Céard a cheapfadh James Connolly faoin mBreatimeacht?

Bheadh Séamas Ó Conghaile i lár an chatha anois ag iarraidh neamhspleáchas na tíre seo a chosaint ar ollsmacht Aontas na hEorpa

Céard a cheapfadh James Connolly faoin mBreatimeacht?

Dá mbeadh an ceannaire mór sóisialach Séamas Ó Conghaile beo inniu céard a cheapfadh sé faoin socrú a rinne muintir na Breataine imeacht as Aontas na hEorpa? Ní raibh amhras ar bith ar an Dr. Anthony Coughlan faoi fhreagra na ceiste sin agus é ag caint an oíche faoi dheireadh i leabharlann chathair na Gaillimhe.

Bheadh Séamas Ó Conghaile lánsásta leis an gcinneadh a rinne siad, a dúirt sé.

Leabhar a bhí á seoladh faoi shaol agus faoi shaothar Shéamais Uí Chonghaile. Eagrán nua atá inti den leabhar a scríobh Desmond Greaves faoin gConghaileach. Tá réamhrá ag Anthony Coughlan san eagrán nua.

Ba iad Cumann Liam agus Thomáis Uí Fhlaithearta a d’eagraigh an ócáid. Bhí tionchar an-mhór go deo ag teagasc Uí Chonghaile ar an mbeirt scríbhneoirí móra as Árainn.

Bhí Tomás Ó Flaithearta ar dhuine de bhunaitheoirí Pháirtí Cumannach Mheiriceá agus chaith sé roinnt blianta ina cholúnaí laethúil ar nuachtán an Pháirtí an “Daily Worker”. Bhí Séamas Ó Conghaile ina laoch aige agus scríobh sé cuid mhaith faoi.

Fear é Anthony Coughlan a d’oibrigh go dlúth le Desmond Greaves. Is eisean seiceadóir liteartha Desmond Greaves anois.

Sasanach ba ea Greaves ach ba mhór é a shuim i gcónaí i gcúrsaí na hÉireann, go mór mór sa gcos ar bolg a bhí ar bun sna Sé Chontae.

Chaith Greaves blianta ina eagarthóir ar nuachtán sóisialach i Londain an ‘Irish Democrat’ agus bhíodh sé seasta síoraí ag tathant ar na ceardchumainn agus ar ghluaiseacht an lucht oibre sa mBreatain staidéar a dhéanamh ar chás na Sé Chontae.

Ba é an teagasc a bhí aige dá bhféadfaí cothrom na Féinne a bhaint amach don dream a bhí faoi leatrom ó thuaidh go dtiocfadh athaontú na hÉireann as sin de réir a chéile.

D’aontaigh Anthony Coughlan go huile agus go hiomlán leis . Chuidigh seisean le Gluaiseacht Chearta Sibhialta an Tuaiscirt ón tús. Bhí sé ar an gcéad mháirseáil a bhí ag an nGluaiseacht as Oileán an Ghuail go Dún Geanainn agus bhí sé i nDoire an lá ar ionsaigh na póilíní na léirseoirí. Chuir fear ceamara as RTE an t-ionsaí ar an teilifís agus rinneadh scéal mór de ar fud an domhain.

Mheabhraigh Coughlan an oíche faoi dheireadh go raibh triúr feisirí parlaiminte as an mBreatain i nDoire an lá céanna. Toradh a bhí ansin ar obair Desmond Greaves agus a chairde in imeacht na mblianta.

Ach le filleadh ar an meon a bheadh ag Séamas Ó Conghaile faoin mBreatimeacht is é míniú Anthony Coughlan ar an dearcadh a bheadh aige gur thuig Ó Conghaile i gcónaí an ceangal is ceart a bheith idir an náisiúnachas agus an sóisialachas. D’fhéach sé le náisiún na hÉireann a dhealú ó impireacht na Breataine lena linn, a dúirt sé, agus bheadh sé i lár an chatha anois ag iarraidh neamhspleáchas na tíre seo a chosaint ar ollsmacht Aontas na hEorpa.

Focal tarcaisne é an focal náisiúnachas ag cuid de na daoine faoi láthair, a dúirt Coughlan , ach is mór dá gceann atá folamh. As náisiúnachas a thagann idirnáisiúnachas, ar seisean.

