Ceiliúradh an Bhlascaoid slán agus leathnú á dhéanamh air

Pléadh fadhbanna maidir le tinreamh agus le teirce mhuintir na háite agus an dreama óig ag imeachtaí an Cheiliúrtha ag cruinniú sa Daingean aréir

Ceiliúradh an Bhlascaoid slán agus leathnú á dhéanamh air

Socraíodh ag cruinniú sa Daingean aréir, ar ar fhreastail suas le fiche éigin duine, go leanófaí ar aghaidh le tionól Cheiliúradh an Bhlascaoid sna blianta atá romhainn ach go leathnófar réimse na dtéamaí chun Corca Dhuibhne ar fad a chlúdach.

Cuireadh tús leis an gCeiliúradh sa bhliain 1996 ar mholadh ó Mhuiris Mac Conghail agus déanadh ócáid bhliantúil de, a  dhéanann comóradh ar ghné éigin de shaíocht nó de litríocht an Bhlascaoid gach bliain, agus tá  an Ceiliúradh á thionól gach bliain ó shin.

Foilsítear leabhrán d’imeachtaí an Cheiliúrtha gach bliain agus is leabharlann ann féin iad seo anois a thugann léargas leathan ar shaol an Bhlascaoid.

Ionad an Bhlascaoid i nDún Chaoin a bhí i mbun stiúrtha ar an gCeiliúradh sa chéad chúpla bliain agus ansin do cuireadh coiste le chéile a rithfeadh an Ceiliúradh agus a raibh baill ainmnithe ó Fhondúireacht an Bhlascaoid agus ó Oidhreacht Chorca Dhuibhne air chomh maith. Cuireann Oifig na nOibreacha Poiblí, ar leo an tIonad, deontas ar fáil gach bliain chun an Ceiliúradh a thionól.

Braitheadh le tamall anuas go raibh an ghaoth ag imeacht beagáinín as seolta an Cheiliúrtha agus tugadh roinnt daoine le chéile sa Daingean aréir chun an scéal a phlé.

Pléadh fadhbanna maidir le tinreamh agus le teirce mhuintir na háite agus an dreama óig ag imeachtaí an Cheiliúrtha.

Toghadh coiste nua agus bunaíodh fo-choiste liteartha agus beidh an chéad chruinniú ag an gcoiste nua go luath san athbhliain.

Fág freagra ar 'Ceiliúradh an Bhlascaoid slán agus leathnú á dhéanamh air'