Spéir dhorcha a theastódh le cineál eile turasóirí a mhealladh go Conamara agus tá feidhmeannaigh Chomhairle Chontae na Gaillimhe leagtha ar chuidiú leis. Tá na spéartha dorcha tarraingthe anuas sa gcéad leagan de Dhréachtphlean Forbartha Chontae na Gaillimhe 2022-2028. Deirtear sa Dréachtphlean gur cheart féachaint le háiteacha cóiriúla a réiteach i gConamara sa gcaoi agus go bhféadfadh daoine a dhul amach chuig na láithreacha seo san oíche ag breathnú ar réalta Bhealach na Bó Finne agus ar réalta eile na spéire. Níl mórán “truailliú solais” i gConamara, a dúradh. Dorchadas iomlán a theastódh sna spotaí seo agus deirtear freisin – má bhí gá lena rá – go dteastódh spéir ghlan.
Cáipéis mhór é an Dréachtphlean seo; an ceann is iomláine ariamh dá leithéid, b’fhéidir, atá curtha amach ag Comhairle Chontae na Gaillimhe. Idir spéartha dorcha, athrú aeráide agus laghdú ar lorg carbóin an chontae, tá ábhair sa Dréachtphlean seo nár facthas mórán cheana i bPleananna Forbartha i nGaillimh.
Réitítear an chéad dréacht de Phlean an Chontae faoi scáth na bhfeidhmeannach agus na bainistíochta. Cuirtear an chéad dréacht sin faoi bhráid an phobail níos deireanaí ach beidh na Comhairleoirí Contae dá phlé roimhe sin.
Ag an tráth sin a thabharfar an Dréachtphlean ar ais “ar an talamh”.
Cé go mbíonn trácht chuimsitheach agus eolas maith sa Dréachtphlean faoi ghnéithe go leor de shaol an chontae is ar chúrsaí ceadúnas pleanála is mó a bhíonn béim agus ó tharla gur contae tuaithe é Gaillimh (ní bhíonn an chathair i gceist sa bPlean Contae) bíonn ceist na pleanála faoin tuath ina hábhar teasaí díospóireachta go minic.
Ar shráidbhailte agus ar bhailte móra is mó atá an bhéim mar cheantair mhaireachtála sa gcáipéis seo. Moltar gur cheart na sráidbhailte a neartú agus luaitear gur féidir le daoine a rachaidh chun cónaithe sna sráidbhailte blas na tuaithe a bheith ar an saol acu, freisin.
Tá sé mar pholasaí nach gceadófaí tithe astu féin faoin tuath ach do dhaoine a bhfuil ceangal láidir teaghlaigh, nó feidhm eacnamaíochta acu sa bpobal áitiúil. Tá sruth smaointeoireacht na haimsire in aghaidh na dtithe tuaithe ann freisin, agus é ráite go scaoiltear truailliú amach san aer de bharr go gcaitear carranna a úsáid amach faoin tír, agus go bhfuil dochar aeráide ag baint leis sin.
Beidh an téarmaíocht faoi dhlúthbhaint a bheith ag duine le heacnamaíocht na tuaithe ina cnámh spairne. Feictear an téarmaíocht “functional dependency” (feilméaracht an sampla is láidre) san bhfoclaíocht. Is cosúil go gcaithfeadh do phríomhshlí mhaireachtála a bheith bunaithe ar shaol na tuaithe. Tá ionadaithe poiblí ann a chreideann gur slat é seo a choinneoidh go leor daoine ó dhoras faoin tuath go háirithe i gceantair atá gar go maith do chathair na Gaillimhe. D’fhéadfadh ceantair ar nós Bhearna, siar i dtreo an Spidéil agus soir is dtreo Bhaile Chláir na Gaillimhe a bheith sa réimse seo.
