Ceathrar cúisithe sa Rúis as ionsaí ar cheoláras i Moscó inar maraíodh beagnach 140 duine

Deir an grúpa An Stát Ioslamach, nó IS, gurbh iadsan a rinne an slad uafásach in Halla Cathrach an Crocus, ach tá iarracht á déanamh sa Rúis an milleán a chur ar an Úcráin

Ceathrar cúisithe sa Rúis as ionsaí ar cheoláras i Moscó inar maraíodh beagnach 140 duine

Tá ceathrar fear cúisithe sa Rúis as ionsaí a dhéanamh ar cheoláras i Moscó inar maraíodh ar a laghad 137 duine.

Cúisíodh an ceathrar, a raibh an chuma orthu go raibh léasadh faighte acu, as gníomh sceimhlitheoireachta a dhéanamh.

Dúirt an grúpa An Stát Ioslamach, nó IS, gurbh iadsan a rinne an slad uafásach i Halla Cathrach an Crocus agus chuir siad físeán amach mar fhianaise.

Tá na hionsaitheoirí le feiceáil ag lámhach daoine sa slua sa cheoláras san fhíseán.

Tugadh le fios ar chláir nuachta sa Rúis gurbh í an Úcráin a bhí freagrach as an slad Dé hAoine seo caite, maíomh, a dúirt údaráis na hÚcráine, a bhí “áiféiseach”.

Níl aon fhianaise curtha ar fáil ag na hoifigigh de chuid na Rúise a mhaígh go raibh baint ag an Úcráin leis an ionsaí.

Deir údaráis Stáit Aontaithe Mheiriceá gurbh é an Stát Ioslamach in Khorasan, Isis-K, craobh d’IS atá lonnaithe san Afganastáin, a rinne an t-ionsaí.

Níl aon ráiteas déanta ag lucht na Creimile faoin bhfianaise gurbh é an grúpa san Afganastáin faoin ndear an t-ionsaí.

Dúirt urlabhraí de chuid na Creimile Dmitri Peskov go raibh fiosrúchán fós ar siúl agus nach mbeadh aon ráiteas á dhéanamh faoin scéal dá réir.

As Tajikistan an ceathrar a bhfuil an gníomh sceimhlitheoireachta curtha ina leith –  Dalerdzhon Mirzoyev, Saidakrami Murodali Rachabalizoda, Shamsidin Fariduni agus Muhammadsobir Fayzov.

Dúirt Uachtarán na Fraince Emmanuel Macron gur léirigh an fhianaise gurb é an Stát Ioslamach a rinne an t-ionsaí agus gur beart “soiniciúil” a dhéanfadh níos mó dochair ná maitheas a bheadh ann iarracht a dhéanamh an milleán a chur ar an Úcráin.

Níl aon tagairt déanta go fóill ag Vladimir Putin d’IS sa chaint atá déanta aige faoin ionsaí ach dúirt sé gur ag iarraidh teitheadh go dtí an Úcráin a bhí na hionsaitheoirí nuair a gabhadh iad.

Idir an dá linn, chuir an Rúis tús lena tríú babhta ionsaithe diúracán ar Kyiv le cúig lá anuas.

Tá sé ina imní anois go mbainfidh Vladimir Putin leas as an ionsaí i Moscó chun géarú ar na hionsaithe atá á ndéanamh ar an Úcráin.

Fág freagra ar 'Ceathrar cúisithe sa Rúis as ionsaí ar cheoláras i Moscó inar maraíodh beagnach 140 duine'