Céim eile chun cinn tugtha ag Mark O’Connor le Geelong

Dúirt céile imeartha O’Connor, Zach Tuohy, go bhféadfadh fear óg an Daingin a bheith ina chaptaen ar an bhfoireann AFL amach anseo

Céim eile chun cinn tugtha ag Mark O’Connor le Geelong

Tá fear Dhaingean Uí Chúis Mark O’Connor ag dul ó neart go neart sa pheil Astrálach agus ardú céime bainte amach aige lena chumann.

Agus na Geelong Cats ag fáil réidh do shéasúr nua, tá an t-imreoir as Gaeltacht Corca Dhuibhne roghnaithe mar dhuine den seachtar ceannairí a bheidh ag an bhfoireann ar pháirc na himeartha i mbliana.

Moladh mór atá san ainmniúchán do O’Connor, fear nár thosaigh ag imirt na peile Astrálaí go dtí an bhliain 2017.

Tá a dhíograis ar cheann de na buanna is mó a luaitear le O’Connor agus dúirt an fear féin gur spreagadh an dúrúch oibre sin ann agus é ag imirt le cumann peile Dhaingean Uí Chúis.

“Is dóigh gur tháinig [an díograis] ó mo chumann féin sa bhaile agus na daoine a bhí ann. D’oibríomar an-chrua agus cinnte, cheap mé féin gur taithí mhaith a bheadh ann,” a dúirt O’Connor agus é ag labhairt ar shuíomh gréasáin na Geelong Cats.

Tá peileadóir óg eile ón Daingean, Devidas Uosis, chun tabhairt faoin bpeil Astrálach níos deireanaí i mbliana agus beidh sé ag iarraidh aithris a dhéanamh ar dhul chun cinn Uí Chonchúir.

Tharraing O’Connor aird na scabhtaí AFL tar éis dó sárthaispeántais a thabhairt le Pobalscoil Chorca Dhuibhne agus le foireann mhionúir Chiarraí in 2014 agus 2015. Bhí sé ina chaptaen ar fhoireann bhuacach na Ríochta in 2015 ach deir sé féin gur thóg sé tamaillín air dul i dtaithí ar an spórt nua.

“Bhí sé an-deacair ag an tús. Náirigh mé mé féin cúpla uair – go leor uaireanta i ndáiríre!” a dúirt O’Connor. “Rinne mé dearmad go raibh an marc ann cúpla uair. Rinne mé dearmad ar an riail maidir leis an ngreamú, rudaí den sórt sin.”

Mar sin féin, ní raibh O’Connor ach san Astráil cúpla mí nuair a d’imir sé a chéad chluiche d’fhoireann shinsir Geelong san AFL agus tá sé imithe ó neart go neart ó shin. Bhí bliain iontach aige in 2019 nuair a bhain a chuid taispeántas do Geelong an-chlú amach dó.

Dúirt O’Connor gur mór an onóir dó an ról nua, cé nach n-athróidh sé an dearcadh atá aige.

“Tá sé iontach. Is ábhar mórtais dom é go bhfuil meas ar mo chomhpháirtithe orm ach ní athróidh sé mórán domsa. Bím tiomanta i gcónaí agus ní dóigh liom go n-athróidh sé sin mórán leis an ról nua seo.”

Beidh Zach Tuohy, Éireannach eile, i gcuideachta O’Connor sa ghrúpa ceannaireachta agus thug fear Laoise ardmholadh dó.

“Nuair a tháinig sé isteach, ní hamháin go raibh sé ag iarraidh imirt ach bhí sé ag iarraidh a bheith ar dhuine de na himreoirí ab fhearr ar an bhfoireann.

“D’fhéadfadh sé a bheith ina chaptaen ar an bhfoireann amach anseo cinnte. Tá na tréithe sin ann,” a dúirt Tuohy.

Fág freagra ar 'Céim eile chun cinn tugtha ag Mark O’Connor le Geelong'