‘Ceart vótála á bhaint’ de mhuintir Oileán Chléire

Tá vótálaithe ar Oileán Chléire buartha nach mbeidh siad in ann a vóta a chaitheamh san olltoghchán mar gheall ar a luaithe is a dhúnfar an t-ionad vótála san oileán

edf82d75-6e28-4729-91df-cec2a5310c08Tá fearg ar vótálaithe Oileán Chléire a bhíonn ag obair ar an míntír toisc go bhfuil a gceart vótála bainte díobh, a dúirt duine de mhuintir an oileáin le Tuairisc.ie inniu.

Tá srian níos doichte ar amanna vótála san oileán ná mar a bhíonn sa chuid eile den tír le seachadadh na mboscaí vótála chuig an ionad comhairimh a éascú. Chuige sin, dúnfaidh an t-ionad vótála, an scoil náisiúnta san oileán, ag 4 a chlog ar lá an olltoghcháin.

Tá roinnt daoine a bhfuil cónaí orthu san oileán ach a bhíonn ag obair ar an míntír buartha nach mbeidh siad sa bhaile sách luath lena vóta a chaitheamh.

Ciallaíonn sé seo nach féidir le héinne atá ag obair don ar an míntír agus atá ag filleadh ar bhád 17.30 vóta a chaitheamh. Mhol an Comharchumann go mbeadh deis vótála ag daoine atá ag filleadh abhaile i nDún na Séad ar feadh leathuair a chloig nó mar sin i láthair an Chinn Comhairimh ach níor glacadh leis an moladh,a dúirt Séamus Ó Drisceoil, fiontraí agus gníomhaí pobail ón oileán a mbíonn a bhean ag múineadh ar an míntír.

Dúirt an Ceann Comhairimh nach bhféadfaí an socrú a mhol an Comharchumann a chur i bhfeidhm mar chaithfí séala a chur ar an mbosca sula bhfágfadh sé an t-oileán agus nach bhféadfaí é a oscailt arís.

Dúirt Ó Drisceoil nach fadhb nua í seo ach go mbeidh tionchar aici ar i bhfad níos mó daoine i mbliana mar gheall ar an nganntanas fostaíochta atá san oileán. Tá níos mó daoine ag obair ar an míntír anois ná mar a bhí riamh, a dúirt sé. Ní bhíonn ach dhá bhád sa lá idir an míntír agus an t-oileán agus ní fhéadfadh duine a thógfadh bád na maidine agus bád tráthnóna in aon lá amháin ‘“lá ceart oibre’ ” a chur isteach.

Is mór an rud é do mhuintir an oileáin go mbeadh siad cláraithe anseo san oileán. Bítear bródúil as agus tugtar le fios go bhfuil daoine ina gcónaí anseo. Ní bheadh sé go maith don oileán dá mbeadh daoine ag clárú ar an míntír,a dúirt sé.

Bhí go dtí 3 a chlog inniu ag na hOileánaigh clárú do vóta poist.

Fág freagra ar '‘Ceart vótála á bhaint’ de mhuintir Oileán Chléire'