‘Céard é gallúnach?’ – an galar Alzheimer in aimsir an choróinviris

CUIMHNE AGUS DEARMAD: Colún míosúil faoin ngalar Alzheimer. Tá galar Alzheimer ar mháthair ár gcolúnaí – ach ar a laghad níl an oll-histéire atá á spreagadh ag an gcoróinvíreas á tolgadh aici

‘Céard é gallúnach?’ – an galar Alzheimer in aimsir an choróinviris

I lár na seachtaine seo caite, nuair a thosaigh an coróinvíreas ag scaipeadh go tréan ar fud na hEorpa, shíl mé gurbh fhearr dom a chinntiú go nífeadh mo mháthair, a bhfuil galar Alzheimer uirthi agus a bhfuil cónaí uirthi san Ísiltír, a lámha cúpla uair sa lá. Le gallúnach.

‘Gallúnach?’ a d’fhiafraigh sí díom, ag stánadh orm trí scáileán mo ghutháin phóca. ‘Céard é gallúnach?’

Chuaigh mé go dtí an seomra folctha i m’árasán féin agus thaispeáin barra gallúnaí di. Ansin d’iarr mé uirthi an doirteal sa chistineach, mar a mbíonn an ghallúnach de ghnáth i dteach mo mham, a thaispeáint dom le ceamara a gutháin phóca féin. Ní raibh radharc ar ghallúnach.

Anonn linn go dtí an seomra folctha i dteach mo mháthar go beo, mise ag tabhairt treoracha di trí fhísghlaoch ón mBrasaíl, mar a bhfuil cónaí orm féin. Tar éis dhá nó trí nóiméad ag cuardach d’aimsigh muid barra gallúnaí úrnua. Ar ais go dtí an chistineach i dteach mo mham linn, áit ar iarr mé ar mo mháthair a lámha a ní. Chuala mé an sconna agus thaispeáin sí an sobal ar a lámha dom, ag gáire faoin aghaidh dháiríre a bhí orm.

Nuair a bhí a lámha triomaithe aici agus í ina suí ar an tolg d’fhiafraigh mé di an raibh cloiste aici faoin gcoróinvíreas.

‘Tá,’ a dúirt sí. ‘Chonaic mé rud éigin faoi ar an teilifís. Tá an rud céanna cearr le gach duine agus atá liom féin, nach bhfuil? Tá chuile dhuine bailithe aisteach sa chloigeann.’

Ar feadh soicind, shamhlaigh mé diostóipe ina mbeadh galar Alzheimer ag scaipeadh ar fud an domhain ar luas lasrach, ó dhuine go duine, mar atá an coróinvíreas. Mhúch mé an smaoineamh sin.

‘Ní hea, a mham,’ a dúirt mé agus mhínigh di gur dhá rud éagsúil iad an dá ghalar.

Anois agus ceithre nó cúig lá caite ón gcomhrá sin, is maith a thuigeann mo mháthair scéal an choróinvíris. Bíonn sí ag breathnú ar an teilifís agus ag éisteacht leis an raidió. Tá an scéal mínithe uair nó dhó (nó trí) di ag mo dheartháir óg, ag m’aintín agus ag na cúramóirí baile lena chois.

Ach tá mise ag ceapadh go raibh pointe maith ag mo mháthair nuair a dúirt sí go bhfuil gach duine bailithe aisteach sa chloigeann. Mairimid i ndiostóipe faoi láthair ina bhfuil scaoll, smacht sóisialta agus seanmóireacht i réim. Sochaí ina ndéantar creach ar ollmhargaí agus bagairtí baghcait ar ghnóthaí nach bhfuil ag cloí le treoirlínte nach bhfuil leagtha síos go fóill ag an rialtas. Sheiceáil mé seo le dlúthchara liom ar síceolaí é: ollhistéire an téarma cruinn don ghalar a bhfuil greim aici ar an aigne choiteann i láthair na huaire. An próiseas síceolaíoch ceannann céanna agus an ceann ba chúis leis an uileloscadh. Ar ndóigh, nílim ag rá gur ionann graifítí leis an téacs ‘Wash your hands!’ ar fhuinneog i mBaile Átha Cliath sa bhliain 2020 agus comharthaí ‘Juden raus!’ i bhfuinneoga chathracha na Gearmáine sa bhliain 1938. Ach ná bíodh dul amú orainn: is é an próiseas síceolaíoch ceannann céanna atá taobh thiar den dá rud.

Bhí imní orm féin agus mo dheartháir óg ar feadh tamaill go bhfaigheadh an ollhistéire seo greim ar mo mháthair. Go dtiocfadh scaoll uirthi féin agus go ndéanfadh sí creach ar an ollmhargadh áitiúil.

Ach níor ghá dúinn a bheith buartha. Fiú agus í ag breathnú ar an teilifís agus ag éisteacht leis an raidió an t-am ar fad, níl aon scéin ar mo mháthair. Tuigim cén fáth. Ó fhoinsí iontaofa amháin a fhaigheann sí an scéal. Ní bhacann sí leis na meáin shóisialta (le bheith fírinneach, ní thuigeann sí gurb ann dóibh). Tá galar Alzheimer uirthi – ach ar a laghad ar bith, níl aon bhaol ann go dtolgfaidh sí galar na hollhistéire ó Twitter, WhatsApp agus Facebook.

‘Tá an lá go hálainn,’ a dúirt sí ar maidin, tar éis dúinn an nuacht is déanaí faoin víreas a phlé inár bhfísghlaoch laethúil. ‘Tá mé ag ceapadh go ngabhfaidh mé amach ag rothaíocht.’

‘Déan sin,’ a dúirt mé. ‘Sula gcuirfidh siad cosc air sin freisin.’

Fág freagra ar '‘Céard é gallúnach?’ – an galar Alzheimer in aimsir an choróinviris'