Céard is brí le ‘spill the tea’ agus cén Ghaeilge atá air? ‘Gaelingo’ – sraith nua le Tuairisc…

Sa tsraith nua Gaelingo ar Tik Tok cuirfidh an t-aisteoir Ciara Cox leaganacha Gaeilge ar fáil de nathanna Béarla a bhíonn in úsáid ag an aos óg

Céard is brí le ‘spill the tea’ agus cén Ghaeilge atá air? ‘Gaelingo’ – sraith nua le Tuairisc…

Tá tús curtha ag Tuairisc le sraith nua ar Tik Tok faoi nathanna nua-aimseartha Gaeilge.

Sraith ar mhaithe le cur le saibhreas na teanga í ‘Gaelingo’ atá á cur i láthair ag an aisteoir óg Gaeltachta Ciara Cox.

Comhrá idir ‘beirt Chiara’ atá sna físeáin ina bpléitear leaganacha Gaeilge de nathanna Béarla atá i mbéal an aosa óig.

Tháinig Cox ar an smaoineamh don tsraith le linn di a bheith ar thréimhse taithí oibre le Tuairisc.

@tuairiscnuacht Céard is brí le ‘spill the tea’ agus cén Ghaeilge atá air? ‘Gaelingo’ – sraith nua le Tuairisc… Sa tsraith nua Gaelingo ar Tik Tok cuirfidh an t-aisteoir Ciara Cox leaganacha Gaeilge ar fáil de nathanna Béarla a bhíonn in úsáid ag an aos óg #tuairisc #fyp #Gaelingo #Gaeilge #Gaeltacht ♬ original sound – Tuairisc

Ag labhairt di le Tuairisc, dúirt an t-aisteoir óg go raibh sí ag súil go mbainfeadh daoine sult as na nathanna Gaeilge nua ar Gaelingo agus “go mbainfeadh daoine údar astu”.

“Bíonn nathanna cainte i mBéarla in úsáid agamsa agus ag daoine óga eile agus bhí mé ag iarraidh go mbeadh leaganacha Gaeilge ar fáil dóibh.“Frasaí ar nós ‘Spill the tea’, ‘cap’ agus ‘era’ a chloistear go coitianta a bheas i gceist agus beidh leaganacha Gaeilge á bplé agam.”

Sa chéad fhíseán i Gaelingo, pléann ‘an bheirt’ Chiara “spill the tea”, rud a deir duine nuair atá nuacht nó eolas le roinnt.

Beidh Ciara Cox, a bhí le feiceáil sa phríomhpháirt sa tsraith drámaíochta Ella, a craoladh ar TG4 an samhradh seo, ag dul isteach sa chúigiú bliain i gColáiste Chroí Mhuire, an Spidéal an fómhar seo.

Más maith leat tuilleadh Gaelingo a chloisteáil, leanaigí muid ar Tik Tok.

Fág freagra ar 'Céard is brí le ‘spill the tea’ agus cén Ghaeilge atá air? ‘Gaelingo’ – sraith nua le Tuairisc…'

  • Brian

    Spill the beans! Abair liom an scéal!

  • Pól Ó Braoin

    Scaoil an cat as an mála!
    an-choitianta uilig.

    Lig an cat as an mála!