Céim dochtúra oinigh bronnta ar Bhreandán Feiritéar ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh

Tá an craoltóir aitheanta ina measc sin ár bronnadh céimeanna oinigh orthu ag ceann de shearmanais bronnta céimeanna an gheimhridh san ollscoil inniu

Céim dochtúra oinigh bronnta ar Bhreandán Feiritéar ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh

Dr Ciarán Ó hÓgartaigh, Uachtarán, Ollscoil na hÉireann Gaillimh, Breandan Feiritéar agus an Dr Lillis Ó Laoghaire, Roinn na NuaGhaeilge

Bhronn Ollscoil na hÉireann, Gaillimh céim dochtúra oinigh inniu ar an chraoltóir aitheanta Breandán Feiritéar, iarCheannaire ar Raidió na Gaeltachta, ag searmanas san ollscoil inniu.

Rugadh Breandán Feiritéar i nDún Chaoin agus is céimí de chuid OÉ Gaillimh é. Bhí sé ar an gcéad bhuíon de chraoltóirí a cheap RTÉ chun Raidió na Gaeltachta a bhunú in 1972.

Is craoltóir raidió agus iarCheannaire Raidió na Gaeltachta é. Chomh maith leis sin, is léiritheoir teilifíse, scannán agus raidió é do RTÉ agus TG4.  Scríobh, léirigh agus stiúir sé gné-ailt agus cláir faisnéise ar Pheig Sayers agus na Blascaodaí, Inis Meáin, an gníomhaí teanga agus scoláire, Breandán Ó Buachalla, an file agus béaloideasóir, Tomás Ó Dalaigh as Ciarraí agus scéal eisimirceach na hÉireann go Minnesota agus Montana. 

Léiríonn a chláir raidió scéalta na ndaoine agus a bpobail agus scéal na n-imirceach a chaith iad a thréigean. Is léaspairt iad a chláir faisnéise físe ar shaol go mbeadh a chuimhne i léig murach iad.

Fág freagra ar 'Céim dochtúra oinigh bronnta ar Bhreandán Feiritéar ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh'