála agus muid ag súil le haiseolas ó na húsáideoirí,” a dúirt sé.
Mhínigh Finlay nach bhfuil buiséad mór ag an gcomhlacht beag agus gur thug siad féin faoin aistriúchán iad féin ar dtús sular tugadh ar láimh é do phrofléitheoir le seiceáil.
Is éard atá i gceist le Hiiker ná aip ar a bhfuil fáil ar réimse leathan léarscáileanna i bhfoirm dhigiteach. Tá bunleagan na léarscáileanna, atá bunaithe ar Open Street Map (OSM), ar fáil saor in aisce do dhuine ar bith a íoslódálfaidh an aip. Tá léarscáileanna náisiúnta ‘Sraith an Eolais’ de chuid Shuirbhéireacht Ordanáis na hÉireann (OSi nó Tailte Éireann mar a thugtar anois air) agus na léarscáileanna fánaíochta de chuid EastWest Mapping ar fáil do dhaoine a íocann síntiús leis an aip.
Tá fáil freisin ar an aip ar léarscáileanna stairiúla de chuid na Suirbhéireachta Ordanáis a rinneadh sa 19ú hAois.
Ach ní in Éirinn amháin atá seirbhísí Hiiker ar fáil. Beidh lucht siúl sléibhte in 23 tír ar fud na hEorpa, Mheiriceá Thuaidh, agus sa leathsféar theas in ann an aip a úsáid i nGaeilge agus iad ag fánaíocht leo sa Ghearmáin, sa Tasmáin, i gCeanada, sa tSlóivéin, i gCríocha Lochlann agus tíortha eile nach iad.
“Tá ceadúnais againn in 23 tír faoi láthair ach tá muid ag cur leis sin gach seachtain. Tá tíortha san Eoraip, i Meiriceá Thuaidh, agus i Meiriceá Láir againn agus cuireann muid léarscáileanna nua leis an tseirbhís nuair is féidir linn.
“Má fhaighimidne an ceadúnas saor in aisce, bíonn an léarscáil sin ar fáil saor in aisce, agus má íocann muid as, bíonn sí ar fáil do na síntiúsóirí,” a dúirt Paul Finlay.
Dúirt sé go mbaineann an leagan Gaeilge den aip atá le seoladh an tseachtain seo go príomha le comhéadan na haipe, ach go bhfuil sé ina brionglóid aige go mbeadh leagan Gaeilge den léarscáil féin ar fáil lá éigin amach anseo.
“Beifear in ann gach rud a dhéantar i mBéarla a dhéanamh i nGaeilge ach is iad na léarscáileanna céanna a bheidh ar fáil – cinn an OSi agus EastWest Mapping. Is é ár mian ná go n-aistreofaí an léarscáil ar fad, go n-aistreofaí an bhunléarscáil sin atá ag OSM. Ach mar a deir Barry Dalby [EastWest Mapping], tá ceist na logainmneacha casta.
“Tá fáil againn ar léarscáileanna iontacha ó na foilsitheoirí léarscáileanna ach beidh obair mhór i gceist in aistriú na logainmneacha ar fad.
“Déanann daoine dearmad cé chomh tábhachtach is atá na logainmneacha, tá ról ar leith acu i gcaomhnú ár n-oidhreachta agus ár staire. An mhórmhian a bheadh againn ná logainmneacha a chaomhnú ar an mbunléarscáil ar fud an domhain, ach bheadh obair aisteach i gceist leis sin.”
Is comhlacht beag Éireannach é Hiiker a bhunaigh Finlay nuair a thug sé féin faoi deara in 2019 nach raibh léarscáileanna sásúla digiteacha ar fáil do na slite slímharcáilte a raibh an-dúil aige iontu. Chrom sé ar cheann a dhearadh dó féin go príobháideach ach thuig sé go gairid ina dhiaidh sin go mbeadh éileamh ar a leithéid.
“Bhí mé ar an ollscoil agus ag obair i ngnólacht mo mhuintire in 2019 agus d’éiríodh rudaí beagán iomarcach ó go chéile. Bhuailinn amach faoin tír agus dhéanainn slite fada slímharcáilte – Slí Chorca Dhuibhne, Slí Chiarraí, Slí Chósta an Chlocháin agus a leithéid. Shiúlainn cosáin níos gaire don bhaile nuair a bhíodh lá saor agam anseo is ansiúd.
“Bhí an-spéis agam i gcúrsaí teicneolaíochta agus theastaigh uaim áis a chruthú dom féin a chabhródh liom leis an treoraíocht. Cheannaigh mé an ríomhaire glúine ba shaoire amuigh agus chruthaigh mé an chéad leagan den aip. Bhí mé chomh dall sin ar chruthú aipeanna nár fhéad mé í a chur ar m’fhón gan í a chur ar fáil go poiblí ar an App Store. D’aimsigh daoine eile ansin í agus thosaigh siad ag tabhairt aiseolais dom fúithi. Thuig mé ansin go mbeadh éileamh ar a leithéid ach é a dhéanamh i gceart,” a dúirt sé.
Fuair Finlay maoiniú trí scéimeanna éagsúla de chuid Enterprise Ireland agus an NDRC agus de réir a chéile thacaigh infheisteoirí eile leis an gcomhlacht, atá lonnaithe i nDroim Rí i gContae na Mí.
“B’in é é ina dhiaidh sin. Tháinig trí cheathrú milliún isteach agus chuir muid go mór leis an aip agus le bliain anuas tá sí i measc na 20 aip is mó a íoslódáladh in Éirinn agus i measc na 10 aip is mó a íoslódáladh sa Bhreatain. Tá sí ag fás lá i ndiaidh lae, agus tá muid dár mbrú féin chun cinn agus ag iarraidh feabhas mór a chur uirthi mar sheirbhís.”
Ba mhaith leis uirlisí a thabharfadh eolas faoi fhánaí agus faoin aimsir agus a leithéid a chur le Hiiker.
Cé go bhfuil an bunleagan de léarscáileanna Hiiker bunaithe ar OSM, tá imní ar Finlay faoin treo ina bhfuil an “léarscáilíocht phobail” ag dul agus deir sé go bhfuil “baol mór ann” go mbeifear ag brath an iomarca uirthi amach anseo.
“Tá muid in áit chontúirteach faoi láthair agus eagraíochtaí móra ag brath ar OSM le haghaidh léarscáileanna. Táthar ag brath ar aon bhunachar amháin a bhfuil duine ar bith in ann eagarthóireacht a dhéanamh air le léargas a fháil ar an bhfíordhomhan. Cuireann sé sin eagla orm agus sin an fáth a mbíonn muid ag obair le EW, OSi, an OS sa Bhreatain agus comhlachtaí mar iad.
“Tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeadh léarscáileanna saor in aisce agus oscailte ann ach tá sé chomh tábhachtach céanna go mbeadh fíordhaoine ann atá ag cinntiú a bhfuil ag tarlú sa bhfíordhomhan. Tá sé tarlaithe cheana go bhfuil teorainneacha ar pháirceanna náisiúnta athraithe ag daoine.
“An gcuirfidh tú leis an talamh atá i do sheilbh má athraíonn tú teorainn ar OSM? Ní chuirfidh, ach chuirfeadh sé bonn faoi d’argóint agus tú ag iarraidh a chruthú nach raibh cead slí ann riamh ná go mba leat leath-acra eile i gcónaí,” a dúirt sé.
Seán Mag Leannáin
Alt faisnéiseach spéisiúil.