Céard a chiallaíonn bua AKK don Eoraip – agus dúinne?

Léiríonn na figiúirí go bhfuil príomhpháirtí na Gearmáine, an CDU, scoilte, agus mar sin gurb é an chéad jab a bheidh le déanamh ag an gceannaire nua Annegret Kramp-Karrenbauer ná an páirtí a aontú

Céard a chiallaíonn bua AKK don Eoraip – agus dúinne?

Chualathas  osna faoisimh ar fud na hEorpa nuair a tháinig an scéala gur éirigh le Annegret Kramp-Karrenbauer (nó AKK mar a thugtar uirthi) ceannaireacht an CDU, príomhpháirtí na Gearmáine, a bhaint amach.

Ach ba ar éigean a bhí an bua aici i gcoinne Friedrich Merz (51.8%  in aghaidh 48.2%)  a bhí ag iarraidh an páirtí a bhogadh go mór i dtreo na láimhe deise.  Tá AKK ag iarraidh seasamh le hoidhreacht, dearcadh is polasaithe Angela Merkel.

Mar sin féin, tá comharthaí ann go dteastaíonn ó AKK seasamh níos láidre a thógáil ar cheist achrannach na hinimirce, agus í ag iarraidh vótaí a mhealladh ar ais ón AfD, páirtí atá i bhfad amach ar an eite dheis, agus  an CDU féin a aontú.

Is cosúil go mbeidh guth láidir ag Merz sa bpáirtí nua, agus ag Jens Spahn, iarrthóir eile den eite dheis a fuair 16% den vóta ar an gcéad chomhaireamh.

Tá fáilte á cur go ciúin roimh bhua AKK ag bunaíocht na hEorpa mar tugann sé le fios go mbeidh seasmhacht pholasaí ann sa Ghearmáin is go bhfanfaidh an tír dílis d’oidhreacht Merkel is don iarracht dul i dtreo dlúthú níos láidre a dhéanamh san Aontas.

Ach ní léir go mbeidh sé éasca bundeacrachtaí chóras polaitiúil na Gearmáine a réiteach, mar tá go leor dá gcuid tacaíochta á cailliúint ag an dá pháirtí is mó go traidisiúnta, an CDU agus na daonlathaigh shóisialta (SPD). Cabhróidh na fadhbanna sin ní hamháin leis AfD ar an eite dheis, ach leis na Glasaigh sa lár agus, i gcás fadhbanna an SPD, cabhróidh a ndeacrachtaí go háirithe le Linke, páirtí d’iarchumannaigh agus de shóisialaigh nach bhfuil sásta le forlámhas lucht an rachmais a thuilleadh.

Níl aon chosúlacht ann go réiteoidh bua AKK na deacrachtaí sin, agus mar sin tá ceist mhór ann faoin ról a d’fhéadfadh a bheith ag an nGearmáin  i bpolaitíocht na hEorpa sna blianta beaga seo romhainn.

Mar is eol dúinn, tá a cuid deacrachtaí féin i ndán don Eoraip freisin: an Breatimeacht; teip Macron sa bhFrainc; cur i gcoinne an pholasaí inimirce go forleathan, easaontas faoin socrú nua cánach; agus, thar aon rud, bagairt úrnua ó na Stáit Aontaithe.

Tá uachtarán SAM, Donald Trump, ag iarraidh féachaint chuige go gcloífeadh an Eoraip lena mhianta féin– i gcás na hIaráine agus i gcás na Síne, go háirithe.

Is é an bata mór atá in úsáid ag Trump ná greim Mheiriceá ar an gcóras airgid agus an dollar mar airgeadra idirnáisiúnta malartaithe.

Agus tá faitíos ar lucht gnó freisin. Eascraíonn an imní sin as gabháil phríomhoifigeach airgeadais Huawei, Meng Wanzhou, i gCeanada tar éis do SAM iarraidh go n-eiseachadfaí go dtí na Stáit Aontaithe í agus í á cúiseamh as calaois airgid ina gnó leis an Iaráin.

