Ceiliúradh ar shaothar Bhiddy Jenkinson sa Taibhdhearc

Beidh caint agus ceiliúradh sa Taibhdhearc amárach agus scríbhneoirí agus scoláirí le plé le déanamh ar an bhfile agus scríbhneoir iomráiteach Biddy Jenkinson

Ceiliúradh ar shaothar Bhiddy Jenkinson sa Taibhdhearc

...
Mún Dreoilín i bhFarraigí Ama
An Taibhdhearc
Déardaoin, 23 Deireadh Fómhair [/infobox

Déanfaidh scríbhneoirí agus scoláirí ceiliúradh sa Taibhdhearc amárach ar shaothar Bhiddy Jenkinson, file, drámadóir, gearrscéalaí agus scríbhneoir do leanaí.

Naoi gcinn de leabhair filíochta atá tagtha ó pheann Biddy Kenkinson ó foilsíodh Baisteadh Gintlí i 1986.

Údar suntais dearcadh Jenkinson faoin aistriúchán agus í den tuairim nach gá go n-aistreofaí gach saothar a fhoilsítear i nGaeilge go Béarla, agus an Ghaeilge roghnaithe aici féin mar mheán cruthaitheach.

Tá an ócáid á reáchtáil ag Laoighseach Ní Choistealbha agus Louis de Paor agus í mar chuid d’imeachtaí Chomóradh 25 Bliain Ionad an Léinn Éireannaigh in Ollscoil na Gaillimhe.

Cuirfear tús leis an bplé agus an ceiliúradh maidin amárach, Déardaoin an 23 Deireadh Fómhair, ag 10pm sa Taibhdhearc i lár chathair na Gaillimhe agus leanfaidh sé ar aghaidh go dtí 4pm.

Is é an tOllamh Patrick Crowley, Ceann Scoile, Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na gCultúr a dhéanfaidh an seoladh oifigiúil agus ina dhiaidh sin beidh painéal cainte ansin agus Tríona Ní Shíocháin, Ollscoil na Gaillimhe sa gcathaoir.

Cuirfidh Ríona Ní Churtáin ón gColáiste Ollscoile Corcaigh caint i láthair faoin teideal ‘An t-úll ar bhois Éabha: Éabha agus Ádhamh i bhFilíocht Bhiddy Jenkinson’. Beidh súil á caitheamh ag David Wheatley ó Ollscoil Obar Dheathain ar an éiceolaíocht teanga i saothar Bhiddy Jenkinson ina chaint ‘Feochadán ar an nGaoth’.

Beidh an file Ailbhe Ní Ghearbhuigh, Coláiste na hOllscoile Corcaigh, ag caint ar ‘Gealtachas agus an Dúlra in Mal Dubh, Brídín Bhalbh is a gCúram’.

Cuirfear an dara painéal cainte i láthair tar éis am lóin agus is í an Dr Rióna Ní Fhrighil, Scoil na Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe a bheidh sa gcathaoir. Beidh Caitlín Nic Íomhair ó Ollscoil Mhá Nuad i láthair agus caint á tabhairt aici ar an ábhar ‘Mo Ghrá-Sa Mo Dhia’: Dánta Creidimh Bhiddy Jenkinson’. Ina dhiaidh sin cloisfear ó Chaitríona Ní Chléirchín, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath ar an ábhar ‘Mo chraiceann mná’: An Fhéiniúlacht Bhaineann i bhFilíocht Bhiddy Jenkinson’. Tabharfaidh Laoighseach Ní Choistealbha ó Ollscoil na Gaillimhe caint ar an ábhar ‘Pléisiúr an éiceachórais sna dánta ‘Ginko’ agus ‘Iníon Léinn i bPáras’’.

Beidh seisiún plé ann ag deireadh an lae, mar a mbeidh Louis de Paor agus Laoighseach Ní Choistealbha i mbun cathaoirleachta. Is iad Máirín Nic Eoin, Ollscoil Chathair Átha Cliath, Radvan Markus, Ollscoil Charle i bPrág, agus Máire Ní Annracháin, Coláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath a bheidh ar an bpainéal cainte.

Cuirfear léamh filíochta agus siamsaíocht ar bun i ndiaidh na gcainteanna le clabhsúr a chur ar an lá.

Fág freagra ar 'Ceiliúradh ar shaothar Bhiddy Jenkinson sa Taibhdhearc'