Maidir leis an dream a chreideann go bhfuil ré an náisiúnachais thart, ba cheart dóibhsean a dhul i mbun staidéir arís freisin, a dúirt sé. Nuair a bunaíodh na Náisiúin Aontaithe ní raibh ach 51 tír san eagraíocht sin. Tá 191 tír sna Náisiúin Aontaithe anois.

Fógrófar tuilleadh náisiún amach anseo, a dúirt Coughlan. Labhraítear 100 teanga sa Nigéir cuir i gcás. Cé mhéad náisiún a thiocfas chun cinn ansin sna blianta atá romhainn?

San Eoraip féin tá Catalónaigh, Albanaigh, Bascaigh, Corsacaigh agus dreamanna eile ag cur gothaí náisiúnachais orthu féin.

Maidir le hAontas na hEorpa, níl amhras ar bith ar Anthony Coughlan nach ollstát atá ar intinn ag an dream atá ina bhun. Ag caint ar arm Eorpach atá siad anois.

An Ghearmáin agus an Fhrainc atá ag rialú cúrsaí.

Ag an nGearmáin is mó atá an chumhacht tionsclaíochta ach níl aon chead ag na Gearmánaigh buama adamhach a bheith acu. Tá sin ag na Francaigh agus céard is fiú ollstát ar bith gan buama adamhach?

Tá sóisialaigh shaonta in Éirinn a chreideann gur trí Aontas na hEorpa a thiocfaidh sóisialachas láidir chun na tíre seo. Ní dóichí é. Tharraing Coughlan aird arís ar “cheithre shaoirse” an Aontais mar a thugtar orthu — saorghluaiseacht caipitil, seirbhísí, earraí agus oibrithe. De réir a chéile, a dúirt sé, tá daoine ag teacht ar an tuiscint nach é a leas an leagan amach sin.

Níl an mhíshástacht ach ina tús, feictear dósan.

Fág freagra ar 'Céard a cheapfadh James Connolly faoin mBreatimeacht?'

  • Donncha

    Go mbeadh James Connolly sa gcampa céanna le Farage agus Boris Mhic Sheáin?

  • Concubhar Ó Liatháin

    Fantasaíocht seachas trachtaireacht stuama é seo ó Sheosamh. Cá bhfios cad a cheapfadh James Connolly faoin Aontas Eorpach agus na cearta d’oibrithe atá gnóthaithe mar gheall go bhfuilimíd in aontas le tíortha eile na hEorpa?
    An bhfuil Anthony agus Seosamh araon sásta leis an imeallú breise a tharlódh d’Éirinn i gcás go bhfagfaimís an Aontas Eorpach anois agus an dtuigeann siad gurb iad na h-oibrithe is mó a bheadh thíos leis? Tuigim cén fath nach mbeadh Boris nó Nigel buartha – ní h-iad cáirde na n-oibrithe. Ach Seosamh agus Anthony?

  • Briotaílimeacht

    Cén fáth a dteastaíonn ón mBreatain imeacht as an AE? Mar gheall ar náisiúnachas, ab ea?
    Sasanaigh atá ina bhun, dream a chleacht cead a gcinn a bheith acu riamh, a bhfuil a dtóin amuigh mar gur chailleadar sin agus a dteastaíonn uathu a nAontas féin a neartú aríst.
    Is críonna an té a déarfadh cén seasamh a bheadh ag an gConghaileach ach dá bhfeicfeadh sé an bhail a chuir FF, FG agus Lab ar an tír is cinnte go mbeadh sé an-heaipí! Níl ag an gCochlánach, fearacht an té a scríobh an t-alt seo, ach tuairmíocht agus a chuid tuairmí liostáilte faoi ualach a chuid claontachta. Níl ann mar a deir sé ach ‘seiceadóir’! Nach b’in é do dhóthain!

  • An Teanga Bheo

    “Taking back control” a deir an Bhreatain agus i saite isteach i chuile cóilineachtaí thar lear agus Farage ag obair san Eoraip mar MEP ar shon na Breataine,
    Cearta saoránaigh na Eorpa i mbaol gan saor thaisteal ann nios mó etc ?????????