Gabhadh í díreach tar éis do Trump aontú leis na Sínigh go gcuirfí an cogadh trádála idir an dá thír ar fionraí ar feadh 90 lá.  Is léir nach fiú uisce na gcos an t-aontú sin.

Tá caint ann san Eoraip mar sin gur chóir airgeadra eile a chur chun cinn chun an ról idirnáisiúnta seo a imirt. Ach an bhfuil an tAE láidir a dhóthain chun a leithéid a dhéanamh?

Ag an am céanna, tá an tSín ag smaoineamh ar chomhghuaillaíócht nua idirnáisiúnta le tamall, agus tá an Rúis ag moladh an pholasaí sin le fada. Tá na BRICS (an Bhrasaíl, an Rúis, an India, an tSín agus an Afraic Theas) aontaithe cheana féin ar a shon sin, ach braitheann an plean ar na Sínigh a bhí ag iarraidh fanacht go bhfeicfidís an raibh aon rogha eile ann.

Ar ndóigh, ní féidir brath ar an mBrasaíl a thuilleadh ó toghadh Bolsonaro, ach i bhfianaise an droch-chaidrimh atá idir an tSín agus na Stáit Aontaithe, tá an rogha sin ar an mbord cinnte, dá mhéad déistin a chuirfidh sé ar Ashoka Mody, iar-oifigeach de chuid an IMF.

Ach cá seasfaidh AKK?

Bheadh na Meiriceánaigh in ann brath ar Mherz, ach níl an oiread sin meas ag Merkel ar dhearcadh Trump agus ní cosúil go bhfuil ag AKK ach an oiread,

Léiríonn na figiúirí go bhfuil an CDU scoilte, agus mar sin gurb é an chéad jab a bheidh le déanamh ag AKK an páirtí a aontú.

Tá an chosúlacht air mar sin nach mbeidh sé ar a cumas mórán a dhéanamh, sa nGearmáin, san Eoraip nó ar an stáitse idirnáisiúnta, is nach bhfuil bainte amach aici dáiríre ach Merz a choinneáil ó chumhacht.

Ach i bhfianaise na bhfadhbanna móra seo, is cosúil nach mbeidh an oiread sin fuinnimh aici a bheith róbhuartha faoin mBreatimeacht agus an idirbheartaíocht a bheas ann le himeacht gan mhargadh a shocrú.

Feicfimid.

Fág freagra ar 'Céard a chiallaíonn bua AKK don Eoraip – agus dúinne?'

  • Conchubhar Ó Dálaigh

    Tubaiste ghlan don domhan a bheadh in aon chomhghuaillíocht nua idirnáisiúnta idir na BRICS – samhlaigh an cos-ar-bolg, siar-leanúint leictreonach ar shaoránaigh, sárú conarthaí idirnáisiúnta, neamhaird ar chearta daonna bunúsacha a thiocfaidh as..!

    Maidir le Ashoka Mody… Tá seisean ag díriú a haird 100% faoi láthair ar dhíolachán a leabhar ‘EuroTragedy’ faoi thubaiste eile (mar a fheictear dó)… Is díoltóir taistil seachas eacnamaí é! Tá Mody tiomanta a chruthú nach bhfuil an ceart ag Martin Sandbu – údar leabhair i bhfad níos dóchasaí faoin Euro… (Europe’s Orphan The Future of the Euro and the Politics of Debt – mholfainn go hard é…). Thug Sandbu óráid fiúintach i mBÁC anuraidh ar an ábhar sin… Féach ar: https://www.youtube.com/watch?v=LC_24vqB6fw.

    Léiríonn Mody an oiread céanna Schadenfreude faoi fhadhbanna na hEorpa (“geilleagar na Gearmáine ag dul i léig” srl.) is a léiríonn EÓM, údar an ailt seo, agus é ag iarraidh cur i gcoinne ‘forlámhais lucht an rachmais…’ .

    É sin ráite, is EÓM an t-aon tráchtaire dáiríre go bhfios dom i saol na Gaeilge a bhfuil an crógacht aige a chuid tuairimí ar chúrsaí idirnáisiúnta a nochtadh os comhair an phobail ar bhonn rialta, lena cheart a thabhairt dó.

    Ag súil le tuilleadh san athbhliain.