Níl maith ná maoin do thada ann, a d’abraítí go fuarchúiseach nó go maslach, i dteanga na nGael. Duine a raibh an saol ag dul amú air, nó a mbeadh treascairt ina bhealach. Ba bhocht an teist é ar dhuine.
Ach de réir mar a deireadh Micheál Ó Néill as Rinn Mhaoile i gConamara, ní raibh a leithéid de dhuine ann. ‘Tá bua agus údar gairme ag baint le chuile ghasúr scoile agus le chuile mhac máthar,’ a deireadh Micheál. Múinteoir a bhí ann i scoil Nead an Iolra ina cheantar dúchais. Ach, lena chois sin, ba ghníomhaí pobail iontach a bhí ann. Bhásaigh sé le gairid.
Ta lorg na hoibre a rinne Micheál greanta ar thírdhreach Chonamara – go fisiciúil, go sóisialta agus go heacnamúil. Bhí eolas air i bhfad agus i ngearr. Bua ag chuile ghasúr, a deireadh sé, agus brí agus buille i chuile phobal.
Is fíor sin uilig, ach is fíor freisin go ndéantar tomhas ar phobail, agus ar réigiúin, ar bhealaí fuarchúiseacha eacnamaíochta agus airgeadais. Ní hé amháin sin, ach cuirtear luach airgeadais ar chuile neach beo.
Céard is fiú muid sa ‘gcomhlacht’ seo, Éire Teo?
Is fiú, súil a chaitheamh ar na réigiúin atá leagtha amach ag an Eoraip (NUTS 3) – an Réigiún ó Dheas; an Réigiún Thoir agus Lár Tíre; agus Réigiún an Iarthair agus an Iarthuaiscirt. De réir céatadáin, tá bearnaí móra idir an leas airgeadais a dhéanann na réigiúin don eacnamaíocht: Baile Átha Cliath Thiar agus Thoir – 60%; an taobh ó Dheas – 32%; Iarthar agus Iarthuaisceart – 8%.
Nuair a roinntear luacháil airgid seo ar chuile dhuine beo sa bPoblacht tagann an pictiúr gar don tairseach:
Baile Átha Cliath agus Lár Tíre – €182,500 (BÁC) ag laghdú sna contaetha eile sa réigiún sin.
An réigiún ó Dheas – €108,230
An tIarthar agus Iarthuaisceart – €41,237
Déantar an roinnt de réir an daonra uilig – ón naíonán go dtí an duine is sine. Bunaítear na figiúirí ar an áit a saothraítear an t-airgead. Cuireann sin, mar shampla, le rachmas Bhaile Átha Cliath ar pháipéar, ach tagann na mílte isteach chuig an ardchathair as contaetha eile ag obair agus ag dul abhaile tráthnóna. Anois, ní mór cuimhneamh gur meánfhigiúirí réigiúnacha iad seo.
Anseo i gcontae na Gaillimhe, is fiú €53,000 an duine muid ach níor mhór tomhas níos mine a dhéanamh air sin. Baineann an luacháil atá orainn i nGaillimh go mór le fuinneamh na cathrach. Dá dtiocfá amach anseo go hiarthar Chonamara ba ghearr le dhul an téagar eacnamaíochta a bheadh ionainn; mar shampla, tagann os cionn 11% den airgead isteach sa taobh seo de Chonamara, as an bpinsean seanaoise.
Ach tá muintir na Gaillimhe féin, gan trácht ar na contaetha cois teorann (€32,000 an meán ansin), ina gcineál séideoigíní eacnamaíochta i gcomórtas le Baile Átha Cliath. Cuireann lucht na hardchathrach féin €182,000 in aghaidh an duine isteach in eacnamaíocht na Poblachta. Tá muid i measc na ‘mbochtán’ san iarthar agus gan mórán maitheasa, ná mórán maoine, ag baint linn ó thaobh na heacnamaíochta de. Is beag atá muid a dhéanamh don ‘chomhlacht’ Éire Teo i gcomórtas leis na comharsana soir uainn, agus ó dheas uainn.
Cén dochar?
Is cinnte go bhfuil rud amháin ag baint le cás an iarthair agus an iarthuaiscirt; níl an bhunchloch eacnamaíochta ag neartú go suntasach. Thug Coimisiún Forbartha an Iarthair suntas dó sin nuair a chuireadar amach tuarascáil cúpla bliain ó shin a bhain leis an gceathrú céid a bhí caite acu féin ag obair sa réigiún. Bhí athrú láidir sóisialta chun feabhais ar Chonnachta agus ar an iarthuaisceart, ach b’údar díomá don Choimisiún gur beag d’ardú a bhí ar an an GVA – an luach eacnamaíochta náisiúnta a bhain le muintir an réigiúin.
Ach nach bhfuil slat tomhais níos gnaíúla agus níos cothroime ann siar faoin tír?
Chreid Micheál Ó Néill agus a mhacasamhail go raibh bua ag chuile ghasúr agus buille i chuile phobal, ach na heacnamaithe a fhógróidh an mhaith agus an mhaoin atá ionainn don tír.
Agus ní mar a chéile muid ach a sroichtear an bhunlíne.
Fág freagra ar 'Céard is fiú muid sa ‘gcomhlacht’ seo, Éire Teo? Seo an bhunlíne…'