Ceist Joe Brolly ar Gregory Campbell: ‘Why on earth would anyone have any hostility to the Irish language?’

Ag díospóireacht ag Féile an Phobail i mBéal Feirste aréir, dúirt Brolly gur cosúil le ‘bligeaird sráide’ na baill den DUP a bhíonn 'ag fonóid' faoi ‘Fenians’ agus faoin nGaeilge

Ceist Joe Brolly ar Gregory Campbell: ‘Why on earth would anyone have any hostility to the Irish language?’

Thug an tráchtaire peile aitheanta Joe Brolly léasadh teanga aréir do Gregory Campbell mar gheall ar a dhearcadh i leith na Gaeilge.

Agus é ag caint le linn na díospóireachta ‘West Belfast Talks Back’ ag Féile an Phobail i mBéal Feirste aréir, dúirt Brolly go bhfuil dearcadh “tarcaisneach, fonóideach” ag Campbell i leith na Gaeilge, dearcadh “nach chun leas na comhthuisceana” é.

“Why on earth would anyone have any hostility to the Irish language?” a d’fhiafraigh Brolly den pholaiteoir de chuid an DUP.

Thagair Brolly go sonrach don chonspóid a bhain leis an scigaithris a rinne Campbell i gComhthionól Stormont cúpla bliain ó shin ar an abairt ‘Go raibh maith agat, a Cheann Comhairle’. “Curry my yoghurt can coca coalyer,” a dúirt Campbell mar mhagadh le linn na díospóireachta sin i Stormont.

Dúirt Campbell aréir gur sheas sé lena chaint mhagúil faoin “token [Irish] curry my yoghurt stuff”.

Mhaígh sé nach ag magadh faoin nGaeilge a bhí sé ach faoi pholaiteoirí a úsáideann “manaí beaga Gaeilge ad nauseam” chun “olc a chur” ar dhaoine nach dtuigeann an teanga. Dúirt fear an DUP nár thuig daoine áirithe an “tuiscint don ghreann” a bhí aige.

“An fhadhb atá ann ná go bhfuil daoine áirithe ann agus níl siad greannmhar in aon chor, Gregory,” a dúirt Naomi Long ón bPáirtí Alliance a bhí ar phainéal díospóireachta Fhéile an Phobail chomh maith.

Dúirt Brolly go raibh caint Campbell faoin nGaeilge “páistiúil” agus gur “masla amach is amach a bhí ann”.

Dúirt an fear dlí agus caide go bhféadfaí an seicteachas sa Tuaisceart a mhaolú dá léireodh Campbell “ceannaireacht” dá phobal seachas a bheith “ag scaipeadh teachtaireachtaí diúltacha” agus ag “fonóid” faoin nGaeilge nó faoi na stailceoirí ocrais.

Joe Brolly

“Let the wee lads on the street corner do that, you’re an MP, a man of substance,” a dúirt Brolly.

Dúirt sé gur cosúil le “bligeaird sráide” cuid de bhaill an DUP.

“Nelson McCausland and all these guys, the sort of corner boys sniggering at the Fenians, the Irish language is a joke and all that,” arsa Brolly.

Dúirt an tráchtaire peile “nárbh aon bhaol d’éinne an Ghaeilge”.

Mhaígh Campbell go ndein sé scigaithris ar an teanga i Stormont mar chaitheamh anuas ar dhaoine a bhaineann “mí-leas go háiféiseach as an nGaeilge”.

“I stand over that and will repeat it,” a dúirt sé.

Is féidir éisteacht le díospóireacht na hoíche aréir anseo.

Fág freagra ar 'Ceist Joe Brolly ar Gregory Campbell: ‘Why on earth would anyone have any hostility to the Irish language?’'

  • Breathnóir

    Téann Joe thar fóir uaireanta, ach bhí an ceart ar fad aige sa chás seo.
    Is fearr le Gregory Campbell agus Sammy Wilson, mar shampla, bheith ag magadh faoi chultúr daoine eile ná a bheith ag cur moltaí dearfacha chun cinn don tsochaí.

  • Niall

    Bíonn Gregory ag magadh faoin Gaeilge mar tá fhios aige go bhfuil spéis mór ag daoine ins an teanga anois agus tá an teanga ag deanamh dul chun cinn. Tá an domhan ag athrú ach is mór an trua nach bhfuil Gregory fós reidh.

  • Cormac Ó Donnghaile

    Tá barúil agam go raibh an Ghaeilge ag sinsear Gregory féin, más comhartha ar bith a shloinne!
    Is sampla é Gregory den chineál diúltachas atá le sonraí i measc lucht an DUP i dtaca le rud ar bith atá Gaelach!