Tá idirdhealú á dhéanamh sa bPlean – mar a bhíodh roimhe seo – idir ceantair atá i bhfoisceacht tuairim 30 ciliméadar don chathair agus ceantair atá uaidh sin siar nó soir i dtreo theorainneacha an chontae. Bíonn níos mó deis ar theach faoin tuath a thógáil sna ceantair imeallacha, ach sin go teoiriciúil i gcás Chonamara. Luaitear ceithre rannóg tábhacht timpeallachta sa Dréachtphlean; is beag mairg a chuirfidh rannóg uimhir 1 (an chuid is mó d’oirthear na Gaillimhe) ar iarrthóir ar chead pleanála. Ach cuirfidh rannóga 2, 3, 4 driseacha cosáin ar iarratais sa chuid is mó d’iarthar na Gaillimhe. Rannóg uimhir 4 an ceann is tábhachtaí uilig agus is deacair a dhul thairsti. I dtuaisceart Chonamara agus ar Oileáin Árann atá an chuid is suntasaí acu sin. Sa mullach air sin, tá branda caomhnaithe SAC ar 70% de Chonamara. Fágann sin go bhfuil costas – tuairiscí eolaíochta agus timpeallachta mar shampla – agus constaicí móra sa mbealach ar dhaoine a bheidh ag iarraidh cead pleanála ar thithe astu féin faoin tuath, as cathair na Gaillimhe siar.
Céard faoi shráidbhailte sa gcás sin?
Tá meastacháin déanta sa Dréachtphlean ar shráidbhailte a bhfuil seirbhísí séarachais iontu. Mar shampla, beagán le cois 16% de mhéadú atá le theacht ar dhaonra shráidbhailte na Ceathrún Rua agus an Spidéil idir seo agus 2028 de réir na meastachán seo.
Meastar go mbeidh 150 duine breise – le hais mar atá ann anois – ar an gCeathrú Rua faoin tráth sin. D’fhágfadh sin go mbeadh an daonra ansin ag teannadh le 1,000 duine faoin mbliain 2028. Meastar go dtógfar 60 teach nó árasán ar an gCeathrú Rua idir seo agus sin.
237 duine a bhí ina gcónaí i sráidbhaile an Spidéil de réir an Daonáirimh is deireanaí. Measann an Chomhairle Contae go mbeidh 116 duine breise ann faoin mbliain 2028 agus go dteastóidh 55 teach nó árasán nua.
Istigh le timpeallacht chathair na Gaillimhe atá Bearna curtha sa gcomhaireamh agus meastar go mbeidh 750 duine eile tagtha chun cónaithe ansin faoin mbliain 2028 agus go dteastóidh 300 aonad nua cónaithe le freastal ar an méadú sin.
Ach, sa gcás agus nach bhfuil córas poiblí séarachais i sráidbhaile, tá coinníoll molta sa dréachtphlean nach gceadófaí níos mó ná cúig theach ar eastát beag agus córas séarachais dá chuid féin ag chuile theach acu. Níl sé soiléir fós gur féidir níos mó ná eastát amháin acu seo a thógáil i sráidbhaile gan córas séarachais. Bheadh formhór na sráidbhailte, nó “ceantair lonnaithe” i gConamara sa rannóg sin.
Is beag athrú, de réir dealraimh, atá ar chúrsaí na Gaeltachta in iomláine sa
Dréachtphlean. Beidh an deis ann i gcónaí ag daoine as taobh amuigh iarratas a dhéanamh ar theach a thógáil faoin tuath sa nGaeltacht má chruthaíonn siad go bhfuil Gaeilge mhaith acu agus go gcuirfidh siad le saol agus le cultúr an cheantair.
Beidh go leor plé le déanamh i rith na bliana seo ar Dhréachtphlean Forbartha Chomhairle Chontae na Gaillimhe ach tá rud amháin soiléir – beidh bainistíocht na Comhairle ag coinneáil le polasaí náisiúnta an chórais phleanála: sin bac láidir a chur ar thithe faoin tuath. Beidh na Comhairleoirí Contae ar a mhalairt poirt.
Beidh daoine óga sa nGaeltacht atá ag iarraidh fanacht ina gcomharsanacht féin i ladhar an chasúir agus d’fhéadfadh sé gur spéartha dorcha a bheadh rompu.
Fág freagra ar 'Céard atá i nDréachtphlean Forbartha na Gaillimhe?'